Skip to main content

Leas Cheassasaí Fórsa UNDOF

MOBrien_large_GA

An Briogáidire-Ghinearál Maureen O’Brien

Is as Cathair na Gaillimhe an Briogáidire-Ghinearál O'Brien agus bhain sí céim B.Sc. agus H.Dip.Ed. amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (UCG) sular bronnadh daltas uirthi in Óglaigh na hÉireann i 1981. Ar choimisiúnú di i 1983, cuireadh chuig an 4ú Cathlán Coisithe, Corcaigh í ina hoifigeach coisithe agus d'fhill sí ar Scoil na nDaltaí roinnt blianta ina dhiaidh sin ina teagascóir.

Ó shin i leith is iomaí ceapachán éagsúil a bhí ag an mBriogáidire-Ghinearál O'Brien sna réimsí oibríochtaí, oiliúna agus pleanála straitéisí. D'fhóin sí i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann i gCorcaigh, i gCeanncheathrú Bhriogáid an Oirthir, (Dún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais), Dún Mhic Aogáin i nDún Dealgan agus sa Choláiste Míleata.

In 2011 ba í an chéad bhean í a fuair ardú céime go dtí Leifteanantchoirnéal agus in 2012 ba í an chéad Cheannasaí Cathlán Coisithe mná í nuair a ceapadh í ina hOifigeach i gCeannas ar an 27ú Cathlán Coisithe i nDún Dealgan. Bhí sí sa Bhrainse Oibríochtaí i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin, áit a raibh sí ina hoifigeach sinsearach foirne le freagracht as rannpháirtíocht NATO/PfP agus AE.

Sular ardaíodh go dtí Briogáidire-Ghinearál í, bhí sí ina Stiúrthóir Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais.

Tá go leor seirbhíse thar lear curtha i gcrích ag an mBriogáidire-Ghinearál le linn a gairme. Go dtí an Liobáin (UNIFIL) a thug sí an chéad dá seal dualgais. D'fhóin sí sa Sahára Thiar (MINURSO) agus i dTíomór Thoir (UNTAET) freisin. Cuireadh ar iasacht í chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip (OSCE) i Sairéavó (BiH) ar feadh ocht mhí dhéag. In 2009 ba í an chéad bhean a d'fhóin ina Leas-Oifigeach i gCeannas ar chathlán coisithe nuair a imscaradh í go Sead (MINURCAT). Chomh maith leis sin, d'fhóin sí ina Ceann Oibríochtaí Pleanála sa Cheanncheathrú Teascóige sa Liobáin.

Bhain an Briogáidire-Ghinearál Dioplóma Iarchéime sa Teicneolaíocht Faisnéise amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá Céim Mháistreachta chéad onóracha aici i Staidéar Cinnireachta, Bainistíochta agus Cosanta (NUIM).