Skip to main content

An Loingeas

Áirithe sa loingeas tá Árthach Patróil Héileacaptair (HPV), trí Árthach Patróil Eischósta (OPV), dhá Árthach Patróil Mhóra (LPV) agus dhá Árthach Patróil Chósta (CPV). Tá innealra, armáin agus córais chaidrimh agus loingseoireachta den scoth ar gach árthach acu sin.

An Loingneas

Áirithe sa loingeas tá Árthach Patróil Héileacaptair (HPV), trí Árthach Patróil Eischósta (OPV), dhá Árthach Patróil Mhóra (LPV) agus dhá Árthach Patróil Chósta (CPV). Tá innealra, armáin agus córais chaidrimh agus loingseoireachta den scoth ar gach árthach acu sin. Is í an L.É Eithne an long ceannais atá ag SeirbhÁs Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann agus is HPV í sin.

Tá Loingeas na Seirbhíse Cabhlaigh ag leanúint den traidisiún faoin n-ainmnÁtear a cuid árthach i gcuimhne na mban cáiliúil i miotaseolaíocht na hÉireann agus na gCeilteach. Tá ocht long i mbun seirbhíse ag an tSeirbhís Chabhlaigh faoi láthair.

  • L.É. EITHNE  P 31
  • L.É. ORLA P 41
  • L.É. CÍARA P 42
  • L.É. RÓISíN P 51
  • L.É. NIAMH P 52
  • L.É SAMEUL BECKETT P61
  • LÉ JAMES JOYCE P62
  • LÉ WILIAM BUTLER YEATS P63

Árthach Patróil Eischósta

Tógadh na hárthaí ar fad i Longchlós Verolme i gCorcaigh agus cuireadh i mbun seirbhise iad i ndeireadh na 1970idí agus i dtús na 1980idí. Déanann na hárthaigh seo patrólú ar EEZ na hÉireann. Le linn a seirbhíse is iomaí misean athsholáthair déanta ag na hárthaí seo chuig trúpai na hÉireann a bhí lonnaithe thar lear leis na Náisiúin Aontaithe.

Árthach Mór Patróil

Tógadh na hárthaigh seo san Appledore Shipyard sa Bhreatain. Rinneadh na hárthaigh a choimisiúnú i mbun seirbhíse go deireanach sna 1990idí agus go luath sna 2000idí. Bíonn na hárthaí seo ag patrólú EEZ na hÉireann chomh maith le bheith amuigh ar an domhain san Atlantach. Tá cuid mhaith seirbhísí imscartha déanta ag na hárthaigh seo ina saol gairid, agus orthu sin tá imscaradh stairiúil an L.É. Niamh sa chianoirthear i 2001.

Árthach Patróil Chósta

Ceannaíodh na hárthaigh sin ó Chabhlach na Breataine agus coimisiúnaÁodh i mbun seirbhÁse iad sna 1980idí. Mar gheall ar an luas ard agus ar an doimhneacht beag snámha atá acu, tá na hárthaigh seo an-oiriúnach chun patról a dhéanamh gar do chósta na hÉireann. Le linn a seirbhíse bhí na hárthaigh seo páirteach i gcuid de na hurghabhálacha drugaí agus airm ba mhó a rinneadh riamh i stair na hÉireann.

LÉ Eithne P31

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Eithne

LÉ Orla P41

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Orla

LÉ Ciara P42

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Ciara

LÉ Róisín P51

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Róisín

LÉ Niamh P52

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Niamh

LÉ Samuel Beckett P61

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ Samuel Beckett

LÉ James Joyce P62

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ James Joyce

LÉ William B Yeats P63

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ William Butler Yeats

LÉ George B Shaw P64

Léigh roinnt faisnéise agus tréithe an LÉ George Bernard Shaw