Skip to main content

Iar-mhisin thar lear

Trínár ngníomhaíochtaí thar lear leis na Náisiúin Aontaithe, le Comhpháirtíocht na Síochána agus le forais Daonnúla éagsúla, tá Óglaigh na hÉireann ina ambasadóir agus ina ionadaí dílis ar son mhuintir na hÉireann.

Féach ar an liosta iomlán thíos maidir lenár rannpháirtíocht in oibríochtaí thar lear san am a caitheadh.

An Eoraip

De bharr gur thit Iar-Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (USSR) óna chéile agus gur tháinig náisiúnachas chun cinn arís bhí gá le fórsaí síochánaíochta a imscaradh in áiteanna i Lár agus in Oirthear na hEorpa. Mar thoradh air sin chuir Éire pearsanra míleata ar fáil, ní amháin do na Náisiúin Aontaithe, ach freisin don Aontas Eorpach (EU) ar a tugadh an Comhphobal Eorpach (EC) tráth, agus don Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip (OSCE).

Misin san Eorpacha
UNFICYPISAFUNPROFORUNMOPUNTAESUNHCRUNMIK

Misin san Meán-Oirthir

Ó na laethanta luatha bhí baint ag na NA leis an gcoimhlint Arabach-Iosraelach sa Mheánoirthear. Ó bhí 1948 ann bhí cúig chogadh a raibh baint dhíreach acu leis an gcoimhlint seo, agus tháinig cúig oibríocht síochánaíochta de chuid na NA chun cinn dá bharr. Bhí níos mó cogaíochta ar siúl sa réigiún ná an choimhlint Arabach-Iosraelach, áfach. Lean tuilleadh oibríochtaí síochánaíochta sa réigiún seo as cogaíocht a bhris amach idir an Iaráin agus an Iaráic ó 1980 go dtí 1988, agus idir an Iaráic agus Cuáit in 1991.

Misin san Mheánoirthear
UNOGILUNEF IIUNITUNWRAUNIIMOGUNIKOMUNSCOM & UNMOVIC

Meiriceá Láir

Go luath sna 1990idí chomhoibrigh na Náisiúin Aontaithe (UN) le hEagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) chun deireadh a chur le coimhlint fhoréigneach i Meiriceá Láir. Chomhaontaigh comhaltaí réigiúnacha den OAS, as a stuaim féin, sraith ghinearálta de spriocanna idirmheánacha ar an mbealach chun na síochána sa réigiún. An chéad bhaint a bhí ag Éire leis ná le misean ONUCA sa bhliain 1989.

Central American Missions
ONUCAONUSALUNMIH

An Afraic

San Aifric i 1960 a chuir Óglaigh na hÉireann tús le seirbhís thar lear. Buaicphointe i stair Óglaigh na hÉireann a bhí ann.

Misin san Afraic
ONUCUNTAGUNAVEM IIUNOSOM IIUNMEE
ARTEMISMINUCI/UNOCIUNMILMINURCATEUTM (SOMALIA)

An Áise

Sa bhliain 1962 a chuir Óglaigh na hÉireann tús lena rannpháirtíocht i seirbhís thar lear san Áise, nuair a cuireadh beirt Oifigeach mar bhreathnóirí go dtí Iarthar Irian (an chuid thiar den Nua-Ghuine).

Misean na hÁise
UNTEAUNIPOMUNGOMAPUNAMIC & UNTACUNAMET/UNTAET

Misin Eorpacha

Léigh faoi ár Iar-Mhisin san Eoraip

Misin sa Mheánoirthear

Léigh faoi ár Iar-Mhisin sa MheánOirthear

Misin Mheiriceá Láir

Léigh faoi ár Iar-Mhisin sa Mheiriceá Láir

Misin san Afraic

Léigh faoi ár Iar-Mhisin san Afraic

Misin san Áise

Léigh faoi ár Iar-Mhisin san Áise