Skip to main content

Athbhreithniú Neamhspleách ar chiapadh, gnéaschiapadh, bulaíocht agus idirdhealú in Óglaigh na hÉireann

Fáiltíonn Óglaigh na hÉireann go huile agus go hiomlán roimh an bhfógra a rinne an tAire Coveney maidin inniu go mbunófaí athbhreithniú neamhspleách d'fhonn scrúdú a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta reatha maidir le saincheisteanna san ionad oibre a láimhseáil, amhail ciapadh, gnéaschiapadh, bulaíocht agus idirdhealú.
DF-Logo

Ba mhaith le hÓglaigh na hÉireann moladh a thabhairt do chrógacht na mban a tháinig amach le déanaí chun an taithí diúltach a bhí acu fad a bhíodar ag fónamh in Óglaigh na hÉireann a roinnt. Mar eagraíocht, caitear le gach eachtra ciaptha, gnéaschiaptha, bulaíochta agus idirdhealaithe mar eachtra fíor-thromchúiseach agus tá an-imní ar Óglaigh na hÉireann freisin maidir leis na líomhaintí a rinneadh.

Fáiltíonn Óglaigh na hÉireann go huile agus go hiomlán roimh an bhfógra a rinne an tAire Coveney maidin inniu go mbunófaí athbhreithniú neamhspleách d'fhonn scrúdú a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta reatha maidir le saincheisteanna san ionad oibre a láimhseáil, amhail ciapadh, gnéaschiapadh, bulaíocht agus idirdhealú.

Is éard a dúirt an Leas-Cheann Foirne, Maor-Ghinearál Seán Clancy (Ceann Foirne Ainmnithe) "Leanfaidh Óglaigh na hÉireann de thacaíocht a thabhairt d'aon athbhreithniú nó imscrúdú a thabharfar faoi chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ar fad a tugadh ar aird i gclár faisnéise RTÉ a craoladh le déanaí, chomh maith le hiad a éascú agus comhoibriú leo. Tá sé de cheart ag comhaltaí na heagraíochta seo go gcaití leo le dínit agus le meas san ionad oibre agus táimid tiomanta do a chinntiú go gcuirtear timpeallacht sábháilte oibre ar fáil do na pearsanra go léir.

Tá an-obair déanta ag Óglaigh na hÉireann ó foilsíodh 'The Challenge of a Workplace' sa bhliain 2002 agus ghlac leis na moltaí ón nGrúpa Neamhspleách Monatóireachta sa bhliain 2004, 2008, 2014. Tá ár nósanna imeachta leagtha amach chun ‘cur chuige coisctheach’ i ndáil le hiompar diúltach a chur ar fáil agus cé go bhféachann Óglaigh na hÉireann le feabhsúcháin a chur i bhfeidhm ar bhonn seasta, tuigimid go maith gur gá tuilleadh dul chun cinn agus obair a dhéanamh chun a chinntiú go dtabharfar eachtraí ciaptha, gnéaschiaptha, bulaíochta agus idirdhealaithe chun solais agus go ndéanfar iad a imscrúdú go hiomlán.

Leanfaidh Óglaigh na hÉireann de bheith ag obair leis na cumainn d'iarshaighdiúirí, chun na tacaíochtaí atá de dhíth a chur ar fáil d'íosphartaigh aon chionta líomhainte atá ar scor. Tá Óglaigh na hÉireann tiomanta do bheith ina roghafhostóir ar oileán na hÉireann agus leanfaidh de thús áite a thabhairt do shábháilteacht ár gcomhaltaí fad a bhíonn siad ag fónamh sa bhaile agus thar lear trí na bearta riachtanacha agus na leasuithe a mheastar iad a bheith riachtanach a chur i bhfeidhm chun sin a bhaint amach.

CRÍOCH