Skip to main content

Lá Oscailte Óglaigh na hÉireann 2023

Thug an Tánaiste agus an tAire Cosanta, Micheál Ó Máirtín Uasal T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, cuairt ar maidin (Dé Sathairn, an 29 Iúil) ar Lá Oscailte Óglaigh na hÉireann i dTeach Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, mar ar bhuail siad le daoine d'Óglaigh na hÉireann agus le daoine den phobal agus mar ar breathnaíodh taispeántais lenar léiríodh an acmhainn a ghabhann le gach seirbhís (an tArm, an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tAerchór) in Óglaigh na hÉirean
DF-Open-Day-015

Áirítear ar bhuaicphointí an lae: taispeántais lón airm, comhrac gan airm, ceol le Banna an Airm, marcaigh ón scoil eachaíochta, seastán earcaíochta, seastán maidir le hoiliúint eachtraíochta, Fórsaí Speisialta ag luatuirlingt ar rópaí anuas as héileacaptar de chuid an Aerchóir, taispeántas SERE (Teacht Slán, Éalú & Seachaint, Seasamh in aghaidh Ceastóireachta, Astarraingt), seastáin idirghníomhaíochta maidir leis an gcór leighis agus póilíní airm, taispeántas feithiclí le feithiclí seanda, feithiclí marcra agus gluaisrothair airm, Iompróir Armúrtha Pearsanra den déanamh MOWAGs, Héileacaptar den déanamh AW139 leis an Aerchór agus báid chabhail righin inséidte de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh, leagan do leanaí de chúrsa aclaíochta an airm agus taispeántais inniúlachta ó na seirbhísí go léir – an tArm, an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tAerchór.

DF-Open-Day-123

Ócáid saor in aisce a bhí sa lá oscailte a raibh cead isteach chuige ag gach duine den phobal.

B'iontach an deis é ag an bpobal labhairt le daoine sárchumasacha d'Óglaigh na hÉireann, a gcuid trealaimh a fheiceáil agus níos mó a fhoghlaim faoina ndéanann Óglaigh na hÉireann.

https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720310108031