Skip to main content

Vision2030

Cosain Ár Stát, Athraigh Ár bhFórsaí, Tabhair Luach dár nDaoine.
V1

Teachtaireacht ón gCeann Foirne, an Leifteanant Ginearálta Seán Clancy.


Le linn an chruinnithe a bhí againn le déanaí le Bord Óglaigh na hÉireann, tugadh
eolas dúinn maidir lenár bhFís 2030.  Tugtar léargas soiléir nó Staid Deiridh dúinn go
léir san Fhís nua seo maidir leis an gcuma a bheidh ar Óglaigh na hÉireann ar chur i
bhfeidhm mholtaí CoDF agus ar bhaint amach Leibhéal Uaillmhéine 2+.

  
Tá an méid seo a leanas le léamh sa ráiteas Físe: Fórsa míleata comhpháirteach,
sofhreagrúil agus oiriúnach don fheidhm a bheidh in Óglaigh na hÉireann, a bheidh
dírithe ar ár gceannasacht a chosaint, saoránaigh na hÉireann a chosaint, agus
leasanna na hÉireann a dhaingniú. 


Bainfear é sin amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:  Ár gcultúr a athrú ó
bhonn, ár bhfórsa a nuachóiriú chun go mbeidh sé de chumas againn bagairtí a
dhíspreagadh ar fud timpeallachtaí oibríochtúla ilfhearainn; Luach a chur ar dhínit ár
ndaoine agus meas a léiriú uirthi, iad a chumhachtú chun bheith ‘Níos Fearr’, agus
gairmeacha spreagúla sásúla a chur ar fáil do gach duine a fhónann.

 
Trínár bhFís a fhíorú, beimid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh: Ár Stát a
Chosaint, Ár bhFórsaí a Athrú ó Bhonn, Luach a bheith againn ar ár bPobal.


Tá dul chun cinn den scoth déanta againn le 21 mholadh de mholtaí CoDF curtha i
gcrích cheana féin. Sna seachtainí amach romhainn, cuirfimid sraith nuashonruithe
CONNECT amach ina leagfar amach an dul chun cinn atá déanta mar aon leis an
mbealach atá romhainn.


Is sibhse, ár gcuid daoine féin, an chúis a bhí le rath ár n-eagraíochta i gcónaí agus
ní bheidh aon athrú ar an aistear seo. Ionas gur féidir linn an Fhís a bhaint amach,
ní mór do gach duine againn glacadh leis an athrú, é a mhúnlú agus a threorú. Beidh
sé dúshlánach, ach tabharfaidh sé deis dúinn, deis nach bhfaightear ach uair sa
chéad, Óglaigh na hÉireann a sholáthar a bheidh in ann aghaidh a thabhairt ar
bhagairtí agus iad a dhíspreagadh, agus ag an am céanna freastal ar ár n-ionchais
ghairme agus cothromaíochta saoil.


#Fís2030