Skip to main content

Dul chun cinn ar na moltaí sa Tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách

Tar éis don Tánaiste agus Aire Cosanta, an tUasal Micheál Martin TD, a fhógairt inniu go bhfuil cead tugtha ag an Rialtas do Bhinse Fiosrúcháin scrúdú a dhéanamh ar na próisis gearán in Óglaigh na hÉireann, tá Óglaigh na hÉireann réidh le dul i mbun oibre leis an bhFiosrúchán agus le tacú leis.
Fj_wXy0XwAAo2wU-2

Tá Óglaigh na hÉireann, atá ag obair go dlúth leis an Roinn Cosanta, ag cur athdhearadh na nósanna imeachta gearán agus na bpolasaithe acmhainní daonna chun cinn agus tá siad tugtha dó sin. Ina theannta sin, tá tús curtha ag Óglaigh na hÉireann le ceardlanna éigeantacha maidir le hEitic Ghnéis agus Caidrimh Mheasúla agus le hoiliúint ar Chlaontuairim Neamh-Chomhfhiosach agus leanfaidh siad orthu ag coinneáil pearsanra le cuntas a thabhairt ar aon ghníomh mí-iompair. I dtaca leis sin, thóg Óglaigh na hÉireann an chéim thábhachtach maidir le haon chion gnéasach líomhnaithe a chur ar aghaidh chuig an nGarda Síochána, i gcomhréir le moladh ábhartha ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách, agus iad ag fanacht le hachtú an leasaithe ábhartha den Acht Cosanta.

Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy:

“Is iad sábháilteacht agus folláine na gcomhaltaí atá ag fónamh againn an tosaíocht is mó atá agam agus mé i mo Cheann Foirne agus táimid in Óglaigh na hÉireann tugtha go hiomlán don athrú cultúir sin a chur i bhfeidhm. Nuair a thosaíonn comhaltaí in Óglaigh na hÉireann, cuireann siad de cheangal iomlán orthu féin dul ag fónamh don Stát agus do shaoránaigh an Stáit. Is ábhar bróid dár bpearsanra a bheith ag fónamh in Óglaigh na hÉireann agus a gcuid oibre a dhéanamh ar na caighdeáin is airde sa bhaile agus thar lear. Táimid ag obair gan stad gan staonadh agus táimid ag déanamh dul chun cinn lena chinntiú gur ionad oibre é Óglaigh na hÉireann a bhfuil prionsabail na dínite, an chomhionannais, an chóimheasa agus an dualgais cúraim ina dtaca faoin gcultúr forleathan. Tá mé muiníneach gur féidir linn an t-athrú atá de dhíth a bhaint amach agus tá mé meáite ar an athrú sin a bhaint amach agus go mbeimid in ann Óglaigh na hÉireann níos fearr a fhorbairt a bheidh réidh aghaidh a thabhairt ar na bagairtí atá roimh an Stát.”

Tar éis Téarmaí Tagartha don Chomhlacht Maoirseachta Seachtrach (Neamhreachtúil) a fhógairt, dúirt an comhlacht atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar oibríochtú an athraithe cultúir, an Ceann Foirne;

“Táim ag súil le dul i mbun caidrimh den chéad uair le Cathaoirleach an Chomhlachta Maoirseachta Sheachtraigh, an tOllamh Brian McCraith, agus le dul i mbun oibre go dlúth le comhaltas an Chomhlachta sna míonna agus blianta amach romhainn d’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Óglaigh na hÉireann a bheidh níos fearr agus níos láidre a chosnaíonn, a fhorbraíonn agus a chothaíonn an acmhainn is luachmhaire atá againn - na daoine.”