Skip to main content

Scoil Cumarsáide & Seirbhísí Faisnéise

Misean

Is í aidhm na Scoile Cumarsáide agus Seirbhísí Eolais (CIS), traenáil a chur ar fáil maidir le feidhmiú agus cothabháil ar threalamh cumarsáide a bhíonn in úsáid ag Óglaigh na hÉireann.

Reáchtálann an Scoil Chumarsáide agus Seirbhísí Faisnéise traenáil sna réimsí seo a leanas:

  • Scéime Oiliúna do Theicneoirí
  • Comharthóirí Reisiminte
  • Teicneoirí Innealtóireachta Leictreonacha
  • Teagascóirí Raidió
  • Cothabháil Teileafóin
  • Cumarsáid Sonraí
  • Córais Mhícreathoinne
  • Riarachán Líonra
  • Cúrsaí gairme le haghaidh oifigigh an Chóir CIS

Fís Straitéiseach

Bíonn an Cór CIS ina eagraíocht fuinniúil foghlama. Tagann feabhas leanúnach ar ár gcumas oibriúcháin dá bharr sin. Éiríonn linn teacht lenár Misean mar thoradh air sin. Is iad seo a leanas, spriocanna straitéiseacha an CIS i dtaca le traeneáil agus oideacha

  • Traenáil Cumarsáide agus Seirbhísí Eolais a chaomhnú agus a fheabhsú ar bhonn bliantúil de réir Threoir Bhliantúil Traenála Óglaigh na hÉireann.
  • Traenáil a chur ar fáil de réir na dtreoracha ó Stiúrthóir an Chóir CIS
  • Cinntiú go gcloítear le caighdeáin Traenála an Chóir CIS go héifeachtach
  • Measúnú agus tástáil leanúnach a dhéanamh ar chumas inghluaiste feidhmiúcháin an Aonaid Mhachaire
  • Siollabais thraenála an CIS a athbhreithniú agus a fheabhsú chun teicneolaíocht nua a chuimsiú agus oilteacht mac léinn a fheabhsú
  • Cabhrú le forbairt agus taighde ar threalamh nua i ndán le nósanna imeachta
  • Comhoibriú le hinstitiúidí seachtracha oideachais a fhorbairt agus a fheabhsú

Bunseirbhísí

Tá struchtúr fo-aonaid ag scoil an CIS a bhfuil 3 rannóg ann. Cuireann na rannóga seo traenáil ar fáil maidir le nósanna imeachta, oilteacht theicniúil agus ionsamhlú. Seo a leanas na rannóga;

Nósanna Imeachta agus Feidhmiúcháin — Is í príomh-fheidhm na rannóige seo, traenáil a chur ar fáil don fhoireann DF maidir le nósanna imeachta agus feidhmiúcháin CIS.Cuirtear na cúrsaí seo a leanas ar fáil:

  • Feidhmiú Threalamh Cumarsáide
  • Ceannasaí Díorma
  • Rigeálaí Aeir
  • Comharthaí Reisiminte
  • Gnáthchúrsa NCO an CIS
  • Oifigigh Óga an CIS

Is é an cúrsa ar Fheidhmiú Threalamh Cumarsáide an cúrsa bunleibhéil traenála i gCóir an CIS. Forbraíonn sé scileanna agus inniúlacht an duine gléasra an CIS a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht bheartach. Foghlaimítear maidir le nósanna imeachta gutha i gcomhthéacs míleata agus feidhmiú raidió míleata. Foghlaimítear chomh maith conas líonra líne a shuiteáil, cothabháil a dhéanamh air agus deireadh a chur leis i gcomhthéacs beairice daingean agus ar shuíomhanna scoite.

Rannóg Theicniúil — Tugann an rannóg seo eolas teicniúil don duine ar ghnéithe teicniúla éagsúla den CIS. Cuirtear an traenáil ar fáil mar seo a leanas:

  • Scéim Oiliúna do Theicneoirí (TTS)
  • Cúrsaí Foráis Traenála Teicniúil
  • Traenáil i bhFeidhmiú Straitéiseach

Tugann an cúrsa teicniúil i Scoil an CIS cáilíocht agus grád don fhoireann DF mar theicneoirí an Chóir CIS. Is í cuspóir na Scéime Oiliúna do Theicneoirí (TTS) teicneoirí a chur ar fáil do Chóir an CIS. Tugann an scéim deis d’iarrthóirí rathúla a bheith mar bhall éifeachtach de Chóir an CIS, chomh maith le deis chun scileanna teicniúla a fhorbairt i réimsí leictreonacha, teileacumarsáide agus teicneolaíochta ríomhairí. Tá na caighdeáin is airde ag an gcóras traenála agus cinntíonn sé go mbaintear amach na cáilíochtaí is airde. Cuirtear an Scéim Oiliúna do Theicneoirí ar fáil i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Cheatharlaigh agus ceadaítear do dhaoine Gnáthchéim 3ú Leibhéal, Baitsiléir Innealtóireachta in Innealtóireacht Leictreonach (Córais Mhíleata Chumarsáide) Gradam HETAC Leibhéal 7 a bhaint amach.