Skip to main content

Scoil Traenála na nOifigeach

SCOIL TRAENÁLA NA NOIFIGEACH

Tá an OTS freagrach as an gcomhordú ar gach traenáil Oifigeach agus déantar freastal ar Oifigigh Díriontrála, Daltaí Oifigeach agus Oifigigh atá coimisiúnaithe ó na Céimnigh. Freisin, déanann an scoil maoirseacht ar Oifigigh Faoi Oiliúint (OUT) ag institiúidí sibhialacha tríú leibhéal agus iad sin atá ag traenáil ar an láthair in aonaid de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh.

Traenáil Daltaí

Bliain a hAon

Gach bliain glacann an tSeirbhís Chabhlaigh le rang Daltaí. Traenacha an OTS Daltaí ón mBrainse Oibríochtaí, Daltaí Innealtóireachta Muirí agus Daltaí Innealtóireacht Leictreachais. Reáchtáiltear an Daltas Cabhlaigh thar dhá bhliain agus ina shé théarma. Traenáil bhunúsach mhíleata a bhíonn sa chéad bhliain agus bíonn gach brainse Daltaí páirteach ansin. íirithe sa traenáil sin tá traenáil armán, máirseáil, traenáil fhisiciúil, léamh mapaí, ceannasaíocht, srl. Sa dara téarma bíonn na Daltaí ag déanamh cúrsaí gearra speisialtóireachta ar a n-áirítear cumarsáid, mairnéalacht, staidéir straitéiseacha, gunnadóireacht, srianadh damáiste agus múchadh dóiteán. Seo freisin an téarma a chuireann na Daltaí tús lena dtraenáil bhunúsach loingseoireachta. Sa tríú téarma téann na Daltaí ar an bhfarraige ar bord cheann dár longa. Sin an uair a chuireann na Daltaí i bhfeidhm phraiticiúil an méid a bhíonn foghlama acu go dtí sin. Beidh siad ag plé le gach gné de shaol na loinge agus oibreoidh siad i ngach rannóg atá ar bord.

Bliain a Dó

Sa dara bliain cuireann na Daltaí tús lena gCúrsa Céime i Staidéir Mhuirí san NMCI, nó in Innealtóireacht Mhuirí ag brath ar an mbrainse a bhfuil an Dalta ag traenáil dó. Tá an NMCI ar cheann de na coláistí muirí is nua-aimseartha agus is deisithe sa Domhan. Sa 5ú téarma filleann na daltaí ar an bhfarraige arís cé nach rang a bheidh iontu anois ach iad ag dul amach ina n-aonar go dtí na longa chun tús a chur lena gcomhtháthú i saol oifigigh.

I dtéarma a sé a dhéanann na Daltaí na hullmhúcháin dheiridh dá saol mar Oifigigh sa tSeirbhís Chabhlaigh. Ag deireadh théarma a sé déanfar na Daltaí a choimisiúnú ag searmanas mór sa Bhunáit Chabhlaigh. Seo an áit a bhfeicfidh a gcairde agus a muintir na Daltaí agus iad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile dá ngairm mar Oifigigh Choimisiúnta.

Traenáil Ghairmiúil na nOifigeach

Tar éis a gcoimisiúnaithe leanann Oifigigh nua an bhrainse oibríochtaí lena dtraenáil ar muir lenár Longa Cabhlaigh féin agus le longa trádála mar chuid dá BSc. san Eolaíocht Mhuirí. Ag tús na céad bliana acadúla eile filleann na Oifigigh Faoi Oiliúint (OUT's) ar an NMCI chun an tríú bliain dá gcéim leibhéal 8 a chríochnú. Tar éis scrúduithe na 3ú bliana a dhéanamh go rathúil filleann na OUTanna ar an bhfarraige mar oiliúnaithe. An téarma réamh-fhaire a thugtar air seo agus is tréimhse dhian traenála í seo ina n-ullmhaíonn na OUTanna iad féin don Chúrsa Faire Cabhlaigh (NWC). Is é an NWC an chéim dheiridh sula bhféadfaidh na hOifigigh seo a n-áit a ghlacadh mar Oifigigh loinge i bpost mar Oifigeach Loingseoireachta, Oifigeach Gunnadóireachta nó Oifigeach Cumarsáide. Glactar leis an gcáilíocht seo mar chuid den Chéim (Onóracha) Leibhéal 8.