Na Daoine atá Uainn
Is iad na hOifigigh na bainisteoirí, an lucht déanta cinntí agus na ceannairí in Óglaigh na hÉireann. Is Oifigeach speisialtóra é an tOifigeach Leighis a chleachtann leigheas laistigh d'Óglaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Dírítear sa chleachtas leighis ar chosaint agus oideachas sláinte, ar chúram príomhúil agus ar an timpeallacht leighis. Bíonn dúshláin fisiceacha agus intinne an-dáiríre ag baint leis an obair. Chomh maith le do chuid oibre i gcúrsaí leighis, mar Oifigeach beifear ag súil go ndéanfaidh tú pearsanra an Chóir Liachta a stiúradh agus a bhainistiú.
Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg daoine a bhfuil na cáilíochtaí leighis iomchuí acu chomh maith leis na tréithe seo a leanas:
- An cumas nithe a phleanáil, a eagrú agus a chur in ord tosaíochta
- A bheith réasúnta aclaí
- A bheith soiléir agus beacht agus scileanna éifeachtacha cumarsáide a bheith acu
- An cumas daoine eile a spreagadh agus a bheith ábalta oibriú le foireann
Riachtanais ó thaobh aoise
Ní mór d'iarrthóirí a bheith faoi 35 bliana an 1 Nollaig bliain an iarratais.
Cáilíochtaí Gairmiúla
Ní mór d'iarrthóir: -
- Cáilíocht M.B., B.Ch, B.A.O ar a laghad nó a chomhionann a bheith aige
- A bheith cláraithe go hiomlán agus faoi láthair le Comhairle na nDochtúirí Leighis.
Éileofar ar an iarrthóir a n-éireoidh leis an clárúchán sin a choinneáil.
Riachtanais Leighis agus Coirp
Éileofar ar iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú dochtúra agus fiacla lena mbeidh tástálacha fola agus fuail i gceist. Is chun a chinntiú go bhfuil sláinte fhisiceach agus inchinne mhaith ag iarrthóirí é seo agus go bhfuil siad saor ó aon bhail, éalang nó nár bhain aon tinneas tromchúiseach dóibh roimhe seo a chuirfeadh isteach ar a gcuid dualgas míleata a fheidhmiú go héifeachtach.
Seo a leanas na híosriachtanais i ndáil le:-
Airde
Is 157.48 cm (5 troigh 2 orlach) an t-íosriachtanas ó thaobh airde. Ní mór caighdeáin fhisceacha agus meáchan a bheith de réir airde agus aoise.
Amharc
Amharc, gan cúnamh agus gan cóireáil, de nach lú ná 6/36 i ngach aon súil ach a bhféadfaí a cheartú go 6/12 i ngach aon súil nó nach lú na 6/6 sa tsúil dheas agus nach lú ná 6/36 sa tsúil chlé, agus gnáthaithint dathanna. Ní mór an dá shúil a bheith saor ó mháchail nó ó éalang éagumasaithe agus saor ó ghéargalar nó ó ghalar ainsealach. Níor cheart go mbeadh aon rian d'fhiarshúil a bheith in iarrthóirí ná claonamharc a bheith iontu. Is ag an scrúdú leighis a chinnfear incháilitheacht nó neamh-incháilitheacht iarratasóirí a chuaigh faoi chóireáil léasair nó gearradh roimhe seo. Féach Aguisín B chun tuilleadh eolais a fháil
Fiacla
Ní mór d'iarrthóirí a bheith saor ó aon ghalar tromchúiseach pearódóntach agus fiacla de chaighdeán sonrach a bheith acu, atá comhionann le nach lú ná aon fhiacail déag nádúrtha i mbarr agus aon fhiacail déag in íochtar. Is féidir go mbeadh fiacla saorga inghlactha i gcúinsí áirithe.
Éisteacht
Tá caighdeán maith éisteachta gan cúnamh riachtanach. Iarrfar ar iarrthóirí dul faoi scrúdú closmhéadrachta:
agus nach mbeadh suim na leibhéal tairsí éisteachta ag 1,2,3,4 agus 6 KHz níos airde ná na leibhéil rabhaidh a bhaineann le haois agus inscne mar a leagtar amach i "Treoirlínte maidir le Scrúduithe Éisteachta agus Rialacháin Closmhéadrachta 2007" arna n-eisiúint ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, agus,
ní mór d'iarrthóirí faoi 25 bliana a bheith ábalta gach glantoin thomhaiste de suas le 8kHz ag 20dB, agus sin san áireamh, a chloisteáil i ngach cluas agus iarrthóir os cionn 25 bliana a bheith ábalta gach glantoin thomhaiste suas go 8 kHz ag 25dB, agus sin san áireamh, a chloisteáil i ngach cluas. Ní mór d'iarrthóirí a bheith saor ó ghéar-mhíord cluaise nó ó mhíord cluaise ainsealach.
Moltar d'iarrthóirí ceol agus torann ard a sheachaint suas le 48 uair roimh an scrúdú mar go bhféadfadh a leithéid tionchar diúltach a imirt ar thorthaí an scrúduithe.
Iarratas a Dhéanamh
Ní mór d'Iarrthóirí Ionchasacha foirm iarratais ar líne a chomhlánú tríd an láithreán gréasáin seo. Sna Nuachtáin Náisiúnta agus ar an láithreán gréasáin seo a fhógraítear na dátaí don chomórtas agus ní ghlactar le hiarratas ach amháin ar na dátaí sin. Trí ríomhphost a dhéanfar gach comhfhreagras le hiarratasóirí feadh an chomórtais.
Agallamh
Iarrfar ar iarrthóir a mheasfar a bheith incháilithe freastal ar Agallamh.
Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar Fhostaithe
Iarrfar ar iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh teacht os comhair Bord Agallaimh Foirm Iarratais ar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a chomhlánú agus a shíniú. Tabharfaidh sin, faoi réir Alt 8 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, údarás don Gharda Síochána ráiteas a thabhairt do na hÚdaráis Mhíleata nach bhfuil aon chiontuithe cláraithe in aghaidh an iarrthóra, nó más infheidhme, ráiteas maidir le ciontuithe.
Téarmaí an Cheapacháin
Ar choimisiún gearrseirbhíse 8 mbliana a cheapfar oiliúnaithe i Leigheas Míleata faoin gcomórtas seo, i gcéim Leifteanant ar dtús agus an deis ann síneadh a chur le coimisiún gan teorainn maidir le ham, faoi réir aoiseanna scoir céime mar atá leagtha amach i Rialacháin Óglaigh na hÉireann agus alt 11 (g).
Ardú Céime
Ar an gcéad 2 bhliain oiliúna a thabhairt chun críche go rathúil, tabharfar ardú céime go céim Captaen do na hoiliúnaithe i Leigheas Míleata. Féadfaidh oifigeach a thugtar isteach ón gcomórtas seo, faoi réir na gcritéar ordaithe, dul san iomaíocht i gcomórtais ardaithe céime d'Oifigigh Leighis laistigh den Fhórsa Cosanta buan, de réir fhorálacha Rialacháin A.15. de chuid Óglaigh na hÉireann.
Oiliúint
Tabharfaidh oiliúnaithe i Leigheas Míleata faoi shainoiliúint dhá bhliain a bheidh roinnte ina n-aonaid chliniciúla (Leigheas, Péidiatraic, Leigheas Éigeandála chomh maith le socrúcháin eile a bhféadfadh Obstatric, Gínéiceolaíocht agus Síciatracht a bheith i gceist). Idir trí agus sé mhí a mhairfidh gach ceann.
Is in ospidéal a bheidh an chéad sainoiliúint seo ar bun lena gcomhlíonfar ceanglais Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann i ndáil le sainoiliuint Dochtúirí Teaghlaigh chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le leigheas a chleachtadh i dtimpeallacht mhíleata. Bheadh sé i gceist go ndéanfadh Oiliúnaithe sealaíocht réidh sna hospidéil ainmnithe agus sa timpeallacht mhíleata feadh na tréimhse dhá bhliain.
Beidh oiliúnaithe rannpháirteach freisin, mar chuid dá bhforbairt leanúnach, sa chlár scaoileadh lae le scéim atá ann cheana le linn an chéad bhabhta sainoiliúna. San áireamh beidh ábhair a bhainfidh le Dochtúireacht Teaghlaigh agus Leigheas Míleata.
I ndiaidh an tsainoiliúint dhá bhliain a thabhairt chun críche go rathúil, tabharfaidh an t-iarrthóir faoi ard-shainoiliúint trí bliana ina mbeidh 24 mhí de Dhochtúireacht Teaghlaigh faoi mhaoirseacht i gceist (6 mhí ar laghad a bheidh laistigh de thimpeallacht mhíleata agus béim ar othair teacht i láthair i bparáid lucht breoite) agus 12 mhí d'oiliúint mhaoirsithe ó thaithí ar leigheas míleata. Ar an ard-sainoiliúint seo a thabhairt chun críche agus na scrúduithe riachtanacha a fháil, beidh an t-oifigeach cáilithe chun cleachtadh gan maoirsiú.
Sa chás go mainnítear an oiliúint a thabhairt chun críche go rathúil, d'fhéadfaí coimisiún a tharraingt siar agus an té sin a scaoileadh chun siúil as Óglaigh na hÉireann.
Éileofar ar Oifigeach Leighis, i ndiaidh dó oiliúint a thabhairt chun críche go rathúil, trí bliana a chur isteach mar Oifigeach Leighis le hÓglaigh na hÉireann de réir na bhforálacha reatha mar a leagtar amach i dTuarascálacha na Comhairle Eadrána (CCR).
Féadfaidh Oifigeach Leighis a ionduchtaítear tríd an scéim seo, a ndearbhaíonn Stiúrthóir Craoibhe Leighis é a bheith oiriúnach ó thaobh rialachais chliniciúil de, ar mholadh ón gCeann Foirne iarratas a dhéanamh sa 6 mhí deiridh dá gcúram (i ndiaidh 7 mbliana agus 6 mhí) ar choimisiún gan aon teorainn maidir le ham. Ní féidir coimisiún den chineál sin gan teorainn maidir le ham a ghealladh agus bíonn sin faoi réir folúntas cuí a bheith ann nó a theacht chun cinn agus ar cheadú ón Rialtas go ndéanfaí moladh an Aire a chomhairliú don Uachtarán chun ceapachán dá leithéid a dhéanamh.
Éilítear ar Oifigigh Leighis tabhairt faoi chúrsaí oiliúna i mbunscileanna míleata, i sláinte & sábháilteacht, i gceannaireacht mhíleata, i réamhimlonnú thar lear, i bprótacal agus riarachán chomh maith le forbairt ghairmiúil leanúnach. Éilítear ar Oifigigh Leighis freisin tabhairt faoi thraenáil fhisiceach agus freastal ar chleachtaí míleata i gcáil leighis agus rannpháirtíochta.
Sannadh Aonaid
Arna gcoimisiúnú, déanfar Oifigigh Leighis a chur ar dualgas sa Lár-Aonad Leighis agus ar ardú céime a fháil go céim Captaen d'fhéadfadh go n-éilfí orthu fónamh in áit ar bith laistigh den Stát agus mar is ionann le Comhaltaí eile d'Óglaigh na hÉireann, beidh ceanglas éigeantach orthu fónamh thar lear.
D'ainneoin na míre roimhe seo, is é an tOifigeach i gCeannas an Lár-Aonaid Leighis i gcomhar le Stiúrthóir na Craoibhe Leighis a dhéanfaidh Oifigigh Leighis a shannadh, ar a dtréimhse oiliúna a bheith tugtha chun críche acu, chun folúntais laistigh de Shaoráidí Leighis Míleata Óglaigh na hÉireann nó d'Fheistis Cúnaimh Leighis a líonadh.
Is mar seo a leanas atá na Saoráidí Leighis Míleata:
- Saoráid Mhíleata Naomh Bricín, Bóthar na hOtharlainne, Baile Átha Cliath 7
- Dún Chostúim, Baile Átha Luain
- Dún Uí Choileáin, Corcaigh
- Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara
- Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, Baile Átha Cliath
- An Bhunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach, An Cóbh, Co. Chorcaí
Áirítear ar áiteanna na bhFeisteas Liachta:
- Dún an tSáirséalaigh, Luimneach
- Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh
- Dun Uí Mhaoilíosa, Gaillimh
- Campa Fionnabhair, Co. Dhún na nGall
- Dún Mhic Aogáin, Dún Dealgan
- Ceanncheathrú 2 Briogáide, Dún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6.
D'fhéadfadh poist eile a bheith i gceist de réir mar a bheidh riachtanas dá leithéid ann.
YOU MUST SIGN IN TO JOIN THE CONVERSATION