Skip to main content

An tEolas is Déanaí ó Óglaigh na hÉireann - Corp an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney a Thabhairt Abhaile

Is féidir le hÓglaigh na hÉireann na sonraí a dheimhniú maidir le corp an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney a thabhairt abhaile as an Liobáin chun na hÉireann. Tabharfar corp an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney abhaile an 18 Nollaig ar aerárthach CASA de chuid Aerchór na hÉireann. Beidh siad ag fágáil Bhéiriút ag 1600 (am áitiúil Bhéiriút).
ff_crest

Reáchtálfar searmanas sollúnta de chuid na Náisiún Aontaithe ag Aerfort Bhéiriút chun onóir a thabhairt don Saighdiúir Singil Ronney sula bhfágann sé agus ina dhiaidh sin tabharfar chuig Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill é, áit a mbeidh a chorp ar ais lena theaghlach maidin Dé Luain an 19 Nollaig.

 

An Preas

Tugtar cuireadh don phreas a bheith i láthair ag Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill Dé Luain an 19 Nollaig ó 07.45 am amach.

Ní mór don phreas ainm na ndaoine den phearsanra a bheidh i láthair a dheimhniú le press@military.ie chun rochtain a fháil ar an mbunáit.

Tá sé seo teoranta do ghrianghrafadóirí agus d’fhísghrafadóirí amháin. Mura bhfuil sé deimhnithe agat go mbeidh tú i láthair, ní bheidh rochtain agat ar an mbunáit.

Ní bheidh aon deis ann agallamh a chur.

 

Teagmhálaithe Phreasoifig Óglaigh na hÉireann:

An Ceannfort Gemma Fagan - 087 248 2130

An Captaen Risteard Byrne - 087 673 8395

An Sáirsint Rena Kennedy -  087 645 3946

 

Sonraí na sochraide le teacht.