Skip to main content

Fáilte curtha ag Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann roimh an ardú stairiúil sa bhuiséad Cosanta

Cuireann Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, fáilte roimh Phlean Gníomhaíochta Ardleibhéil a cheadaigh an Rialtas ina leagtar amach freagra an Rialtais i leith na tuarascála is déanaí maidir le Coimisiún um Óglaigh na hÉireann.
High-Level-Action-Plan

Cuireann Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, fáilte roimh Phlean Gníomhaíochta Ardleibhéil a cheadaigh an Rialtas ina leagtar amach freagra an Rialtais i leith na tuarascála is déanaí maidir le Coimisiún um Óglaigh na hÉireann. Thar aon rud eile, gheall an Rialtas go n-ardóidís an buiséad Cosanta ó €1.1 billiún go €1.5 billiún, faoin mbliain 2028 chun an Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm go hiomlán. Is é seo an t-ardú aonair is mó i maoiniú Cosanta ó bunaíodh an Stát. 

 Chun an Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, beidh 2,000 pearsanra breise (pearsanra sibhialta agus míleata) ag teastáil le cois an fhorais de 9,500 atá ann faoi láthair. Ag preasócáid i nDún Mhic Aodha, thug an Leifteanant-Ghinearál Clancy an méid seo chun suntais, 

 “Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta na príomhthionscnaimh acmhainní daonna a cuireadh i bhfeidhm go luath, rud a chuireann ar ár gcumas tairiscint níos fearr a fhorbairt, conairí gairme a fheabhsú do dhaoine, tacú leis an bpearsanra a bhfuil taithí agus scileanna acu a choimeád agus pearsanra nua a mhealladh chun páirt a ghlacadh sna céimeanna atá againn. Cuirfidh sin an bunús ar fáil a éascóidh agus a thacóidh le cur i bhfeidhm na ngnéithe níos leithne sa Phlean Gníomhaíochta.”  

 I measc na dtionscnamh ar leith atá san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta, tá soláthar an chórais radair chomhtháite chun feasacht staide a chumasú sna fearainn talún, farraige agus aeir. Athdhearadh fórsa a dhéanamh den Arm lena chinntiú go bhfuil struchtúir agus inniúlachtaí an Airm ar aon dul leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus bunú na hOifige Gnóthaí Cúltaca chun plean athnuachana Fhórsaí Cúltaca Óglaigh na hÉireann a fhorbairt.  

 Lean an Leifteanant-Ghinearál Clancy air ag cur béim ar an ngá atá le heagraíocht shofhreagrúil, sholúbtha agus oiriúnaitheach atá in ann dul i ngleic le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.  

 “Tá cúrsaí san Úcráin agus sa timpeallacht gheopholaitíochta agus slándála domhanda i gcoitinne ag cur sraith dúshlán atá ag éirí níos casta os comhair an domhain, dúshláin atá ina gcomhartha sóirt ag sárú rialacha atá an-oscailte agus níos coitianta bunaithe ar ordú idirnáisiúnta; cibirionsaithe ar infreastruchtúir ríthábhachtacha; tionchair an athraithe aeráide agus i bhfad níos mó. Leis na bagairtí sin, dírítear ar an riachtanas atá le hArm atá oiriúnach don fheidhm atá leis agus cur chuige soiléir maidir le Cosaint agus Slándáil laistigh den Stát seo.”

 Chuir an Leifteanant-Ghinearál Clancy críoch lena chuid cainte trí bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa phróiseas stairiúil.

 “Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl ar taifead leis an Taoiseach, an Tánaiste, an tAire Ryan, an tAire Coveney agus an Chomh-Aireacht i gcoitinne as meamram an Rialtais agus an Plean Gníomhaíochta Ardleibhéil a cheadú. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil freisin le hArd-Rúnaí na Roinne Cosanta, Jacqui McCrum agus a foireann, le hionadaithe na Ranna eile Rialtais chomh maith le m’fhoireann féin, a bhí ag obair ar an bplean gníomhaíochta a fhorbairt. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus comhaltaí an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann as an obair a rinne siad le haird a tharraingt ar an ngá agus as an gcreat maidir le claochlú Óglaigh na hÉireann a chur ar fáil.” 

 CRÍOCH 

 Nótaí don Eagarthóir: 

 Tá an Plean Gníomhaíochta Ardleibhéil (HLAP), ina leagtar amach freagra an Rialtais i leith na tuarascála is déanaí maidir le Coimisiún um Óglaigh na hÉireann, anois foilsithe ar láithreán gréasáin Óglaigh na hÉireann, military.ie, agus tá sé ar fáil ag https://www.military.ie/en/public-information/publications/report-of-the-commission-on-defence-forces/report-of-the-commission-on-defence-forces.html