Skip to main content

Trúpaí na hÉireann sa Bhaile Arís i nDiaidh Imscaradh Sé Mhí i nDeisceart na Liobáine

Trúpaí na hÉireann sa Bhaile Arís i nDiaidh Imscaradh Sé Mhí i nDeisceart na Liobáine Tháinig an grúpa deiridh de bhreis agus 190 trúpa Éireannach ón 118ú Cathlán Coisithe, Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL), abhaile tráthnóna go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath i ndiaidh imscaradh sé mí i nDeisceart na Liobáine.
51718484345_db4e3e5d0c_o

 Trúpaí na hÉireann sa Bhaile Arís i nDiaidh Imscaradh Sé Mhí i nDeisceart na Liobáine

Tháinig an grúpa deiridh de bhreis agus 190 trúpa Éireannach ón 118ú Cathlán Coisithe, Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL), abhaile tráthnóna go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath i ndiaidh imscaradh sé mí i nDeisceart na Liobáine.

 Imscaradh 341 pearsanra ar fad de chuid Óglaigh na hÉireann leis an 118ú Cathlán Coisithe. Is ón 6ú Cathlán Coisithe i nDún Chostúim, Baile Átha Luain formhór phearsanra an 118ú Grúpa Coisithe ach tá pearsanra ann ó go leor aonaid éagsúla de chuid an Airm, na Seirbhíse Cabhlaigh agus an Aerchóir freisin.

 D’oibrigh an t-aonad mar chuid de chathlán ilnáisiúnta, ina raibh pearsanra de chuid na hÉireann, Mhálta, na Polainne agus na hUngáire, dá dtagraítear le chéile mar IRISHPOLBATT. 

 Tá Deisceart na Liobáine bainte amach ag an 119ú Cathlán Coisithe, a thiocfaidh in áit an 116ú Cathlán Coisithe agus tá siad i dteannta a gcomhghleacaithe UNIFIL ar an láthair.

 

Staitisticí agus Figiúirí

  • Imscaradh trí chéad daichead a haon pearsanra (341) de chuid Óglaigh na hÉireann san iomlán leis an 118úCathlán Coisithe an seal seo.
  • Imscaradh 18 bean leis an 118ú Cathlán Coisithe.
  • Thaistil seachtó ocht pearsanra (78) thar lear le hÓglaigh na hÉireann den chéad uair le linn an tseala dualgais seo.
  • Is as 28 contae ar fud na hÉireann pearsanra an 118ú Cathlán Coisithe; is as an Iarmhí, Cill Dara, Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Uíbh Fhailí an chuid is mó acu.

 

Íomhánna:https://www.flickr.com/gp/dfmagazine/F8P533