Skip to main content

An Scoil Marcra

Page-cav-sch-1070

Is í príomhfheidhm na Scoile Marcra ná tacaíocht a thabhairt don Stiúrthóir Marcra agus do chuspóirí traenála an Chóir Mharcra agus dá chuid freagrachtaí.

Misean

“Chun barr feabhais i bhfeidhmíocht ghairmiúil na Scoile Marcra a bhaint amach trí na scileanna agus an t-eolas is gá chun aschuir a uasmhéadú a chur ar fáil don Chór Marcra.”

Is í an Scoil Mharcra institiúid traenála tiomnaithe an Chóir Mharcra agus tá sainchumas aici i leith cheannas, rialú, thraenáil, oibriú agus imscaradh oirbheartaíoch armúir chun tacú le briogáidí airtléire agus i gcothabháil acmhainní armúrtha Óglaigh na hÉireann. Is iad na haonaid oibríochta neamhspleácha, a sholáthraíonn acmhainneacht tacaíochta comhraic armúrtha éadrom chuig na briogáidí airtléire agus i gcás an 1ú Scuadrún Marcra Armúrtha, acmhainn comhraic armúrtha chuig Óglaigh na hÉireann, atá bunúsach d’eagrú an Chóir.

Róil na Scoile Marcra

Is iad príomhróil na Scoile Marcra ná:

  • A bheith ag cur feabhais go leanúnach ar acmhainneacht oibríochta an Chóir Mharcra ar mhaithe le réiteach a dhéanamh chun Cosaint Mhíleata a thabhairt do shláine chríche an Stáit.
  • Leanúint ag cur oideachais, traenála agus cleachtaidh ar Oifigigh, ar Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe agus ar Thrúipéirí an Chóir Mharcra chun acmhainneacht aonair, comh-ullmhacht, éifeacht oibríochta agus éifeachtúlacht a fhorbairt agus a uasmhéadú.
  • Chun an acmhainneacht a sholáthar do leorlíon fórsaí an Chóir Mharcra chun cuidiú le cion tairbhe suntasach marthanach a dhéanamh i leith thacaíocht síochána idirnáisiúnta, i leith bhainistíocht géarchéime agus i leith oibríochtaí daonnúla.

Príomhghníomhaíochtaí

  • Cúrsaí a reáchtáil de réir Threoir Traenála Bliantúil an DFHQ
  • Na Cúrsaí Chór Gairme agus Teagascóra riachtanacha le haghaidh gach céime a chur i gcrích
  • Cúrsaí Ceannaireachta Sóisearacha agus Cúrsaí Gairme a reáchtáil le haghaidh Oifigeach agus ONC
  • Cúrsaí Oifigeach Teicniúil a reachtáil de réir pholasaí an Chóir Mharcra
  • Traenáil Chomhghnásach Oirbheartaíochta a reáchtáil le haghaidh gach Céime
  • Traenáil a reáchtáil le haghaidh speictream iomlán na nOibríochtaí Tacaíochta Síochána
  • Gach tástáil gunnadóireachta agus tiomána a dheimhniú laistigh den Chór Marcra
  • Tacú le Traenáil Aonaid agus le Comhthraenáil RDF chomhtháite agus neamh-chomhtháite