Skip to main content

Searmanas Coimisiúnaithe Oifigeach an 61ú Rang Daltaí den tSeirbhís Chabhlaigh

D’fhreastail an Tánaiste, an tAire Cosanta, Micheál Martin TD agus an Ceann Foirne, an Leifteanant Ginearálta Seán Clancy ar Shearmanas Coimisiúnaithe na Seirbhíse Cabhlaigh sa Bhunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach, Corcaigh Dé hAoine an 14 Iúil 2023 ag 11.10am.
Naval Service Officer Commissioning
Naval Service Officer Commissioning

Lá bródúil, tábhachtach a bhí ann do chomhaltaí 61ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh agus a gCoimisiúin á bhfáil acu i searmanas os comhair a dteaghlach, cairde agus daoine den phobal. Seo é a luach saothair i ndiaidh nach mór dhá bhliain de thraenáil dhian chrua loingseoireachta agus mhíleata a bheith tugtha chun críche acu. Áirítear comhaltaí as Corcaigh, an Cabhán, Baile Átha Cliath agus Cill Dara ó dhúchas sa rang seo.

Thug an cúigear Daltaí cúrsa thar a bheith dúshlánach agus fiúntach i mbun-traenáil Oifigigh chun críche. I measc na n-ábhar éagsúil a ndearna siad staidéar orthu bhí loingseoireacht, mairnéalacht, ceannaireacht, cumarsáid, innealtóireacht mhuirí agus cogaíocht chabhlaigh. Fuair na Daltaí taithí ar an bhfarraige freisin, ar bord fhlít na Seirbhíse Cabhlaigh agus chuir siad tús leis an gcéad bhliain de staidéar acadúil do Bhaitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Loingseoireachta i gColáiste Náisiúnta Muirí na hÉireann.

Bronnadh an Buanchorn ar an Dalta Scully mar aitheantas don méid a bhain sé amach mar an Dalta is Fearr le linn an dá bhliain traenála.

Rinne an Tánaiste agus an Ceann Foirne comhghairdeas leis na hoifigigh nua-choimisiúnaithe agus ghuigh siad gach rath orthu sa ghairm bheatha atá amach romhaibh mar Oifigigh Chabhlaigh sna Buan-Óglaigh.