Skip to main content

Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann

Is é an ról atá ag Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann ná infheidhmeacht choirp, stíl mhaireachtála shláintiúil agus spórt laistigh d’Óglaigh na hÉireann, (DF) a chur chun cinn agus cúrsaí struchtúrtha forchéimnitheacha traenála agus teagaisc sa chorpoideachas, atá sábháilte, éifeachtach agus ag teacht le treochtaí agus forbairtí an lae inniu, a thairiscint do mhic léinn uile na scoile.

Is í DFPES an t-aon ionad corpoideachais atá ag Óglaigh na hÉireann agus soláthraíonn sí iliomad cúrsaí ó Chúrsaí le haghaidh Teagascóirí Corpoiliúna (PTI) go cúrsaí tarrthála agus cúrsaí uisce-bhunaithe.

Fís Straitéiseach

Tá Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann ar a dícheall i gcónaí chun an t-oideachas is nua-aimseartha i leith na corpoiliúna a chur ar fáil d’Óglaigh na hÉireann. Tá caidreamh bunaithe ag DFPES le hOllscoil Luimnigh le cead a thabhairt do mhic léinn PT1 a bheith creidiúnaithe leis an Teastas Naisiúnta in Aclaíocht agus Corpacmhainn ag deireadh gach cúrsa PT1. Ar an gcaoi chéanna tá na cáilíochtaí linne, mar na Dámhachtainí Tarrthála agus Múinteoirí Snámha creidiúnaithe ag a gcomhlachtaí náisiúnta iomchuí.

Trí na naisc seo a dhéanamh tá creat leagtha síos ag DTPES lena chinntiú go mbeidh oiliúint san ábhar cúrsaí is nua-aimseartha faighte ag mic léinn agus iad ag fágáil DFPES agus go mbeidh Óglaigh na hÉireann mar mheirgire le haghaidh cáilíochtaí aclaíochta sa todhchaí.

Príomhghníomhaíochtaí

Cé gurb í príomh-fheidhm DFPES oideachas a chur ar mhic léinn a bhíonn ar chúrsaí corpoideachais, cuirtear an tsaoráid ar fáil chomh maith le h-úsáid ag comhaltaí Óglaigh na hÉireann chun críocha traenála. Ón uair a cuireadh Bac-Chúrsa nua Óglaigh na hÉireann leis i 2008 cuireann DFPES lárionad ar fáil d’aonaid Óglaigh na hÉireann le gur féidir leo taisteal go limistéar traenála amháin agus réimse leathan seisiún fisiceach a dhéanamh. Tá roinnt ról breise ag DFPES chomh maith lena n-áirítear:

  • Trialacha aclaíochta bliantúla a reáchtáil le haghaidh DFTC agus trialacha ionduchtaithe aclaíochta a chur ar earcaigh agus ar dhaltaí
  • Saineolas teicniúil agus teagascóirí a chur ar fáil le haghaidh imeachtaí Chumann Lúthchleas Óglaigh na hÉireann
  • íšsáid na linne ag scoileanna áitiúla a éascú
  • Baill foirne a chur ar fáil chun úsáid na linne, an halla spóirt agus saoráidí aclaíochta a éascú
  • íirithintí, foirniú, maoirseacht agus cothabháil saoráidí spóirt uile DFTC