Skip to main content

An Coláiste Míleata

Tá an Coláiste Míleata freagrach as oiliúint agus foirceadal a chur ar fáil do Cheannaireacht, bainistíocht agus aonaid chomhraic de chuid Óglaigh na hÉireann. íirítear san oiliúint cúrsaí gairme, tacaíocht d’armáin choisithe, cúrsaí don bhainistíocht shinsearach agus oiliúint thar lear.

An Coláiste Míleata

Sa bhliain 1923, rinne an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) 1923 foráil do bhunú Choláiste Míleata Éireannach, agus bunaíodh Scoil Teagaisc an Airm ina raibh foireann mhór faoi cheannas Maorghinearál. Bhí sí lonnaithe sa Bhearaic Airtléire i gCill Dara ar dtús agus aistríodh í go dtí Dún Keane (Dún an Phiarsaigh) sa bhliain 1924. Cuireadh Misean Míleata na hÉireann go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1926 chun staidéar a dhéanamh ar ghairm na n-arm ag bunaíochtaí míleata i Meiriceá. Bunaíodh Coláiste Míleata na hÉireann, mar atá cur amach againn anois air, go foirmiúil i 1930, agus coimisiúnaíodh an chéad rang daltaí an bhliain sin.

Tá an Coláiste Míleata freagrach as oiliúint agus foirceadal a chur ar fáil do Cheannaireacht, bainistíocht agus aonaid chomhraic de chuid Óglaigh na hÉireann. íirítear san oiliúint cúrsaí gairme, tacaíocht d’armáin choisithe, cúrsaí don bhainistíocht shinsearach agus oiliúint thar lear.

Tá an Coláiste Míleata comhdhéanta de cheithre Scoil.

  • An Scoil Ceannais agus Foirne
  • An Scoil Coisithe
  • Scoil na nDaltaí
  • Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éirinn

Scoileanna eile an Choláiste Míleata

  • An Scoil Airtléire
  • An Scoil Mharcra
  • An Scoil Riaracháin Mhíleata
  • Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann

An Scoil Ceannais agus Foirne

Is í an Scoil Ceannais agus Foirne an scoil shinsearach Óglaigh na hÉireann. Tacaíonn sí le forbairt ghairmiúil Oifigeach Sinsearach uile Óglaigh na hÉireann

Scoil na nDaltaí

Tá Scoil na nDaltaí an scoil freagrach i leith thraenáil agus oideachas na ndaltaí oifigigh ar son Óglaigh na hÉireann.

An Scoil Coisithe

Soláthraíonn an Scoil Coisithe saintraenáil gairme i leith armán coisithe agus cúrsaí foirne le haghaidh Oifigeach agus Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe

Scoil Airtléire

Reáchtálann an Scoil Airtléire cúrsaí gairme agus teicniúla in Airtléire Mhachaire agus Aerchosaint, déanann sí gach cleachtadh lámhaigh bheo airtléire sa Stát a mhaoirsiú

An Scoil Marcra

Is í an Scoil Mharcra institiúid traenála tiomnaithe an Chóir Mharcra agus tá sainchumas aici i leith cheannas, rialú, thraenáil, oibriú agus imscaradh oirbheartaíoch armúir chun tacú le briogáidí

Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe

Ó thráth a bunaithe i leith is í Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éirinn (UNTSI) pointe fócasach iarracht Óglaigh na hÉireann chun réiteach le haghaidh Óibríochtaí Tacaíochta Síochána a chaighdeánú.

An Scoil Riaracháin Mhíleata

Is féidir cur síos a dhéanamh ar Riarachán Míleata, mar a bhaineann sé le hÓglaigh na hÉireann, mar na gnóthaí míleata uile nach bhfuil san áireamh i straitéis agus oirbheartaíocht, a eagrú, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm

Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann

Is í DFPES an t-aon ionad corpoideachais atá ag Óglaigh na hÉireann agus soláthraíonn sí iliomad cúrsaí ó Chúrsaí le haghaidh Teagascóirí Corpoiliúna (PTI) go cúrsaí tarrthála agus cúrsaí uisce-bhunaithe.

Clár Staidéar Cosanta

Tá seasamh ar leithligh ag Óglaigh na hÉireann ó thaobh an aschuir fhoghlama de mar bíonn pearsanra ar dul faoi thraenáil agus ag déanamh cúrsaí oideachais ar bhonn leanúnach.