Skip to main content

Inrochtaineacht

Sonraí maidir le cúrsaí Áisiúlachta

Tá Óglaigh na hÉireann dúthrachtach maidir le heolas agus seirbhísí a chur ar fáil atá áisiúil don uile dhuine.  Tá an láithreán gréasáin seo leagtha amach de réir Threoirlínte W3C WAI faoi íisiúlacht íbhair Gréasáin agus sásaítear an chuid is mó de phríomhphointí seiceála 1 agus 2.  Leagtar amach thíos liosta de na ceisteanna atá fós le réiteach.

Tugadh dearadh ar an láithreán de réir phríomhphointí treoirlínte 1 agus 2 de Threoirlínte W3C maidir le híisiúlacht íbhair Gréasáin agus Treoirlínte ó íšdarás Náisiúnta Míchumais na hÉireann maidir le háisiúlacht gréasáin.  Mar shampla, úsáidtear bileoga stíle cascáideacha don leagan amach.  Cinntítear ar an gcaoi sin go dtugtar an t-ábhar ar aon líne agus is fearr dá réir sin a bhreathnú ar réimse leathan brabhsálaithe agus deiseanna úsáide eile.

Leagtar amach na leathanaigh ionas go mbíonn bailíocht leo mar DTD HTML 4.01 Transitional. Tá roinnt earráidí bailíochtúcháin i gceist go fóill ach tá an obair ar siúl chun sin a chur ina cheart.

An leibhéal áisiúlachta a choinneáil

Tá Óglaigh na hÉireann dúthrachtach maidir le leibhéal áisiúlachta an láithreáin ghréasáin seo a choinneáil agus le monatóireacht a dhéanamh air.  Le do thoil, cuir in iúl dúinn má thagann tú trasna ar aon fhadhbanna.  Is féidir teachtaireacht ríomhphoist a chur chuig an stiúrthóir gréasáin.

An cnaipe táibe a úsáid chun léim idir naisc

Tá an láithreán leagtha amach ionas gur féidir an cnaipe táibe ar an méarchlár a úsáid chun léim ó nasc go nasc.  Tá an nascleanúint agus na roghchláir ar fad leagtha amach in ord loighciúil ionas gur féidir sin.

An bhfuil an téacs róbheag agat?

  • Chun an téacs a mhéadú in Windows Explorer 5+, roghnaigh View > Text Size > Larger/Largest
    Chun an téacs a mhéadú in Firefox roghnaigh View > Zoom > Zoom In nó brúigh Ctrl++

Láithreáin úsáideacha

Más mian leat níos mó a léamh faoi chúrsaí íisiúlachta ar láithreáin ghréasáin, ceadaigh na láithreáin ghréasáin seo a leanas:

  • Treoirlínte maidir le híisiúlacht íbhair Gréasáin www.w3.org
  • Treoirlínte an íšdaráis Náisiúnta Míchumais maidir le híisiúlacht TE in Éirinn www.accessit.nda.ie