Skip to main content

Scoil Lónadóireachta Óglaigh na hÉireann

Is í Scoil Lónadóireachta Óglaigh na hÉireann (DFSC) an phríomh-institiúid a bhfuil sé de chúram uirthi an lónadóireacht uile agus an traenáil i mbainistíocht lónadóireachta le haghaidh chomhaltaí Óglaigh na hÉireann (DF) a chur ar fáil. Tá an scoil i mbun oibre mar ionad traenála Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh an tArm Náisiúnta i 1922. Ó shin i leith tugadh teidil dhifriúla uirthi, Scoil Cócaireachta an Airm, Scoil Lónadóireachta an Airm agus an ceann is déanaí, Scoil Lónadóireachta Óglaigh na hÉireann. Cé gur tháinig athruithe ar na hainmneacha le himeacht na haimsire níor athraigh a croí-mhisean; is í fós lár-ionad agus taisceadán na scileanna lónadóireachta agus na traenála i mbainistíocht lónadóireachta in Óglaigh na hÉireann.

Reáchtálann an scoil traenáil ag réimsiú ó thraenáil i mbunscileanna cócaireachta le haghaidh iontrálaithe nua isteach i mbrainsí lónadóireachta na DF, go cúrsaí bainistíochta le haghaidh ceannairí sóisearacha, le haghaidh ONC agus oifigeach sinsearach. Tugann an scoil traenáil do phearsanra chun seirbhísí lónadóireachta a sholáthar sa gharastún agus ar shuíomh oibríochtaí araon, bíodh sin thar lear, sa bhaile nó ar farraige. Tá DFSC mórálach as a cáil, agus údar aici leis, as ucht na scileannna cócaireachta gairmiúla agus na traenála i mbainistíochta lónadóireachta ar ardchaighdeán a chuireann sí ar fáil do phearsanra Óglaigh na hÉireann. Táimid mar ionad barr feabhais anois as ucht na traenála lónadóireachta a chuirimid ar fáil dár ndaoine faoi oiliúint agus as ucht na sainchomhairle ar ghnóthaí lónadóireachta a chuirimid ar fáil d’aonaid agus d’eagair in Óglaigh na hÉireann go ginearálta.

Fís Straitéiseach

Tá modhanna traenála agus cuir chuige na foghlama sa scoil tagtha chun cinn le himeacht na mblianta. Le blianta beaga anuas tá athrú mór tagtha ar an gcaoi ina ndéantar traenáil ceirde agus bainistíochta a sheachadadh. Cuireadh tús leis an obair sna 1980idí chun cúrsaí cócaireachta a chreidiúniú le cáilíochtaí ó London City and Guilds (LC&G) agus mar sin tugadh creidiúintí a bhí cóibhéiseach le LC&G le haghaidh Cúrsaí na gCócairí Iontrálaithe Óga agus na Sár-Príomhchócairí. Athraíodh é sin níos déanaí go coibhéisí oideachais ceirde na hÉireann, de NVQ, Fáilte Éireann agus an creidiúniú leibhéal 6 FETAC atá ann faoi láthair. I 2010 bhain an scoil stadas soláthróir seirbhíse amach le haghaidh na Dámhachtana leibhéal 6 FETAC de Theastas i gCócaireacht Ghairmiúil. Dá bhrí sin bronntar an Teastas i gCócaireacht Ghairmiúil ar gach pearsa a chríochnaíonn Cúrsa na gCócairí Iontrálaithe Óga agus Cúrsa na Sár-Príomhchócairí. Is í fís straitéiseach na scoile ná a choinneáil cothrom le dáta leis na damhachtainí agus na caighdeáin ghairmiúla atá ar fáil sna forais traenála lasmuigh ó thaobh na ceirde de. Ní mór dúinn chomh maith a bheith aireach ar riachtanais lónadóireachta Óglaigh na hÉireann maidir le traenáil i mbainistíocht lonadóireachta agus sainchomhairle a chur ar fáil i leith gnóthaí lónadóireachta sa bhaile agus thar lear.

Príomhghníomhaíochtaí

Tá DFSC ag leanúint ag forbairt agus ag reáchtáil cúrsaí scileanna agus traenála i mbainistíocht lónadóireachta le haghaidh Óglaigh na hÉireann. Soláthraíonn an scoil traenáil atá cothrom le dáta thar speictream leathan gníomhaíochtaí i réimse na lónadóireachta. Reáchtáiltear cursaí oiliúna ag réimsiú ó bhunchúrsa cócaire thosaigh go cúrsaí bainistíochta atá ag teastáil ó phríomhchócairí ONC. Cuireann an scoil seirbhís chomhairleach maidir le lónadóireacht ghairmiúil ar fáil d’Óglaigh na hÉireann chomh maith. Tharlódh go gcuirfí comhairle ar phearsanra ceannais agus lóistíochta in aonaid ar leith de na hÓglaigh. Cuireann an scoil comhairle ar Stiúrthóireacht na hInnealtóireachta maidir le suiteáil trealamh lónadóireachta ar thionscadail nua tógála agus i gcás athchóirithe cistiní agus tugann sí comhairle agus moltaí don Stiúrthóireacht Ordanáis maidir le trealamh lónadóireachta machaire, pacaí ciondála agus soláthar bia. Reáchtálann DFSC na cúrsaí seo a leanas:

  • Cúrsaí na gCócairí Iontrálaithe Óga agus na Sár-Príomhchócairí
  • Cúrsa Sóisearach i mBainistíocht Lónadóireachta
  • Gnáthchúrsa i mBainistiocht Lónadóireachta
  • Cúrsa Sinsearach i mBainistíocht Lónadóireachta
  • Cúrsa Lónadóireachta Machaire
  • HACCP agus Sábháilteacht Bia le haghaidh Oibrithe Bia