Skip to main content

Gradaim Faighte ag 206 Pearsanra in Óglaigh na hÉireann ó Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt Ceatharlach

Reáchtáil Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, Ceatharlach, Searmanas Bronnta tráthnóna inniu, an 12 Eanáir 2023, chun 206 gradam a bhronnadh ar phearsanra Óglaigh na hÉireann. Cuireadh tús leis an gcomhpháirtíocht chomhoibríoch idir Óglaigh na hÉireann agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, Ceatharlach i Meán Fómhair na bliana 2012.
grad-2[95]

Is iad seo a leanas na 206 gradam ar an iomlán a bronnadh i mbliana:

  • Baitsiléir Ealaíon sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta (Lóistíocht) ag Leibhéal 7 – 11 pearsanra
  • Baitsiléir Ealaíon sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta ag Leibhéal 7 – 42 pearsanra
  • Miondámhachtain Ealaíon sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta ag Leibhéal 7 – 81 pearsanra
  • Ardteastas Ealaíon sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta ag Leibhéal 6 – 64 pearsanra
  • Máistir Innealtóireachta san Innealtóireacht Ordanáis, Muinisean agus Pléascán ag Leibhéal 9 – 3 pearsanra
  • Máistir Eolaíochta sa Bhainistiú Teicneolaíochta Cumarsáide ag Leibhéal 9 - 5 pearsanra

grad-4[81]

Ó bunaíodh an comhshaothar, tá forbairt tagtha air agus áirítear leis gradaim sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta do Phearsanra Liostáilte, agus Gradaim Mháistreachta Leibhéal 9 a bhaineann le Cúrsa na nOifigeach Óg do na Córais Eolais Chumarsáide, an Cór Innealtóirí agus Ordanáis.  Is é seo a leanas liosta iomlán na ngradam atá ar fáil do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann:

  • Ardteastas sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta ag Leibhéal 6
  • Teastas Gradaim Sainchuspóra i mBuneolas ar Oibriúcháin Seirbhísí Dóiteáin ag Leibhéal 6 
  • Miondámhachtain sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta ag Leibhéal 7
  • Baitsiléir Ealaíon sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta ag Leibhéal 7
  • Baitsiléir Ealaíon sa Bhainistiú Ceannaireachta agus sa Léann Cosanta (Lóistíocht) ag Leibhéal 7
  • Máistir Eolaíochta sa Bhainistiú Innealtóireachta Míleata ag Leibhéal 9
  • Máistir Innealtóireachta san Innealtóireacht Córas Arm, Ordanáis, Muinisean agus Pléascán ag Leibhéal 9
  • Máistir Eolaíochta sa Bhainistiú Teicneolaíochta Cumarsáide ag Leibhéal 9

Mhol Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, na daoine uile a fuair gradaim as an obair dhíograiseach a rinne siad agus as a ndúthracht: Tá mé an-bhródúil as na daoine seo ar fad a bhfuil na gradaim a fuair siad inniu tuillte acu. Is ionann na gradaim sin agus toradh na hoibre, ar phróiseas an-dúshlánach agus tairbheach í an obair sin, do gach duine a fuair gradam inniu.  Mar gheall ar phaindéim COVID-19 cuireadh isteach go forleathan ar oideachas agus ar thraenáil Óglaigh na hÉireann agus ar an Earnáil Ardoideachais i gcoitinne in Éirinn araon. In ainneoin na ndúshlán a cruthaíodh, lean foireann traenála Óglaigh na hÉireann agus foireann acadúil Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt orthu ag cur oideachas agus traenáil ar ardchaighdeán ar fáil dár bpearsanra.

 

Is éard a dúirt an Ceann Foirne freisin ...“Tá foghlaim fad saoil ar cheann de na príomh-bhunphrionsabail a bhaineann le gairm bheatha in Óglaigh na hÉireann. Tá meas ag Óglaigh na hÉireann ar dheiseanna oideachais agus cuireann siad na deiseanna sin chun cinn agus tacaíonn siad leis an gcoincheap “foghlaim fad saoil” lena n-iarrtar ar phearsanra a uasoiliúint agus scileanna nua a fhoghlaim ar bhonn leanúnach ionas go mbeidh siad in ann dul in oiriúint do na héilimh chasta agus athraithe a bhaineann le himscaradh míleata agus chun cumas míleata éifeachtach a chur ar fáil.”

 

Agus é ag cur clabhsúr leis an ócáid, dúirt an Leifteanant-Ghinearál Clancy: Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hUachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, an tOllamh Veronica Campbell agus lena foireann dhíograiseach scoláirí agus riarthóirí as an obair a rinne siad chun taithí oideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann.

Naisc chuig Albaim Flickr:

https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720305200343