Skip to main content

An Scoil Ceannais agus Foirne

Is í an Scoil Ceannais agus Foirne, atá suite laistigh den Choláiste Míleata, Scoil Shinsearach Óglaigh na hÉireann. Tacaíonn sí le forbairt ghairmiúil Oifigeach Sinsearach uile Óglaigh na hÉireann trí chúrsaí oideachais sainoiriúnaithe a chur ar fáil. Díríonn na cúrsaí seo ar cheannairí sinsearacha a fhorbairt ar féidir leo próisis smaointeoireachta chriticiúla agus cinnteoireacht réasúnach a úsáid chun fadhbanna a réiteach laistigh de na timpeallachtaí casta míleata, eacnamaíocha, faisnéise, agus taidhleoireachta a bhféadfaí iad a phostú iontu ar imscaradh. An cuspóir atá ann ná chun Oifigigh Shinsearacha a chumasú le hoibríochtaí a phleanáil agus a riaradh thar speictream iomlán gníomhaíochtaí míleata ag leibhéil oirbheartaíochta, oibríochta agus straitéise i dtimpeallachaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá comhpháirtíocht straitéiseach forbartha ag an Scoil Ceannais agus Foirne le hOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad (NUIM). Tugann an chleamhnacht seo tacaíocht acadúil don Scoil i bhfoirm cláir MA agus cúnaimh le léachtaí i réimsí gaolmhara.

Fís Straitéisieach

Féachann fís na Scoile Ceannais agus Foirne i leith oideachas gairmiúil na mac léinn, le ceannairí sinsearacha Óglaigh na hÉireann a fhorbairt don todhchaí a bheidh ina smaointeoirí criticiúla agus ina gcinnteoirí reasúnacha a bheidh ar thóir na barrmhaitheasa agus ar daoine iad ar féidir leo an timpeallacht chasta mhíleata, eacnamaíochta, fhaisnéiseh agus thaidhleoireachta a thuiscint agus bheith ag feidhmiú inti.

Eiteas agus Fealsúnacht Oideachais na Scoile

Is féidir fís na Scoile Ceannais agus Foirne a bhaint amach má bhíonn timpeallacht, atmaisféar agus eiteas na scoile ann a chabhróidh le staidéar, foghlaim, machnamh agus forbairt phearsanta. Cuireann foireann na scoile bunéirim i láthair agus cothaíonn siad timpeallacht dá réir le haghaidh na mac léinn ar fad. Chun an fhealsúnacht seo a chaomhnú agus a fhorbairt déanfaidh foireann na scoile:

  • Atmaisféar comhchuibhiúil a chruthú agus a chaomhnú ina measc féin a bheidh bunaithe ar an gcaighdeán is airde eitice míleata gairmiúla. Chuige sin, ritheann comhoibriú agus obair bhuíne le taobh na tionscnaíochta, na smaointeoireachta neamhspleách agus an fhéintuilleamaí.
  • Caidreamh atá aibí go gairmiúil agus tacúil a chaomhnú leis na mic léinn ionas go spreagtar gach mac léinn chun cur leis an bpróiseas foghlama trí rannpháirtíocht ghníomhach. Chuige seo déanfaidh foireann na scoile:
    • Mic léinn a spreagadh chun a gcuid cumas réasúnaíochta agus acmhainní a úsáid.
    • Forbairt na cruthaíochta agus na samhlaíochta a chothú sna mic léinn.
    • Na mic léinn a mhúineadh sa teicníc chun croí na faidhbe a aithint agus iad a chumasú chun teacht ar thátal nó cinneadh loighciúil laistigh d’am réasúnach.
    • An mac léinn a spreagadh agus a threorú chun a shaintréithe féin agus na cáilíochtaí atá riachtanach dá dhul chun cinn pearsanta a fhorbairt.
    • An mac léinn a chur faoi lé chleachtadh traenála a dhéanfaidh forbairt ar a chumas chun déileáil le cora strusmhara gan choinne.
    • Atmaisféar a chothú a chuideoidh le comhtháthú agus le comrádachas sa ghrúpa.

Príomhghníomhaíochtaí

Is í príomhghníomhaíocht na Scoile Ceannais agus Foirne ná an Cúrsa Sinsearach Ceannais agus Foirne a reachtáil (SC&Cse). Ach nuair is gá, reáchtálann an Scoil Ceannais agus Foirne Cúrsaí Ceannaireachta Straitéiseacha chun freastal ar éileamh na seirbhíse atá ag fás sa bhaile agus thar lear araon.

Cúrsa Sinsearch Ceannais agus Foirne

Ag teacht le Rialacháin Óglaigh na hÉireann tá an cúrsa seo “deartha chun oifigigh de gach cór seirbhíse a cháiliú do chéim Leifteanant Cornal nó níos airde, chun dul i gceannas ar eagair de gach comhpháirt d’Óglaigh na hÉireann agus chun an obair foirne níos airde a bhaineann le láimhseáil na n-eagar sin a dhéanamh” (DFR CS 3, Cuid1, Alt 6 (ii)).

Maireann an chúrsa, atá suite ag leibhéal staidéir iarchéime, ó Mheán Fómhair go Meitheamh gach bliain, cothrom le bliain acadúil amháin. An rud atáthar ag iarraidh a bhaint amach ar deireadh ná intinn fhorbartha atá solúbtha, agus a chuireann ar chumas céimithe anailísiú agus coincheapú i gcomhthéacs míleata, ar mhaithe le cinntí tráthúla agus loighciúla a dhéanamh le héifeachtacht fheabhsaithe ar fud réimse timpeallachtaí míleata sa bhaile agus thar lear araon. Ritheann téamaí agus snáitheanna lárnacha trí gach gné den SC&S Cse agus féachann an t-eiteas oideachais le físeanna leathana a mhéadú agus a fhorbairt i ndiaidh anailís chuimsitheach agus chórasach a dhéanamh. Cuireann an SC&S Cse Céim Mháistreachta i mBainistíocht Ceannaireachta agus Staidéir Cosanta (MA LMDS) ar fáil. Tá an MA LMDS, atá ina chomhfhiontar dinimiciúil idir Óglaigh na hÉireann agus NUIM, ag tosú ar an naoú mbliain ar an bhfód anois. Is iad na trí cholún ar a bhfuil an cúrsa bunaithe ná:

  • Barr feabhais a chur chun cinn i ngairm na nOifigeach
  • Próiseas Cinnteoireachta Míleata a úsáid chun torthaí cothromaithe a fháil
  • Breis forbartha ar smaointeoireacht chriticiuil i measc mac léinn.

Cúrsa Ceannaireachta Straitéiseach

Déanann an Scoil Ceannais agus Foirne Cúrsa Ceannaireachta Straitéiseach Óglaigh na hÉireann a óstáil agus a chomhordú. Ta an cúrsa seo deartha go sonrach le haghaidh ceannairí sinsearacha Óglaigh na hÉireann agus tá sé sainoiriúnaithe chun freastal ar éilimh atá ag dul i méid agus a thagann chun solais le linn seirbhíse sa bhaile agus thar lear araon. Sasaíonn an cúrsa na spriocanna chun tuiscint a leathnú i dtaobh sheasamh Óglaigh na hÉireann i dtaca le macracheisteanna domhanda agus comhthéacs náisiúnta na hÉireann a bhfuilimid ag feidhmiú agus faoi shainorduithe ann. Mar is ionainn le SC&S Cse tugann Ollscoil Mhaigh Nuad tacaíocht agus cúnamh luachmhar agus déantar Teastas i gCeannaireacht Straitéiseach ó NUIM a bhronnadh orthu sin a chríochnaíonn an cúrsa.