Skip to main content

Árthach iascaigh coinnithe ag an LÉ George Bernard Shaw

Dé Máirt 20th Lúnasa 2019, 3.15in,
George Bernard Shaw P64

Árthach iascaigh coinnithe ag an LÉ George Bernard Shaw soir ó thuaidh ó Bhinn Éadair.

Tá árthach iascaigh atá cláraithe in Éirinn coinnithe inniu ag Árthach na Seirbhíse Cabhlaigh, an LÉ GEORGE BERNARD SHAW (P64), thart ar 20 muirmhíle Soir ó Thuaidh ó Bhinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhain an choinneáil le sárú a líomhnaítear a rinneadh ar rialacháin iascaireachta.

Tá an t-árthach á tionlacan ag LÉ GEORGE BERNARD SHAW go Binn Éadair, áit a dtabharfar ar láimh í don Gharda Síochána.

Is í seo an seachtú hárthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh go dtí seo in 2019. Cuireann Óglaigh na hÉireann cigireachtaí i gcrích ar iascaigh mhara i gcomhréir le comhaontú leibhéal seirbhíse leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais atáthar a chur ar fáil don stát.


Dáta an Phreasráitis: 20ú Lúnasa 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach