Skip to main content

Ceapachán Cheannasaí nua Claochlaithe Óglaigh na hÉireann, an tUasal Brian Molloy

Ceapadh an tUasal Brian Molloy ina Cheannasaí nua Claochlaithe Óglaigh na hÉireann. Tá an tUasal Molloy ag tosú ag obair le hÓglaigh na hÉireann ón Oifig Leasa Shóisialaigh um Achomhairc, áit ar oibrigh sé ina Stiúrthóir agus ina Phríomh-Oifigeach Achomharc. Bhí freagrachtaí iomlána oibríochta agus straitéiseacha air as an bhfeidhm achomharc ar fud na Roinne Coimirce Sóisialaí. B’fheidhm reachtúil í an fheidhm sin a cheap an tAire Coimirce Sóisialaí agus thuairiscigh sé go díreach chuig Ard-Rúnaí na Roinne agus bhí sé ina chomhalta lánaimseartha de Bhord Bainistíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí.
HO-4

Sa ról nua sibhialtach a bheidh aige ina Cheannasaí Claochlaithe Óglaigh na hÉireann agus é ag tuairisciú go díreach chuig an gCeann Foirne, beidh an tUasal Molloy ina chomhalta d’fhoireann shinsearach bainistithe agus ceannaireachta Óglaigh na hÉ‏ireann agus de Choiste Bainistithe Straitéisigh Óglaigh na hÉireann. Agus é ag obair leis an bhfoireann shinsearach ceannaireachta agus bainistithe, tacóidh sé leis an gCeann Foirne go díreach agus déanfaidh sé claochlú Óglaigh na hÉireann amach anseo a chur chun cinn, a chumasú agus tacóidh sé leis i gcomhréir le Plean Gníomhaithe Ardleibhéil a cheadaigh an Rialtas. Cuirfear ar chumas an Uasail Molloy comhfhís chomhtháite a leagan amach, a threorú, a chruthú, a chur in iúl agus a chur i gcrích le haghaidh claochluithe straitéiseacha ag leibhéal oibríochta chun tionchar a imirt ar na trí sheirbhís (an tArm, an tAerchór agus an tSeirbhís Chabhlaigh) agus ar Chúltaca Óglaigh na hÉireann faoi seach.  Beidh an tUasal Molloy i gceannas ar chláir dhúshlánacha claochluithe straitéiseacha a chur i gcrích ar fud na heagraíochta agus é ag obair go dlúth le comhghleacaithe agus le sainchomhairleoirí seachtracha freisin de réir mar is gá chun an t-athrú claochlaithe atá ag de dhíth laistigh d’Óglaigh na hÉireann a chur chun cinn.

 

Chas an tUasal Molloy le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, ar maidin. Chuir an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy fáilte roimh cheapachán nua an Uasail Molloy agus dúirt sé “tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Bhrian chuig ár bhfoireann shinsearach bainistithe, áit a gcuirfidh an taithí shuntasach éagsúil atá aige go mór le hÓglaigh na hÉireann. Tá an ról nua atá aige chun an t-athrú suntasach claochlaithe in Óglaigh na hÉireann a threorú agus a chur chun cinn riachtanach lena chinntiú go mbeidh Óglaigh na hÉireann anois, níos mó ná riamh oiriúnach don fheidhm agus go mbeidh dul chun cinn chuig cumas Óglaigh na hÉireann, arb ionann é agus leibhéal uaillmhéine a dó, ar an gcéad chéim san aistear seo.

 

CRÍOCH