Skip to main content

Músaem an Churraigh

Músaem an Churraigh

Tá Óglaigh na hÉireann fite fuaite leis an gCurrach le himeacht na mblianta. Téann scéal na háite seo siar go dtí aimsir na réamhstaire; ag Cnoc Alúine a thionóladh na Fianna; rinne an Rí Anraí II campa anseo agus é ar a bhealach go Baile Átha Cliath i 1171; thraenáil Arm na Seacaibíteach anseo i 1686-7 agus bhunaigh Arm na Breataine post buan anseo i 1855 áit ar traenáladh fir le dul chun troda i gCogadh na mBórach agus i dtrinsí í na Somme le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

Tá músaem dá chuid féin anois sa Churrach tar éis blianta de thaighde agus de phleanáil agus tá deis agat cuairt a thabhairt air agus na hiontais atá san áit speisialta seo, áit atá suntasach ó thaobh na tíreolaíochta agus na staire, a fheiceáil duit féin.

Tá an músaem roinnte i dtrí chuid: an timpeallacht lena n-áirítear an tseandálaíocht, flora agus fauna; ré Arm na Breataine a lean go dtí 1922 agus ar deireadh, Óglaigh na hÉireann. Beidh deis ag cuairteoirí, sula dtéann siad ag breathnú ar na taispeántais, féachaint ar chur i láthair closamhairc ina dtaispeánfar pictiúir shármhaithe a tógadh ón aer de na machairí, agus den ráth i nDún Ailinne chomh maith, a bhí ina chuid den Churrach tráth. Féarthailte agus uiscíoch na háite a spreag Arm na Breataine le campa a dhéanamh anseo. Tá flora agus fauna ar na machairí nach bhfásann in aon áit eile ar domhan.

Tá uirlisí troda ar taispeáint, leithéid an mhuscaeid Brown Bess - ceann de na hairm tine ab fhaide a bhí in úsáid in Arm na Breataine agus an raidhfil Martini Henry - a raibh cáil air ag deireadh na 1800idí de bharr chomh tapa agus bhí an ráta lámhaigh a bhí aige. Ach mar bharr ar an gcuid eile, istigh i lár an taispeántais a bhaineann le hArm na Breataine, tá mórphianó gearr a bhfuil athchóiriú fíorbhreá déanta air. In 1895 a rinneadh é don Bhreitheamh Smithly agus thug Reisimint Essex go hÉirinn i 1905 é. I seanseomra na mbannaí, áit a raibh sé in úsáid mar bhord le haghaidh stórais, a thángthas air roinnt blianta ó sin.

Tá carr armúrtha, an Beaverette, ar taispeáint freisin - carr a bhíodh in úsáid ag Óglaigh na hÉireann tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Tá an fheithicil seo, agus a lán feithicilí eile, caomhnaithe go seoigh ag an gCór Marcra. Tá an bhratach dheireanach de chuid na Breataine a bhí ar foluain i gCampa an Churraigh i 1922 le feiceáil - séadchomhartha ann féin maidir le stair na hÉireann.

Díol spéise ar leith iad cuid de na grianghraif a tógadh i 1922 agus díreach sular tharla an t-aistriú chuig Arm an tSaorstáit. Bhí 6,000 trúpa de chuid Arm na Breataine agus 4,000 sibhialtach istigh sa champa nó ag obair ann ag an am sin. Bhí siopaí, pictiúrlanna, linn snámha, scoileanna agus bearbóirí ann, rud a chothaigh comharsanacht bhríomhar. Billéid adhmaid an ghnáthchóiríocht a bhíodh anseo ag an am cé nach bhfuil siad ann níos mó ach is ábhar spéise iad sna grianghraif.

Feithiclí den Seandéanamh

Tá na feithiclí den seandéanamh seo a leanas ar taispeáint sa mhúsaem:

  • Sliabh na mBan
    Tá an carr armúrtha Sliabh na mBan ar taispeáint i Músaem Míleata an Churraigh. Bhí an carr seo mar chuid de chonbhua Mhichíl Uí Choileáin a ndearnadh luíochán air agus inar maraÁodh é an 22 Lúnasa 1922.
    Is féidir an carr seo a fheiceáil gan foláireamh a thabhairt le linn uaireanta oscailte an Mhúsaeim.
    Ní bheidh an Rolls Royce carr armúrtha a bheith ar taispeáint ar an 5ú Márta 2014.
  • Tanc Comet A34
  • Tanc Churchill
  • Carr Scabhtála Beaveretee Mk IV
  • Carr Armúrtha Panhard M3

Músaem Míleata an Churraigh
Uaire Oscailte:

Dé Luain - Dé Céadaoin
1000-1230 and 1400-1630

Dé Déardaoin: 1400 - 2000

Dé Domhnaigh: 1400-1700

Coimeádaí:Lt Col Des Healy
Teagmháil:Tel : 045 445342
Ríomhphost:curraghmilitary.museum@defenceforces.ie
Saorchead Isteach agus Páirceáil Saor in Aisce

TABHAIR FAOI DEARA: Beidh an Músaem Míleata an Churraigh dúnta ó Dé Luain an 4 Samhain go dtí an Aoine an 8 Samhain, 2019 Inc.