Skip to main content

Ráiteas Óglaigh na hÉireann - Eisiúint Ainmneacha

Is féidir le hÓglaigh na hÉireann ainm na ndaoine aonair a dheimhniú a bhí páirteach in eachtra na maidine agus iad ar fónamh le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).
Fj_wXy0XwAAo2wU-2

Maraithe ar Fiannas - 869674 An Saighdiúir Singil Seán Rooney. Thosaigh an Saighdiúir Singil Rooney le hÓglaigh na hÉireann i mí an Mhárta 2019 agus is é an 27ú Cathlán Coisithe i nDún Dealgan an t-aonad baile atá aige. Bhí sé ar fónamh thar lear roimhe seo leis an 119ú Cathlán Coisithe UNIFIL. 23 bliana d’aois a bhí an Saighdiúir Singil Rooney agus ba as an mBaile Nua i gCo. Dhún na nGall dó ó dhúchas.

Gortaithe ar Fiannas - 869471 An Saighdiúir Singil Shane Kearney. Thosaigh an Saighdiúir Singil Kearney le hÓglaigh na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair 2018 agus is é 1 Scuadrún Macra i nDún Uí Choileáin i gCorcaigh an t-aonad baile atá aige. Bhí sé ar fónamh thar lear roimhe seo leis an 117ú Cathlán Coisithe UNIFIL. 22 bliana d’aois atá an Saighdiúir Singil Kearney agus is as Cill Ia i gContae Chorcaí dó ó dhúchas.