Skip to main content

Cleachtadh Ullmhachta Misin Déanta

Dé Máirt an 17 Aibreán 2018, 2.00in - Cleachtadh Ullmhachta Misin Déanta ag Óglaigh na hÉireann mar Ullmhúchán d'Imscaradh UNIFIL (An Liobáin)
MRE-112

Tá an 112ú Cathlán Coisithe á gcur trí na céimeanna deiridh de thrí mhí diantraenála chun ullmhú dá n-imscaradh chuig Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) go luath i mí na Bealtaine.

Le linn an Chleachtaidh Ullmhachta Misin, cuirtear ceannasaithe agus saighdiúirí trí dhiansraith imeachtaí bunaithe ar bhagairtí a d’fhéadfadh titim amach i limistéar an mhisin.

Beidh deis ag meáin breathnú ar an gcleachtadh ina n-iarrfar ar thrúpaí pearsanra, atá i mbun ionsaí casta, a aimsiú agus aslonnú.


Dáta an Phreasráitis: Dé Máirt an 17 Aibreán 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach