Skip to main content

Misin Reatha

Tá Óglaigh na hÉireann rannpháirteach faoi láthair i roinnt misean ar fud an domhain lena mbaineann thart ar céad Pearsanra ó gach brainse. Tiocfaidh athrú ar an uimhir sin chun 440 pearsanra a mbeidh rannpháirteach sa mhisean nua chun na Liobáine a dheimhnigh an tAire Cosanta ag an am sin a chur san áireamh.

Is iad seo a leanas na réimsí imscartha:

Imscaradh san Afraic

Misean na Náisiún Aontaithe don Reifreann sa Sahára Thiar

MINURSO - 20 Meán Fómhair 1991 - go dtí seo
Tagann imscaradh MINURSO ó dhíospóid a bhain le Sahára na Spáinne, tráth dá raibh, atá suite ar Chósta Thiar Thuaidh na hAfraice, idir Maracó, an Ailgéir, an Mháratáin agus an tAigéan Atlantach.

Nuair a d'fhág na Spáinnigh i lár na -1970í, D'fhógair Polisario, gluaiseacht náisiúnach ar a raibh an-mheas, stáit neamhspleách, Poblacht Daonlathach Arabach Saharwi (SADR). Thug an Ailgéir tacaíocht do Polisario ach bhí éileamh críche ag Maracó agus ag an Mháratáin ar an gcríoch ar bhonn chearta stairiúla. Ghluais trúpaí Mharacó isteach agus ghlac siad seilbh ar thuaisceart na críoch.

Rinne na Máratánaigh ionradh aneas ach buadh glan orthu ag colúin ríthapa Polisario. I 1977, i ndiaidh coup d'état treascraíodh rialtas na Máratáine, agus thréig an rialtas nua an t-éileamh ar aon chuid den chríoch achrannach. Ghabh an Maracó iarchrioslach na Máratáine go díreach ina dhiaidh sin.

Faoi 1985, agus 100,000 trúpaí sa limistéar acu, rinne Maracó balla 1,400km ar fad, cúig mhéadar ar airde déanta de ghaineamh, clocha agus spallaí chun limistéar áitreafa na críoch a chosaint. Ní raibh colúin Polisario in ann bearna a dhéanamh sa bhalla agus tháinig laghdú suntasach ar líon taismeach Mharacó. Faoi thús na 1990idí bhí sos comhraic ar siúl. Athraíodh ainm na críoch go dtí an Sahára Thiar, agus i Meán Fómhair 1991 imscaradh MINURSO ar an dá thaobh den bhalla chun monatóireacht a dhéanamh ar an sos comhraic. Cuireann MINURSO a sainordú i gcrích trí phatróil agus aerthaiscéalaíocht rialta a dhéanamh.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnMINURSO-Ribbon
Fad20 Meán Fómhair 1991 - go dtí seo
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnadóir) 
Tiomantas3 Pearsanra

Misean Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Chongó

MONUSCO - Meitheamh 2001 go dtí seo
Shínigh Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus cúig stát réigiúnach Comhaontú Scortha Lámhaigh Lusaka in Iúil 1999. Mar fhreagra ar sin rith Comhairle Slándála na NA Rún 1279, lena n-áirítear bunú Mhisean Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Chongó (MONUSCO).

Mar chuid dá saoinordú bhí mónatóireacht ar an gcomhaontú shos comhraic; comhthadhall a dhéanamh le fórsaí freastúracha; scaoileadh príosúnach cogaidh ar chur ar siúl; agus an fheitheoireacht ar scoitheadh na bpáirtithe cogaíochta agus a fhíorú.

Bhí 500 breathnadóir míleata ar an misean ar dtús ach go luath sa bhliain 2000 d'údaraigh Comhairle Slándála na NA méadú lín go 5,537 pearsanra míleata, an 500 breathnadóirí san áireamh.

Mhéadaigh líon MONUC go 16,700 trúpaí de réir mar a d'fhás próiséas na síochána mar thoradh ar dhá mhéadú lín eile. Leathnaíodh sainordú an mhisin freisin le cosaint sibhialtach 'faoi bhagairt láithreach foréigin' agus bailiúchán agus diúscairt arm mídhleathacha a chur san áireamh.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnMONUSCO-Ribbon
FadMeitheamh 2001 go dtí seo
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnadóir)
Tiomantas3 Pearsanra

Misean Traenála an Aontais Eorpaigh - Mailí

EUTM (Mali) - Feabhra 2013 go dtí seo
An 18 Feabhra 2013, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach misean míleata a bhunú, chun cur le traenáil fhórsaí slándála Mhailí. Is iad cuspóirí an mhisin i Mailí ná cuidiú le húdaráis Mhailí an méid seo a leanas a bhaint amach:

  • Ord bunreachtúil agus daonlathach i Mailí a athbhunú tríd an Treochlár don Aistriú arna ghlacadh an 29 Eanáir ag an Tionól Náisiúnta a chur i bhfeidhm go dílis; áirítear sa Treochlár seo toghcháin shaora agus thrédhearcacha in 2013 agus idirphlé náisiúnta cuimsitheach.
  • Údarás Stáit, dlí agus ord a athbhunú ar fud na tíre.
  • Deireadh a chur le coireacht eagraithe agus bagairtí sceimhlitheoireachta.

Cuirfidh an misean oiliúna míleatha, EUTM Mhailí, oiliúint agus comhairle ar fáil d’Fhórsaí Armtha Mhailí — MAF — faoi rialú na n-údarás sibhialta dlisteanach.
Déantar seo trí seo a leanas a sholáthar:

  • traenáil chun leasa chumas aonaid Fhórsaí Armtha Mhailí;
  • traenáil agus comhairle maidir le ceannas agus rialú, slabhra lóistíochúil agus acmhainní daonna
  • chomh maith le dlí daonnúil idirnáisiúnta, cosaint sibhialtach aguschearta daonna.

Ní bheidh an misean páirteach in oibríochtaí comhraic. Tá fiche pearsanra imscartha ag Óglaigh na hÉireann go dtí EUTM Mhailí. Tá Oifigeach Foirne amháin curtha go dtí Ceanncheatrú an Mhisin in Bamako, tá tá an chuid eile mar chuid den Fhoireann Traenála Misin atá curtha amach go Campa Traenála Koulikoro thart ar 100km soir ó phríomhchathair Bamako.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnEUTM-Mali-Ribbon
Fad Feabhra 2013 go dtí seo
Cineál OibríochtaMisean Traenála faoi cheannas an AE
Tiomantas20 Pearsanra

Imscaradh san Eoraip

Fórsa Cobhsaíochta - Fórsa an Aontais Eorpaigh

SFOR - May 1997 — Dec 2004
EUFOR - BIH (Althea) - Bealtaine 1997 - go dtí seo
Faoi UNSCR 1031 tugadh sainordú do NATO gnéithe míleata na gComhaontuithe Síochána Dayton a chur i bhfeidhm i ndiaidh dheireadh an chogaidh i mBoisnia-Heirseagaivéin i 1995. Mar thoradh air sin imscaradh IFOR (Fórsa Feidhmithe) agus bhí an misean tugtha chun críche faoi mhí na Nollag 1996 agus tháinig SFOR ina áit ina dhiaidh sin. 

Ba é sainordú an fhórsa nua, a bhí udaraithe ag UNSCR 1088, ná cosc a chur ar atosú cogaidh, atmaisféar a chur chun cinn a chabhródh le próiséas na síochána, agus tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí sibhialta. Thosaigh SFOR amach le 32,000 trúpa ach chuaigh sé faoi atheagrú i 1999/2000 agus laghdaíodh é go 20,000.

I mBealtaine 1997 a cuireadh tús le rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann agus is éard a bhí ann ná Ceanncheathrú Chomplachta Póilíní Airm, Buíon Póilíní Airm, agus Eilimint Tacaíochta Náisiúnta. Bhí an meitheal lonnaithe i gCeanncheathrú SFOR in Sairéavó agus rinne sé póilíniú ar an 8,000 trúpa SFOR a bhí lonnaithe sa cheantar. AistarraingÁodh Complacht Póilíní Airm na hÉireann in Eanáir 2003.
 
Choinnigh Óglaigh na hÉireann 12 phost ag CC SFOR go dtí Nollaig 2004 nuair a cuireadh Oibríocht 'Althea' ina ionad, misean faoi cheannas an AE a thugtar EUFOR air chomh maith, a bhí udaraithe ag UNSCR 1575.

Is é misean EUFOR na

  • Chun tógáil acmhainne agus oiliúint do na Fórsaí Armtha na BiH a chur ar fáil
  • Tacú le iarrachtaí BiH chun timpeallacht shábháilte agus dhaingean a choimeád
  • Tacaíocht a thabhairt don straitéis chuimsitheach foriomlán an AE le haghaidh BiH

EUFOR Cuireann EUFOR tacaíocht ar fáil freisin don Bhinse Coiriúl Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (ICTY) agus cuireann sé an timpeallacht slándála ar fáil freisin ina bhfuil na poilíní in ann dul i gcoinne líonraí coiriúil eagraithe. Tá rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann don mhisean nua méadaithe agus anois tá 7 pearsanra ag fónamh le EUFOR.

Tá 7,000 trúpa ag fónamh le EUFOR, curtha ar fáil ag 17 ballstát de chuid an AE agus ag 5 stát nach de chuid an AE iad.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnEU-BIH-Ribbon
FadBealtaine 1997 - go dtí seo
Cineal OibríochtaOibríocht Bainistithe Géarchéime faoi cheannas an AE
Tiomantas5

Fórsa na Cosaive

KFOR - Lúnasa 1999 go dtí seo
Nuair a bhí an iar-Iúgslaiv ag titim ó chéile díríodh formhór na hairde idirnáisiúnta ar an gcoimhlint idir an Chróit agus an tSeirbia agus idir na Seirbiaigh, na Crótaigh agus na Moslamaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

Bhí coimhlint eile ar siúl i rith na tréimhse sin freisin, áfach, sa limistéar Seirbeach nach raibh cur amach air ag an am, an Chosaiv. Tá an Chosaiv ar an teorann leis an Albáin agus is Albánaigh eitneacha formhór mór an daonra.

Chuaigh an Chosaiv isteach sa tSeirbia tar éis Chogadh na Balcáin in 1913 agus chuaigh sí isteach sa Iúgslaiv tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, d’ainneoin an tromlach Albánach a bhí inti.

Níor chóir beag a dhéanamh den tábhacht a bhí ag an gCosaiv do na Seirbiaigh, áfach. Bhain an tábhacht sin leis an lámh in airde a fuair Impireacht na nOtamánach ar na Seirbiaigh ar deireadh ag Kosovo Polje in 1389.
 
Tá an réigiún sin thar a bheith suntasach i meon na náisiúnach Seirbiach ó shin i leith. Sna Balcáin, áit ar féidir le naimhdeas maireachtáil ar feadh na nglún, tá a thomhas féin ag an am, agus labhraíonn go leor Seirbiach faoin gcath ag Kosovo Polje ar nós nár tharla seé ach cúpla bliain ó shin.

Rinneadh limistéar neamhspleách laistigh de Iúgsláiv Tito den Chosaiv sa bhliain 1974 agus mhair an socrú sin go dtí tar éis a bháis. Rinneadh neamhspleáchas na Cosaive a chúlghairm sa bhliain 1990 agus chuir rialtas na Seirbia deireadh lena comhthionól cúige.

De réir mar a cuireadh in aghaidh rialú na Seirbiaich, tháinig Arm Saortha na Cosaive (KLA) chun cinn agus thosaigh sé ag ionsaí fórsaí slándála na Seirbia, a thug freagra láidir ar an daonra ar fad.

Faoi 1997, nuair a bhí cúrsaí ag socrú síos sa chuid eile de na Balcáin, thosaigh an pobal idirnáisiúnta ag díriú airde ar an gCosaiv. In 1998 chuir Grúpa Teagmhála comhdhéanta den Fhrainc, den Ghearmáin, den Iodáil, den Ríocht Aontaithe, den Rúis agus de Stáit Aontaithe Mheiriceá, tús le hiarrachtaí taidhleoireachta chun an choimhlint a réiteach. Ag an am céanna cheap pleanálaithe NATO pleananna míleata chun tacú leis an bpróiseas taidhleoireachta.

I Meán Fómhair 1997 leag Rún UNSC 1199 béim ar an gcatastróf daonna a bhí le teacht sa Chosaiv agus d’éiligh siad scor lámhaigh. Faoi Mhárta 1999 bhí an foréigean fós ar siúl agus le foilsiú thurascáil de chuid an UNHCR, a luaigh gur cuireadh 250,000 duine as a dtithe sa Chosaiv mar gheall ar an gcoimhlint, thosaigh NATO ionsaÁ ón aer ar thargaidí Seirbiacha sa Chosaiv agus sa tSeirbia.

I mí an Mheithimh 1999 chomhaontaigh an tSeirbia le Prionsabail Síochána G8 agus thosaigh sí ag tarraingt a bhfórsaí siar. Chuir NATO deireadh lena aerbhuillí agus chuaigh KFOR, faoi údarás UNSCR 1244, isteach sa Chosaiv.

Is é misean KFOR timpeallacht slán a bhunú agus a chothabháil; monatóireacht, fíorú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh leis na comhaontuithe éagsúla; agus tacaíocht a chur ar fáil do mhisean UNMIK. Cuireadh tús le misean KFOR faoi cheannas NATO le 50,000 trúpa ó 36 náisiún de chuid NATO agus náisiún eile nach de chuid NATO iad, Éire ina measc.

Thug Éire aitheantas do Phoblacht na Cosaive an 29 Feabhra 2008, tar éis Rún Chomhthionól na Cosaive an 17 Feabhra, a d’fhógair neamhspleáchas na Cosaive.

Bhí chéad rannchuidiú Óglaigh na hÉireann chuig KFOR in 1999 comhdhéanta de chuideachta iompair/loighisticí ina raibh flít feithiclí altacha, feithiclí DROPS, 4x4anna agus feithiclí coimhdeacha. Bhí aonad na hÉireann, lonnaithe i gCampa Clarke, Lipljan, 15km ar an taobh ó dheas de Pristina, suite san Ionad Briogáide Ilnáisiúnta (MNB). Bhí an t-ionad faoi smacht an Cheanncheathrú KFOR agus ba é a misean ná trealamh agus ábhar a chur ar fáil d’aonaid mhíleata i KFOR agus d’eagraíochtaí daonchairdiúla a bhí ag obair leis na NA.

I nDeireadh Fómhair 2004, d’athraigh rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann i KFOR nuair a tháinig cuideachta coisithe le feithicil Iompróra Pearsanra Armúrtha, Grúpa Coisithe 27 ainmnithe, in áit an Chuideachta Iompair (Cuideachta Iompair 8). Tá an chuideachta ag feidhmiú anois mar chuid de Thascfhórsa Ilnáisiúnta (Ionad).

Tá gné Cheanncheathrú Teagmhasach agus grúpa tacaíochta lóistíochta fós i gCampa Clarke, chuaigh roinnt oifigeach agus ONC i mbun ceapachán i gCampa Ville, agus bhí an chuideachta coisithe deighilte idir Campa Clarke agus Campa Karhu (iar-phost de chuid na Fionlainne sa sráidbhaile Seirbiach Donja Gusterica). Tá an chuid eile de phearsanra na hÉireann atá ar fónamh ar an láthair deighilte idir Ceanncheathrú KFOR, Ceanncheathrú Tascfhórsa (Ionad), agus an Chuideachta MP Ilnáisiúnta. Bunaíodh Gné Tacaíochta Náisiúnta oifigigh amháin agus thriúr ONC in Skopje, i bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine (FYROM).

Clúdaíonn achar freagrachta (AOR) chomplacht na hÉireann ciliméadar cearnach agus cuirtear an misean i gcrích trí dhianphatróil rialta ina APCanna Mowag. Is limistéar sléibhe an chuid thoir den AOR agus tá sé breac le sráidbhailte Albánacha. Tá an chuid thiar comhdhéanta de chnoic níos lú agus tá iamhchríoch Sheirbiach ann. Tá dhá shráidbhaile san AOR ina bhfuil daonra measctha, is iad sin Janjevo agus Robovce.

Dúnadh Campa Clarke in 2010 agus cuireadh deireadh leis na ceapacháin uile a bhí fágtha i gCampa Ville ar bhonn céimnithe. Tá 12 ceapachán ag Óglaigh na hÉireann i gCeannacheathrú KFOR i gCathair Flim i gcónaí.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnKFOR-Ribbon
FadLúnasa 1999 go dtí seo
Cineál OibríochtaNATO Oibríocht Tacaíochta Síochána faoi cheannas NATO-PfP
Tiomantas20

Imscaradh sa Mheánoirthear

Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh

Irish Officer in UNTSO

UNTSO - 18 Nollaig 1958 go dtí seo
Is é UNTSO, a bunaíodh i 1948, an oibríocht síochánaíochta leanúnach is sine de chuid na Náisiún Aontaithe. Feidhmíonn sí sa tSiria, san Iordáin, sa Liobáin agus san Iosrael - a bhí ina bpáirtithe i gComhaontuithe an tSosa Cogaidh a lean an troid sa Phalaistín i 1948.

Is é sainordú an mhisin ná, “breathnóireacht a dhéanamh ar aon sos cogaidh nó ar aon sos comhraic agus iad a choimeád de réir mar a éilíonn an Chomhairle Slándála agus chun cúnamh a thabhairt do na páirtithe trí fheitheoireacht a dhéanamh ar aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích eatharthu,” agus is sainordú é seo atá neamhiata agus nach n-éilíonn athnuachan tráthrialta.

Tá UNTSO faoi dhualgas freisin cúnamh a thabhairt maidir le misin nua síochánaíochta NA a bhunú agus bhí baint aige le bunú an-chuid díobh, lena n-áirítear ONUC, UNIFIL agus UNPROFOR. Tá Ceanncheathrú UNTSO lonnaithe in Iarúsailéim agus tá breathnadóirí dá chuid sa Liobáin (OGL), i dTibirias (OGG-T), agus sa Damaisc (OGG-D) chomh maith le hoifigigh liaison i gCaireo, i mBéiriút, in Amman agus in Gaza. Tacaíonn UNTSO le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) in Arda Golan trí phoist bhreathnadóireachta a ghabháil sa cheantar.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNTSO-OGL-Ribbon
Fad18 Nollaig 1958 go dtí seo
Cineál OibríochtaOibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnadóir)
Tiomantas12

Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe

Irish Troops on Patrol UNDOF

UNDOF - Meitheamh 1997 — Lúnasa 1998
                Meán Fómhair 2013 - go dtí seo
Sa bhliain 1974 a bhunaigh UNSCR350 Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe Meitheamh 1997 — Lúnasa 1998 (UNDOF) tar éis gur scoir fórsaí Iosrael agus na Siria ó Arda Golan trí chomhaontú nuair a tháinig deireadh le Cogadh Yom Kippur.

Imscaradh an Fórsa go dtí limistéir deighilte atá 80km ar fhad agus idir 10km agus 1km ar leithead.

Is é UNDOF an t-aon láithreacht mhíleata atá ceadaithe sa limistéar deighilte agus tá 44 post foirnithe agus 11 post breathnóireachta ann.

Chuir Óglaigh na hÉireann ceannasaí fórsa amháin, an Briogáidire Ginearál Dave Stapleton (RIP) (Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann ina dhiaidh sin) leis an misean.

I Meán Fómhair 2013 iarradh ar Óglaigh na hÉireann a bheith rannpháirteach agus a sholáthar grúpa níos mó de na trúpaí ar an Misean. Beidh siad de chúram príomha mar Fhórsa Cúltaca Soghluaiste tabhairt faoi treisiú, imoibriú, choimhdeacht agus oibríochtaí eile ar fud Limistéar UNDOF ar Freagrachta.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNDOF-Ribbon
Fad:Meitheamh 1997 — Lúnasa 1998
Meán Fómhair 2013 - go dtí seo
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Trupaí)
Tiomantas:130

Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin

Irish Troops in UNIFIL

UNIFIL - Bealtaine 1978 - go dtí seo
I ndiaidh ionradh Iosrael ar an Liobáin i 1978 a bunaíodh UNIFIL chun maoirsiú a dhéanamh ar Fhórsaí Iosrael a bhí ag tarraingt amach as an tír agus chun síocháin agus slándáil a bhunú sa limistéar. Ón am sin go dtí mí na Samhna 2001, bhí Cathlán Coisithe (tuairim is 540 duine) ag Óglaigh na hÉireann sa Liobáin ar a ndéantaí sealaíocht gach sé mhí chomh maith le 100 duine eile a bheith lonnaithe i gceanncheathrú UNIFIL agus sa bhFórsa Cúltaca Soghluaiste.

Ba i Tibnin a bhí ceanncheathrú an Chathláin lonnaithe agus bhí limistéar tuairim is 100 km cearnach faoina chúram. Chomhlíon sé a chuid dualgas trína a bheith láthair sa cheantar, trí phatróil a dhéanamh, seicphointí a oibriú agus a bheith i mbun Poist Bhreathnadóireachta. Thug an cathlán cúnamh daonna freisin do mhuintir na háite ina measc cuidiú leis an díleachtlann áitiúil i Tibnin.

Níl aon amhras ach gur chuidigh cathlán na hÉireann i nDeisceart na Liobáine leis na daoine sa cheantar gnáthshaol a chaitheamh arís agus léiriú air sin an t-ardú atá tagtha ar an daonra ann agus ar ghníomhaíocht eacnamaíochta sa cheantar. Is cuid den obair í seo a bhfuil Éire tiomanta a dhéanamh ar mhaithe le síocháin agus slándáil ar fud an domhain.

Nuair a tharraing trúpaí Iosrael amach as Deisceart na Liobáine agus nuair a tugadh mandáid UNIFIL chun críche, tharraing Óglaigh na hÉireann amach as an Limistéar Oibríochtaí. D'fhan 11 de phearsanra Óglaigh na hÉireann sa Liobáin chun an misean a thabhairt ar láimh do Chathlán Ghana.
A typical UNFIL Checkpoint

Maraíodh 47 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann ar dhualgas na síochána sa chéad 23 bliain den mhisean seo. 32,000 seal dualgais seirbhíse aonair a tugadh chun críche.

Nuair a thit cogadh amach arís ar theorainn Iosrael/na Liobáine i mí Meithimh/Iúil 2006, d'fhill Óglaigh na hÉireann ar an Liobáin an 31 Deireadh Fómhair 2006 go ceann 12 mhí ar iarratas ó na NA de réir Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhí an t-aonad comhdhéanta de Ghrúpa Coisithe Complachta thug faoi róil taiscéalaíochta, patrólála, agus slándála i gcomhar le Complacht Innealtóireachta as an bFionlainn mar chuid de Chomplacht na hÉireann-na Fionlainne.

Tharraing an Grúpa-Coisithe amach in 2007 ach d'fhan Óglaigh na hÉireann fós dílis do UNIFIL. Bhí naonúr pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann fós ag fónamh i gCeanncheathrú UNIFIL i Naquora.

Ó mhí Meithimh 2011 go Samhain 2013, rinne Óglaigh na hÉireann Cathlán Coisithe Meicnithe de thuairim is 440 pearsanra a imscaradh chuig UNIFIL. Mar a bhí san am a caitheadh bhí an t-aonad seo bainteach le hoibríochtaí síochánaíochta. Lean an Cathlán Coisithe, a bhí imscartha i dTeascóg an Iarthair UNIFIL de bheith páirteach sa Mhisean Coinneála na Síochána. íiríodh ar a gcuid dualgas dhá Phost ar an Líne Ghorm idir an Liobáin agus Iosrael. Thug na haonaid faoi oibríochtaí patrólála, grinneall coinneála agus daonna freisin. Mar Chathlán Coisithe meicnithe tá teacht ag an aonad ar APCanna MOWAG Piranha III, ar Fheithiclí Armúrtha Oirbheartaíochta Éadrom LTA (GR32), meaisínghunnaí troma, gunnaí fritancanna agus moirtéil throma agus diúracáin Javelin, trealamh taiscéalaíochta agus faireachais.

Ó mhí na Samhna 2013 tá an t-aonad ag feidhmiú mar Ghrúpa Coisithe faoi cheannas Chathlán na hÉireann-na Fionlainne. Mar chuid de mhisean UNIFIL Monatóireacht, Tacaíocht agus Cúnamh, déantar patróláil ar fud limistéar oibríochtaí na hÉireann lena n-áirítear grinneall coinneála, agus monatóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí ar an Líne Ghorm agus oibríochtaí daonna. Tugtar faoi oibríochtaí ar bhonn "Ard-infheictheacht, Ag Púcaíocht". Bíonn teacht ar fheithiclí armúrtha más gá; feithiclí éadroma a úsáidtear de ghnáth chun idirghníomhú le muintir na háite.

Tá 186 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ar fónamh faoi láthair sa limistéar misin. In éineacht le meitheal as an bhFionlainn agus buíon saighdiúirí as an Eastóin (38) tá siad mar chuid den 116 pearsanra i gCathlán na hÉireann na Fionlainne atá lonnaithe ag UNP 2-45 i dTeascóg an Iarthair UNIFIL. Chomh maith leis sin tá naonúr ar fónamh i gCeanncheathrú UNIFIL gar do Naqoura agus ceathrar ar fónamh i gceanncheathrú Theascóg an Iarthair, Shama. Déanfaidh Óglaigh na hÉireann Cathlán Coisithe Meicnithe de thuairim is 360 pearsanra a imscaradh go UNIFIL i mí na Samhna na bliana seo.

Scéalta Liobáin - Físeán

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNIFIL-Ribbon
Fad:Bealtaine 1978 - go dtí seo
Cineál Oibríochta:  Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Trupaí)
Tiomantas:460

Nua-Eabhrac

Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac

UNNY - 27 Samhain 1978 - go dtí seo
Ó 1978 i leith, tá roinnt oifigeach de chuid Óglaigh na hÉireann i ndiaidh a bheith ag fónamh i bpoist éagsúla i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe, Nua Eabhrac (UNNY).  Faoi láthair soláthraíonn Óglaigh na hÉireann beirt oifigeach do Roinn Oibríochta Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe (DPKO).