Skip to main content

Sonraí Sochraide An Saighdiúir Singil Seán Rooney RIP

Déardaoin, an 22 Nollaig 2022 Aistreofar corp an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney RIP chuig Séipéal an Teaghlaigh Naofa, Dún Dealgan Déardaoin an 22 Nollaig 2022 ag 0830am don Aifreann ag 0900am (Níl cead ag na meáin chumarsáide a bheith sa séipéal).
Fj_wXy0XwAAo2wU-2

Beidh seirbhís adhlactha ar siúl ina dhiaidh sin i Séipéal Caitliceach na Naomh Uile, i gCnoc na Cúile, Dún na nGall (Measfar go mbeidh sé ar siúl ag 1530pm). Cuirfear é le lánonóracha míleata.

 

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.