Skip to main content

Lá Iarshaighdiúirí Chomóradh Céad Bliain Aerchór na hÉireann

Rinne Aerchór na hÉireann ceiliúradh níos luaithe inniu ar Lá Iarshaighdiúirí speisialta mar chuid den chomóradh céad bliain in Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill.
AC-Vets-Day

Rinne Aerchór na hÉireann ceiliúradh níos luaithe inniu ar Lá Iarshaighdiúirí speisialta mar chuid den chomóradh céad bliain in Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill. Mar chuid den imeacht sin rinne Battle of Britain Memorial Flight an Aerfhórsa Ríoga tareitilt i dteannta foireann taispeántais aeraclaíochta na hÉireann, The Silver Swallows, sa spéir os cionn Chathair Bhaile Átha Cliath agus thuirling siad in Aeradróm Mhic Easmainn.  

Bhí an Captaen Grúpa (Ar Scor) as Éirinn, John ‘Paddy’ Hemingway (Distinguished Flying Cross), Píolóta le linn Chogadh na Breataine a bhí i mbun eitilte le gradam le linn an Dara Cogadh Domhanda, ina aoi fíorspeisialta ag an imeacht. Tugadh deis arís do John aerárthach Hurricane a fheiceáil, an cineál aerárthach a d’eitil sé féin le linn an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a thuirling an Hurricane stop sé agus cuireadh a chuid innill ar siúil chun go bhféadfadh an píolóta ó aimsir an chogaidh a ‘oifig’, mar a thug sé féin air le linn an Dara Cogadh Domhanda, a fheiceáil, a chloisteáil agus a bholú arís.  Tá John ina chónaí i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus beidh sé 103 bliain d’aois an tseachtain seo.

Bhí Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, Leas-Cheannasaí Oibríochtaí an Aerfhórsa Ríoga, an Ridire Rich Knighton agus an Ginearáloifigeach i gCeannas ar Aerchór na hÉireann, an Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor i láthair, chomh maith le raon d’aíonna agus d’iarshaighdiúirí ar tugadh cuireadh dóibh. 

Is éard a dúirt an Ginearáloifigeach i gCeannas ar Aerchór na hÉireann, an Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor, ag an imeacht:  “Is ócáid an-speisialta é an Lancaster agus an Hurricane stairiúil a fheiceáil sa spéir anseo in Éirinn. Cuireann na haerárthaí sin i gcuimhne dúinn é go raibh Aerchór na hÉireann i bhfeighil Hurricanes le linn Aimsir na hÉigeandála. Ba mhór an onóir dom fáilte a chur roimh an gCaptaen Grúpa Hemingway agus a bheith ann nuair a chonaic sé arís an saghas aerárthaigh a bhí á eitilt aige le linn an Dara Cogadh Domhanda. Táimid beirt an-mhórtasach gur Éireannaigh muid inniu.”

Is éard a dúirt Leas-Cheannasaí Cumais, an tAermharascal Ridire Rich Knighton: “Is mór an inspioráid é an Captaen Grúpa Paddy Hemingway, an duine deiridh de The Few agus tá a chuid gaiscí chomh hábhartha sa lá atá inniu ann agus a bhí breis is 80 bliain ó shin. Ina phíolóta troda dó le linn Chogadh na Breataine, chosain sé an Ríocht Aontaithe ón spéir anuas gach aon lá, mar a dhéanann ár bpíolótaí Typhoon sa lá atá inniu ann. Throid sé go cróga chun ár luachanna agus slí maireachtála a chosaint in aghaidh na tíorántachta, agus leag an bhunchloch le haghaidh an chaoi a gcuirimid Aerchosaint i gcomhar i bhfeidhm trí NATO chun stop a chur le dream ar bith a dhéanfadh dochar dúinn. Tá ár mbuíochas tuillte go maith ag Paddy as an méid a rinne sé chun an tsaoirse atá againn inniu a chaomhnú.”