Skip to main content

Paráid Tréimhse Lánscoir agus Bonn Seirbhíse Dearscna le bronnadh ar an Maorghinearál Maureen O’Brien

Tráthnóna inniu bronnadh Bonn Seirbhíse Dearscna, le hOnóir, ar an Maorghinearál Maureen O’Brien mar aitheantas ar an seirbhís 42 bliain atá tugtha aici d'Óglaigh na hÉireann. Bhronn Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, an bonn seo uirthi ag a paráid lánscoir i nDún Mhic Aoidh
mob1

Is mar gheall go bhfuil an Maorghinearál Maureen O’Brien ag dul ar scor as Óglaigh na hÉireann atá an ócáid seo á reáchtáil. Ba í an chéad bhean í a fuair ardú céime go dtí Leifteanantchoirnéal, Coirnéal, Briogáidire-Ghinearál agus Maorghinearál. Ba í an chéad Cheannasaí mná ar Chathlán Coisithe agus bhí sí ina Ceannasaí Fórsa Gníomhach ar Mhisean Fhórsaí Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) in Golan, an tSiria. Ba é an ceapachán is déanaí a bhí ag an Maorghinearál O’Brien ná ina Leas-Chomhairleoir Míleata don USG le haghaidh Oibríochtaí Síochána i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac. 

 

Rinne an Maorghinearál Maureen O’Brien machnamh ar a seirbhís le hÓglaigh na hÉireann le linn shearmanas an lae inniu.

 

“Creidim go raibh an t-ádh dearg orm i mo ghairm bheatha 42 bliain in Óglaigh na hÉireann ach mar sin féin, is tú féin is cúis leis an ádh a bhíonn ort ag deireadh an lae. Fuair mé amach de réir a chéile dá mhó oibre a chuirfinn isteach, gur mhó an t-ádh a bhíodh orm Is beag a bhí a fhios agam nuair a iarradh orm imscaradh chuig UNDOF mar Leas-Cheannasaí Fórsa go mbeidh i mo Leas-Chomhairleoir Míleata don Fho-Rúnaí Ginearálta um Oibríochtaí Síochána ag na Náisiúin Aontaithe ina dhiaidh sin. Taispeánann sé sin nach mór deiseanna a thapú nuair a fhaigheann tú iad. Ní bheidh aiféala ort ach b’fhéidir go mbeadh aiféala ort NÁR thapaigh tú iad!”

 

Mhol Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, a seirbhís inniu agus an méid a thug sí d’Óglaigh na hÉireann ag rá: 

 

“Laistigh d'Óglaigh na hÉireann tá sé ríthábhachtach go mbeadh eiseamláirí ag ár saighdiúirí, mairnéalaigh agus aerchriúnna óga ar féidir leo meas a bheith acu orthu agus ar féidir leo spreagadh a fháil uathu. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás ár saighdiúirí mná, agus iad ag fónamh i slí bheatha a meastar í a bheith ina slí bheatha d’fhir go traidisiúnta. Bhí Maureen ina heiseamláir den sórt sin agus léirigh sí nár cheart go gcuirfeadh baill Óglaigh na hÉireann teorainn lena n-uaillmhian maidir le cad is féidir leo a bhaint amach le linn a gcuid ama sa chulaithe.”

 

mob2An Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, ag bronnadh Bonn Seirbhíse Dearscna ar an Maorghinearál Maureen O'Brien.

mob3

Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta Jacqui McCrum ar chlé, an Maorghinearál Maureen O'Brien sa lár, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy ar dheis.

mob4

Déanann an Maorghinearál Maureen O'Brien cigireacht ar pharáid na dtrí-sheirbhíse, arna tionlacan ag an Leifteanantchoirnéal Jayne Lawlor.