Skip to main content

Filleann Sciathán Fiannóglach an Airm ó Oibríocht ECAT, PICCOLO, in Djibouti agus sa Chipir

Tá Óglaigh na hÉireann (DF) i mbun oibríocht ECAT (Meitheal Éigeandála um Chúnamh Sibhialta), ar a dtugtar Oibríocht PICCOLO, le seachtain anuas ag tacú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha (DFA).
443001-Logo_CS6_Single

Rinneadh comh-mheitheal den DFA/Óglaigh na hÉireann a chur chuig Djibouti agus chuig an gCipir chun cuidiú le saoránaigh, áitritheoirí agus sealbhóirí víosa de chuid na hÉireann atá á n-aslonnú chuig an gCipir ón tSúdáin tráth a bhfuil cúrsaí ag athrú sa tír. I measc ghné Óglaigh na hÉireann den mheitheal bhí comhaltaí de Sciathán Fiannóglach an Airm, aonad na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialtóireachta. Arna himscaradh, tháinig an mheitheal ar an bpearsanra DFA ar an talamh, chuaigh i mbun idirchaidrimh le príomhphearsanra san aerfort agus chuidigh leis an DFA saoránaigh de chuid na hÉireann agus a gcleithiúnaithe a aslonnú. Bhí an mheitheal ar fuireachas freisin chun cúnamh leighis a chur ar fáil dá dteastódh sin.

Is Fórsa Oibríochtaí Speisialtóireachta an ARW de chuid Óglaigh na hÉireann. Déanann an ARW acmhainn a thraenáil agus a chothabháil chun freagairt ar ghearrfhógra do chásanna éigeandála trí úsáid a bhaint as sócmhainní Óglaigh na hÉireann nó le tacaíocht ó na Náisiúin Chomhpháirtíochta.