Skip to main content

Misin Mheiriceá Láir

Grúpa Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe i Meiriceá Láir

ONUCA - Nollaig 1989 — Eanáir 1999
Fuair Meiriceá Láir neamhspleáchas ón Spáinn i 1831. Ina dhiaidh sin bhí tréimhse aontachta gairid ann ach de dheasca leasanna áitiúla scoilteadh an limistéar ina chúig thír; Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras agus Nicearagua. I gcaitheamh na mblianta, tháinig iliomad grúpa chun cinn a throid i dtreallchogaidh i gcoinne a rialtas féin agus a thug tacaíocht do ghrúpaí i dtíortha láimh leo. Bhí cur isteach nach beag freisin ag cuid de na cúig rialtas ar chúrsaí a gcomharsan. D'éirigh cúrsaí níos casta de bharr cur isteach ón taobh amuigh, go háirithe ag an dá shárchumhacht. Mar thoradh ar an gcás seo lean blianta den sceimhlitheoireacht agus den suaitheadh polaitiúil.

Go deireanach sna 1980idí thionóil na cúig rialtas cruinnithe dírithe ar chomhoibriú eacnamaíochta a mhéadú agus ar deireadh a chur le díospóidí réigiúnacha i Meiriceá Láir. Tháinig cúrsaí chun críche le cruinniú i nGuatamala, arbh é an Comhaontú 'Esquipulas II' ba thoradh leis. D'iarr Airí Gnóthaí Eachtracha na cúig thír cúnamh ón NA maidir le gnéithe áirithe den chomhaontú a fhíorú. Bunaíodh ONUCA mar thoradh air sin.

Ba é misean an ghrúpa ná a chinntiú nach raibh cúnamh á thabhairt d'fhórsaí neamhrialta níos mó agus do ghluaiseachtaí ceannairce, agus lena chinntiú nach n-úsáidfeadh stát amháin a chríoch chun ionsaí a dhéanamh ar stát eile. Bunaíodh 260 breathnóir san iomlán idir an ceanncheathrú in Tegucigalpa, Hondúras, agus 33 ionad fíorúcháin scaipthe ar fud an réigiúin. Cuireadh dhá héileacaptar déag, sé arthach cabhlaigh agus eitleán ar fáil freisin. Chuir airm na dtíortha ina raibh na breathnóirí ag oibriú coimhdeacht armtha ar fáil. De réir mar a d'fhorbair próiséas na síochána rinneadh díchoimisiniú ar airm na reibiliúnach Contra agus ar airm grúpaí eile agus tháinig feabhas ar an gcaidreamh idir na rialtais. Tháinig deireadh leis an misean in Eanáir 1992. 

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnONUCA - Ribbon
Fad:3 Nollaig 1989— 27 Eanáir 1992 
Cineál Oibríochta:  Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir) 
Tiomantas:     57 Misean Carnach 

Misean Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa tSalvadóir

ONUSAL - Eanáir 1992 — Bealtaine 1994
An lá a foirceannadh (ONUCA), chuaigh breathnóirí ón misean sin chuig an Salvadóir chun foireann a sholáthar do Mhisean nua ONUSAL.

ONUSALBunaíodh ONUSAL i ndiaidh shíniú chomhaontú síochána idir Rialtas na Salvadóire agus na reibiliúnaithe FMLN a raibh tacaíocht Chúba acu, a bhí ag troid ó 1979. Ba iad príomhghnéithe an chomhaontaithe ná laghdú 50% ar Arm na Salvadóire; FMLN a dhéanamh dleathach agus iad a aithint mar pháirtí polaitíochta dlisteanach agus scriosadh a chuid armra; agus bunú fórsa póilíneachta nua lena n-áirítear céatadán de lucht tacaíochta FMLN.

Faoi fheitheoireacht ONUSAL, baineadh amach formhór théarmaí an Chomhaontaithe. Tugadh laghdú an Airm chun críche sé mhí roimh an am a bhí leagtha síos dó, faoi Iúil 1992. Rinneadh FMLN dleathach i Nollaig 1992, agus baineadh amach díshlógadh iomlán a chuid trúpaí in Eanáir 1993. Cuireadh deireadh le tiomantas na hÉireann don mhisean seo i mBealtaine 1994.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnONUSAL - Ribbon
Fad:Eanáir 1992 — Bealtaine 1994
Cineál Oibríochta:  Oibríochtai Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir) 
Tiomantas:6 Misean Carnach

Misean na Náisiún Aontaithe i Háítí

UNMIH - Meán Fómhair 1994 — Márta 1996
Bhris an choimhlint amach i Háítí de bharr treascairt Ríshliocht Duvalier a bhí i réim ó 1957 go dtí 1986. Bhí geilleagar Háítí millte mar gheall ar réimeas brúidiúil, éagórach Duvalier, le tacaíocht ó mhílíste príobháideach 50,000 de líon slua, na Ton-Ton Macoutes, agus ba scáfar an saol a bhí ag formhór an sé mhilliún áitritheoir dá bharr. Toghadh an tAthair Jean-Bertand Aristide, sagart radacach den eite chlé, ina Uachtarán sa chéad toghchán daonlathach rathúil i 1990, le 67% den vóta. Chuir Pearsanra Airm Háítí, faoi cheannas an Leifteanantghinearáil Raoul Cedras, coup d'état ar cois agus treascraíodh Aristide. Tháinig méadú mór ar threascairtí ar chearta an duine, rud a chur go mór le síorthréigean na Háítíoch go dtí na Stáit Aontaithe atá in aice láimhe.

Bunaíodh an UNMIH i 1993 ach de dheasca neamh-chomhoibriú fhórsaí míleata Háítí ní rabhthas in ann é a imscaradh ina iomlán.

D'éirigh le foireann idirbheartaíochta ó na Stáit Aontaithe lánscoir Cedras a chur ar siúl agus tháinig Comh-Thascfhórsa Mheiriceá (JTF) go Háítí. Chuir an JTF an misean ar láimh don UNMIH, a athbhunaíodh le sainordú nua faoi UNSCR 940. Ba é tasc an UNMIH ná, cabhair a thabhairt do rialtas daonlathach Háítí trí; chosaint a chur ar phríomh lár-ionaid; leibhéal gairmiúlachta fhórsaí armtha Háítí a ardú; fórsa póilíneachta gairmiúil a chur ar bun; agus toghcháin saora agus chothroma a reachtáil. Tugadh misean an UNMIH chun críche i ndiaidh reachtáil toghcháin phairliminte agus áitiula ar éirigh leo, agus tháinig deireadh leis an misean i Meitheamh 1996.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNMIH Ribbon
Fad: Meán Fómhair 1994 — Márta 1996
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir) 
Tiomantas:6 Misean Carnach