Skip to main content

Imscaradh Thar Lear

Families Image Main

D’fhéadfadh dúshláin a bheith ag baint le himscaradh thar lear do na daoine den phearsanra atá ag fónamh thar lear agus dá dteaghlaigh araon. Is é is cuspóir don leathanach seo ná faisnéis a chur ar fáil do theaghlaigh agus do pháirtnéirí daoine den phearsanra atá ag fónamh thar lear faoi chúrsaí mothúchánacha a bhaineann le himscaradh, mar aon le roinnt faisnéise úsáidí a thabhairt faoi thacaíochtaí a sholáthraíonn Óglaigh na hÉireann.

Tá cúig chuid shainiúla ann maidir le cúrsaí mothúchánacha a bhaineann le himscaradh. Cuimsíonn na céimeanna sin an méid seo a leanas: an tréimhse roimh imscaradh, imscaradh, coigeartú, an tréimhse roimh theacht abhaile agus teacht abhaile. Gabhann amscála agus dúshláin shonracha mhothúchánacha le gach céim ar leith agus ní mór do theaghlaigh agus do pháirtnéirí chomhaltaí Óglaigh na hÉireann déileáil leo sin agus smacht a fháil orthu.

Overseas Cycle Image Irish

Mura ndéileáiltear leo go maith, d’fhéadfadh achrann suntasach a bheith ann - do theaghlaigh/pháirtnéirí agus do dhaoine de phearsanra na nÓglach atá imscartha. Trí fhaisnéis a chur ar fáil ag céim luath faoi cad atá i ndán do dhaoine mar thoradh ar imscaradh, go háirithe i gcás teaghlach nach raibh an t-athair nó an mháthair as láthair riamh ar feadh tréimhse fhada, is féidir cabhrú go mór le daoine glacadh agus déileáil le heispéireas an imscartha mar rud ‘normálta’. Is cabhair é tuiscint a fháil ar na céimeanna éagsúla a bhaineann le himscaradh a mhéid a bhaineann le géarchéimeanna a sheachaint, le íoslaghdú a dhéanamh ar an ngá le hidirghabháil cheannais agus/nó le comhairle mheabhairshláinte.

An Tréimhse roimh Imscaradh

Saintréithe éagsúla de chuid na tréimhse roimh imscaradh is ea iad smaointe atá bainteach le séanadh agus le himeacht duine ionúin. De réir mar a bhítear ag tarraingt níos gaire don dáta imeachta, is minic a chuireann céilí agus páirtnéirí an cheist seo a leanas: “An amhlaidh go gcaithfidh tú imeacht?”

Sa deireadh, éiríonn sé níos soiléire ná riamh go bhfuil an t-imscaradh le bheith ann go luath de bharr na traenála agus an ullmhúcháin níos déine le haghaidh imscaradh agus de bharr na dtréimhsí níos faide a chaitear ar shiúl ón mbaile. Tosóidh do chéile/pháirtnéir ag caint níos mó ná riamh faoin misean atá le bheith ann go luath agus faoin aonad ina bhfuil sé/sí. Is cuid den phróiseas ‘comrádaíochta’ é sin agus is cuid riachtanach de chomhtháthú an aonaid é rud atá an-tábhachtach i dtaca le himscaradh sábháilte rathúil. Sa bhaile, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le leibhéal méadaithe coimhthís, idir mhothúchánach agus fhisiciúil, do chéilí agus do pháirtnéirí míleata. Mar thoradh ar fhrustrachas, déanann cuid mhór céilí an gearán seo a leanas: “B’fhearr liom dá mbeifeá imithe cheana féin.” Tá sé mar a bheadh an céile/páirtnéir ionúin “imscartha go síceolaíoch” cheana féin.

Nuair a thuigtear réadúlacht an imscartha go hiomlán, déanann teaghlaigh iarracht a gcuid gnóthaí a réiteach. Ullmhaítear liostaí “rudaí atá le déanamh” chun déileáil le gach saghas ní lena n-áirítear na nithe seo a leanas: deisiúcháin sa bhaile, cúrsaí slándála (glais dorais agus fuinneoige, aláram buirgléireachta etc.), cothabháil gluaisteáin, cúrsaí airgeadais, pleananna cúraim leanaí agus uachtanna, gan trácht ar rudaí eile. Ag an am céanna, déanann cuid mhór lánúineacha iarracht caidreamh níos dlúithe a bhunú eatarthu. Déantar pleananna don Nollaig “is fearr riamh” nó don tsaoire “is fearr riamh". Uaireanta, luaitear ábhar imní faoi dhílseacht ó thaobh cúrsaí pósta de nó d’fhéadfadh sé go bhfanfaidh an t-ábhar imní sin gan lua. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i measc na n-ábhar imní a luaitear go minic: “Conas a dhéileálfaidh na leanaí leis an scaradh?” “An féidir liom déanamh gan é/í?” “An mairfidh mo phósadh?” Is aimsir an-ghnóthach é agus bíonn rudaí trína chéile uaireanta, agus is minic nach mbítear in ann réiteach sásúil a fháil ar na saincheisteanna sin ar fad, nach mbítear in ann na tascanna iomadúla a chur i gcrích go sásúil nó nach mbítear in ann gach rud a dhéanamh a bhfuiltear ag súil leis.

Ní rud neamhghnách é argóint shuntasach a bheith ann tamall gairid roimh an imscaradh. I gcás lánúineacha atá le chéile ar feadh i bhfad nó a bhfuil taithí acu roimhe sin ar imscaradh, is furasta an argóint sin a chur i leith ghnáthshaol an phósta. I gcás lánúineacha níos óige, go háirithe lánúineacha atá ag scaradh óna chéile den chéad uair, is féidir le hargóint den sórt sin a bheith ina cúis le himní go bhfuil deireadh leis an ngaolmhaireacht agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina ábhar mór imní don dá pháirtí. Nuair a fhéachtar siar orthu, tuigtear gurbh é ba chúis leis na hargóintí sin ná an strus a bhaineann leis an scaradh a bhí le tarlú go luath. Ó thaobh cúrsaí síceolaíochta de, is fusa a bheith feargach ná déileáil leis an gcrá croí a bhaineann le slán a fhágáil go ceann sé mhí nó níos mó.

Ach d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann mar gheall ar ábhair imní nach réitítear, is é sin le rá, sna háiteanna ina bhfuil an misean ar siúl agus sa bhaile. I gcás ina bhfuil imní ar Shaighdiúir, ar Mhairnéalach nó ar Eitleoir is furasta cur isteach air/uirthi nó d’fhéadfadh sé nach mbeidh sé/sí in ann tascanna riachtanacha a chur i gcrích. D’fhéadfadh timpiste thromchúiseach a bheith ann dá bharr sin nó d’fhéadfadh dianstrus a bheith ann dá bharr. Sa bhaile, is féidir le míshuaimhneas shuntasach i dtaca le céilí de cur isteach ar ghnáthchúraimí a choimeád ar bun, ar dhíriú ar chúrsaí oibre agus ar aird a thabhairt ar riachtanais na leanaí. Ar an gceann is measa de, d’fhéadfadh sé sin cur le himní leanaí nach bhfuil na tuismitheoirí in ann cúram dóthanach a thabhairt dóibh nó, fiú amháin, nach bhfillfidh an tuismitheoir tar éis an mhisin. Samplaí d’iompar dochrach i measc leanaí is ea iad gol dobrónach, fuarchúis, taghdanna agus iompar aischéimnitheach eile.

Cé gur fusa é a rá ná é a dhéanamh, is minic a chabhraíonn sé le teaghlaigh agus do pháirtnéirí Óglaigh na hÉireann - i rith na tréimhse roimh an imscaradh - plé mionsonraithe a dhéanamh faoin méid a bhfuil siad ag súil leis óna chéile i rith an imscartha. D’fhéadfadh raon rudaí éagsúla a bheith i gceist, lena n-áirítear an méid seo a leanas: saoirse chun cinntí neamhspleácha a dhéanamh, teagmháil le daoine den inscne eile (dílseacht), ag dul amach le cairde, buiséadú, tógáil na leanaí, agus fiú amháin cé chomh minic a chuirfear litreacha nó cé chomh minic a dhéanfar teagmháil leis na daoine sa bhaile. Is minic a tharlaíonn sé, i gcás nach gcuirtear na nithe sin, agus nithe eile a bhfuiltear ag súil leo, in iúl go cruinn go gcothaítear míthuiscint, saobhadh agus crá níos déanaí le linn an imscartha. Is deacair mór-easaontais pósta a réiteach nuair a bhíonn na páirtithe ar an láthair chéanna, gan trácht ar réiteach a fháil nuair a bhíonn na páirtithe na mílte míle ar shiúl óna chéile.

Imscaradh

De ghnáth, baineann an chéim seo leis an gcéad mhí díreach tar éis don chéile/pháirtnéir tús a chur leis an imscaradh agus ní rud neamhghnách é go mothaíonn céilí agus páirtnéirí cuid mhór mothúchán éagsúil. Tá sé ráite ag roinnt céilí agus páirtnéirí gur mhothaigh siad trína chéile agus an-chorraithe. D’fhéadfadh cuid acu faoiseamh a mhothú ós rud é nach mbíonn orthu cuma mhisniúil láidir a chur orthu féin. D’fhéadfadh fearg iarmharach a bheith ann mar thoradh ar thascanna a fágadh gan déanamh. Cruthaíonn imeacht do chéile/pháirtnéara ‘”poll” agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le heaspa mothúchán, le brón nó le mothú go bhfuil tú i d’aonar nó tréigthe.  Ní rud neamhghnách é go mbíonn deacrachtaí ag daoine codladh agus go mbíonn imní orthu faoi dhéileáil le cúrsaí. D’fhéadfadh ábhar imní faoi chúrsaí slándála a bheith ann ansin, lena n-áirítear an méid seo a leanas: “Cad a tharlóidh má bhíonn fadhb le cúrsaí pá?” “An bhfuil an teach sábháilte?” “Cad a dhéanfaidh mé má éiríonn mo leanbh tinn?” “Cad a tharlóidh má chliseann an gluaisteán?” I gcás cuid mhór daoine, ní céim phléisiúrtha í céim an imscartha agus gabhann eispéireas suaiteach léi.

Coigeartú

Is ionann coigeartú agus tréimhse ar lena linn a bhunaítear foinsí nua tacaíochta agus gnáthaimh nua. Braitheann cuid mhór daoine ar an teaghlach, ar chairde nó ar chomhghleacaithe oibre mar phríomh-mhodh chun tacaíocht mhothúchánach a fháil. Tairgeann Óglaigh na hÉireann seirbhísí tacaíochta fónta freisin, is é sin, an tSeirbhís Tacaíochta Pearsanra (PSS) agus an tSeirbhís Séiplíneachta. De réir mar a thagann dúshláin chun cinn, foghlaimíonn an chuid is mó céilí/páirtnéirí go mbíonn siad in ann déileáil le géarchéimeanna agus cinntí tábhachtacha a dhéanamh ar a gconlán féin. Deir siad go mothaíonn siad níos muiníní agus go bhfuil níos mó smachta acu.

Baineann freagairt leanaí ar imscaradh tuismitheora leis an leanbh atá i gceist agus, ina theannta sin, bíonn sí ag brath ar aois fhorbraíochta an linbh lena mbaineann: naíonáin, lapadáin, leanaí réamhscoile, aois scoile agus déagóirí. Tá sé réasúnach glacadh leis go bhfuil athrú tobann diúltach ar iompar nó ar mheon linbh ina fhreagairt intuartha i leith an struis a bhaineann le tuismitheoir a bheith á imscaradh. Tá cuid de na hathruithe diúltacha a d’fhéadfadh teacht ar do leanbh liostaithe thíos:

Athruithe Diúltacha i Leanaí
AoiseannaIompraíochtaíMeoinLeigheas
Naíonáin< 1 YrDiúltú bia a itheGan bhríTacaíocht don tuismitheoir, Liachleachtóir Ginearálta
Lapadáin1 - 3 yrsGol, taghdannaCantalach, brónachLeibhéal méadaithe airde, coinneála greime, barróg
Leanaí Réamhscoile3 - 6 yrsTuaiplisí pota, éilitheachCantalach, brónachLeibhéal méadaithe airde, coinneála greime, barróg
Aois scoile6 - 12 yrsGeonaíl, Pianta coirpCantalach, brónachAm a chaitheamh, gnáthaimh a choimeád ar bun
Déagóirí12 - 18 yrsLeithlisiú, Úsáid DrugaíFearg, FuarchúisFoighne, teorainneacha a leagan síos, comhairliú

Ar an drochuair, d’fhéadfadh sé go mbeidh deacrachtaí móra ag roinnt leanaí maidir le hoiriúnú a dhéanamh i leith an struis a bhaineann le tuismitheoir atá imscartha. Más rud é nach féidir leo athchromadh ar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí ar a laghad, nó má léiríonn siad fadhbanna tromchúiseacha thar roinnt seachtainí, d’fhéadfadh sé gur mhaith an rud é cuairt a thabhairt ar an dochtúir teaghlaigh nó ar oibrí sóisialta Óglaigh na hÉireann.

D’ainneoin na gconstaicí ar fad, éiríonn le formhór mór na gcéilí agus na mball teaghlaigh dul trí chéim an choigeartaithe agus tosaíonn siad ag tnúth le teacht abhaile an té atá ar shiúl ón mbaile.

An Tréimhse roimh Theacht Abhaile

Tarlaíonn an tréimhse roimh theacht abhaile sa mhí sula dtagann an céile/páirtnéir abhaile agus, go hiondúil, is tréimhse í ina mbítear ag súil go mór le filleadh an duine lena mbaineann. Dála céim an imscartha, d’fhéadfadh sé go mbeidh mothúcháin mheasctha ann lena linn. Ar thaobh amháin, bíonn sceitimíní ar dhuine ó tharla go bhfuil an céile/páirtnéir ag teacht abhaile. Ar an taobh eile, bíonn ábhar imní ann. I measc na n-ábhar imní, áirítear an méid seo a leanas: “An aontóidh sé/sí leis na hathruithe atá déanta agam?” “An mbeidh orm mo neamhspleáchas a thabhairt suas”? “An réiteoimid lena chéile?” “An gceapfaidh sé/sí go bhfuil mé tarraingteach?” “An mbeidh athrú tagtha air/uirthi?”

Cé go mbíonn an scaradh beagnach thart, d’fhéadfadh sé go mbeidh deacracht ag céilí/páirtnéirí, uaireanta, cinntí a dhéanamh. Baineann sé sin, go páirteach, leis an tuairim go bhféadfadh sé go gceapfá go ndéanfaidh do chéile/pháirtnéir roghanna nó athruithe áirithe tar éis dó/di filleadh. Ní rud neamhghnách é go n-éiríonn duine an-fhuinniúil ag an gcéim seo agus is minic go mbíonn fonn ar dhaoine tascanna a chur i gcrích sula dtagann an céile/páirtnéir abhaile, mar shampla, an teach a chóiriú.

An Tréimhse tar éis Imscaradh

Cé go mbíonn an scaradh beagnach thart, d’fhéadfadh sé go mbeidh deacracht ag céilí/páirtnéirí, uaireanta, cinntí a dhéanamh. Baineann sé sin, go páirteach, leis an tuairim go bhféadfadh sé go gceapfá go ndéanfaidh do chéile/pháirtnéir roghanna nó athruithe áirithe tar éis dó/di filleadh. Ní rud neamhghnách é go n-éiríonn duine an-fhuinniúil ag an gcéim seo agus is minic go mbíonn fonn ar dhaoine tascanna a chur i gcrích sula dtagann an céile/páirtnéir abhaile, mar shampla, an teach a chóiriú.

Tarlaíonn an Tréimhse tar éis Imscaradh tar éis don Chéile/Pháirtnéir teacht ar ais go hÉirinn. Is í an chéim í ar lena linn a dhéantar an t-athrú ó shaol an mhisin go saol an bhaile agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse ó 3 go 6 mhí i gceist.

Ar dtús, bíonn an “teacht abhaile” ann agus is féidir leis sin a bheith ina ócáid an-lúcháireach a mbíonn leanaí, lánúineacha athaontaithe agus baill teaghlaigh shínte páirteach inti. Bíonn tréimhse “mí na meala” ann ina dhiaidh sin de ghnáth tráth a mbíonn athaontú fisiciúil i gceist ach ní gá gurb athaontú mothúchánach atá ann. Chomh maith le sceitimíní a bheith ar roinnt céilí, mothaíonn daoine míchompord freisin; i gcás daoine eile, bhí am ag teastáil ó dhaoine chun an nasc mothúchánach a bhunú ar dtús.

Sa deireadh, beidh an céile a thagann abhaile ag iarraidh an ról a bhí aige/aici sa teaghlach roimh imscaradh a ghlacadh arís agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé sin ina chúis le teannas. Ní mór do dhaoine a bheith an-fhoighneach chun an chéim seo a chur i gcrích go rathúil.

Is dócha gurb í céim an athaontaithe an chéim is tábhachtaí don chomhalta de na hÓglaigh agus dá c(h)éile/p(h)áirtnéir araon. Is codanna fíorthábhachtacha den phróiseas teacht abhaile chuig an teaghlach iad dea-chumarsáid, cúrsaí a thógáil go réidh, gan ionchais ró-ard a bheith ann agus am a thógáil chun dul i dtaithí ar a chéile arís. I gcás daoine atá ag streachailt leis an tréimhse seo, tairgeann an tSeirbhís Tacaíochta Pearsanra raon tacaíochtaí do chomhaltaí na nÓglach agus dá dteaghlaigh. Tá faisnéis teagmhála do na d'oifig PSS áitiúil ar fáil ar ár Teagmháil a Dhéanamh Linn leathanach.

Dul Cabhair

Is féidir leis an PSS a chur ar fáil cabhair agus cúnamh do theaghlaigh agus comhpháirtithe de dreamanna a fhreastalaíonn thar lear, cibé acu is roimh, le linn nó i ndiaidh imscaradh. Tá faisnéis teagmhála d'oifig PSS áitiúil ar fáil anseo &gt;&gt;