Skip to main content

An 27ú Cathlán Coisithe de chuid Óglaigh na hÉireann & foirne snípéirí ARW ag Comórtas Idirnáisiúnta Snípéara Arm na Stát Aontaithe don bhliain 2023eams at the US Army International Sniper Competition 2023

D’éirigh leis na foirne is fearr i gComórtas Idirnáisiúnta Snípéara Óglaigh na hÉireann don bhliain 2022, sa 27ú Cathlán Coisithe agus i Sciathán Fiannóglach an Airm (ARW) an duais is mó a bhfuil tóir uirthi in Óglaigh na hÉireann a fháil agus iad san iomaíocht i gComórtas Idirnáisiúnta Snípéara Arm na Stát Aontaithe (USISC) in Fort Benning, Georgia. Tá an USISC, a reáchtáiltear gach bliain i Scoil Snípéara an Airm, ar an gcomórtas snípéara is fearr a reáchtáiltear ar domhan. Tástáiltear 35 foireann a bhfuil triúr fear orthu ó ar fud an domhain ar gach gné den tacar sainscileanna snípéara agus dírítear sna himeachtaí ar loingseoireacht, insíothlú agus iar-insíothlú téaltaitheach, breathnóireacht, aithint dhearfach dhírithe (PID), cumarsáid foirne, rialú dóiteáin, teacht aniar fisiciúil agus lámhach fadraoin thar achair a chuimsíonn comhrac díreach in aice leat agus lámhaigh 1,200 méadar amach uait in aghaidh targaidí socra agus targaidí atá ag bogadh. Bíonn an comórtas seo ar siúl gan stad thar thréimhse 72 uair an chloig agus glacann foirne páirt lena linn i roinnt imeachtaí sa lá agus san oíche. Sa bhreis air sin bíonn brú fisiceach agus meabhrach ar na foirne le fíorbheag ama le scíth a ligean agus aga athluchtaithe tapa le teacht le chéile, le hatheagrú agus le tosú arís.
27-inf-bn-1

 In Eanáir na bliana seo chuir foireann an 27ú Cathlán Coisithe ina raibh Ceann na Foirne, an Ceannaire Colin McQuaid, Snípéir, an Ceannaire Kyle Erasmus agus breathnóir, an Ceannaire Mark Fitzpatrick tús le dianchlár oiliúna a bhí leagtha amach ag an gcóitseálaí, an Sáirsint Stephen Flanagan agus a ndearna sé maoirseacht air. Bhí gach forbairt oiliúna bunaithe go mór ar cheachtanna a foghlaimíodh ón taithí roimhe seo atá ag foirne snípéara arm na hÉireann agus ar chúnamh breise ó theagascóirí snípéara ar fud an airm agus pleanáladh gach forbairt oiliúna go mion lena chinntiú go mbeadh an fhoireann réidh do chás ar bith a d’fhéadfadh foireann teagascóirí Scoil Snípéara Arm na Stát Aontaithe a cheapadh.

 Shroich an fhoireann chomh maith le comhghleacaithe ón ARW Fort Benning go deireanach ar an 3 Aibreán, agus iad díreach tar éis páirt a ghlacadh i gComórtas Snípéara Cheannasaíocht Oibríochta Speisialta Arm na Stát Aontaithe (USASOC). Chuir siad tús le dian-obair 3 lá ar réimsí iontacha na bunáite chun cleachtadh a fháil ar arm agus trealamh na Stát Aontaithe faoi shúil aireach bheirt bhunaitheoirí den chéad Scoil Snípéara agus fathaigh mór le rá ón bPobal Idirnáisiúnta Snípéara Jim Harris agus Butch Cady. Ina theannta sin, chuaigh na foirne i dtaithí ar an timpeallacht ansin agus iad ag dul chuig seisiúin oiliúna fisicí gach maidin agus an teocht 25 céim níos teo ná an meán in Éirinn.

27-inf-bn-5

Cuireadh tús le USISC 2023 ag 03:00am ar an 10 Aibreán le  hinsíothlú téaltaitheach chun taiscéalaíocht targaide cóngaraí (CTR) a dhéanamh ar fhórsaí naimhde atá suite i saoráid oiliúna uirbeach. Mar gheall ar na dróin faireachais agus na fórsaí sa tóir ar na naimhde a bhí feistithe le gairis íomháithe theirmigh, bhí gluaiseacht agus insíothlú fíordheacair, fíormhall agus fíor-uileghabhálach leis an gcuid is mó de na foirne curtha i bponc ag faireachas naimhde ón aer. D’éirigh leis an dá fhoireann as Éirinn an fhaisnéis riachtanach a bhailiú go sásúil agus teacht amach slán as an limistéar gan bheith aimsithe ag aon duine le linn an taisc a bhí 4 uair an chloig ar fad. I ndiaidh an imeachta sin, bhog na foirne ar aghaidh chuig 3 imeacht eile le linn an lae. San imeacht Boys in the lab, tástáladh cumas na foirne chun fadhbanna a réiteach, targaidí a aithint agus réitigh lámhaigh a chruthú. San imeacht Know your limits, bhí ar na foirne targaidí a lámhach ó achair éagsúla agus cinneadh deacair a dhéanamh ar chóir dóibh stopadh agus na scóir atá acu a ghnóthú nó ar chóir dóibh dul sa seans agus leanúint orthu leis na targaidí a éiríonn níos deacra. Má lean siad orthu bhí an baol ann go gcaillfeadh siad gach rud dá dteip orthu na targaidí a lámhach. Tugadh imeachtaí lae ar lá 1 chun críche leis an imeacht puzzles. Bhí ar na Cinn Foirne (TL) fadhbanna thar a bheith deacair a réiteach chun sprioc-áiteanna a nochtadh ina dtabharfadh an TL treoir do na lámhachóirí ina leith ar achair suas go 1200m. Bhí cúrsaí aimsire ar lá 1 ina mbuntáiste ach bhí deacrachtaí ann áfach le séideán gaoithe uaireanta.

 I ndiadh béile te, an trealamh a atheagrú d’oibríochtaí na hoíche agus gan am ar bith chun scíth a ligean, thosaigh lá 2 ag 00:30am le dhá urchar oíche. Tosaíodh le Minute of angle, cás tapa lámhaigh iltargaidí ina ndearnadh aithris ar chomhghéilleadh a rinne fórsa mór namhad. Chuaigh na foirne i mbun oibre ó laistigh de na foirgnimh suite i saoráid iontach oiliúna Burroughs Range.  Sa dara lámhach oíche Airport Lounge, bhí ar na foirne targaidí a lámhach le raidhfilí ag raon suas go 800m agus ina dhiaidh sin bhog an fhoireann isteach le bheith níos cóngaraí do na targaidí chun iad a lámhach le piostail. Le linn sholas an lae ar lá 2 tharla tuilleadh imeachtaí ag tosú le Group In agus lena linn sin chuaigh an fhoireann ag rith 2.2 míle agus iad ag iompar an trealaimh uile. D’fhéadfadh na foirne cinneadh a dhéanamh chun armlón ualaithe breise a bhí i mboscaí suas go 30lbs a iompar. Le gach bosca armlóin a d’iompair an fhoireann, cuireadh urchar x1 d’armlón ar fáil dóibh don lámhach deireanach sa chomórtas. D’éirigh leis an dá fhoireann as Éirinn an tasc seo a chríochnú i dteas marfach laistigh den am a bhí leagtha amach agus fuair siad an t-uasmhéid a bhí ar fáil de 4 urchar armlóin. Rith aonair a bhí san imeacht iontach Two Gun a rinne an TL. San imeacht sin bhí air athrú idir a chóras airm príomha (raidhfil) agus a chóras airm tánaisteach (piostal) i raon catha díreach in aice leis. D’éirigh le TL an 27ú Cathlán Coisithe, an Ceannaire Colin McQuaid toradh den scoth a bhaint amach agus bhí tú in ann na fuaimeanna sásúla a chloisteáil ar fud an réimse maraithe leis na foirne ag bualadh na dtargaidí cruach agus bhí na suíocháin fhargáin lán leis an lucht féachana ag féachaint ar an gcomórtas. Chun críoch a chur le lá a dó, chuir na foirne an lámhach Know your offset i gcrích, ina raibh meascán de lámhaigh an-ghar agus fadraoin i gceist a rinne gach duine den triúr ball foirne. Bhí an t-imeacht Mystery box ar lá 2 freisin agus lena linn sin lámhach an Lámhachóir agus Breathnóir targaidí fadraoin le go mbeadh an TL in ann dul i ngleic leis na targaidí agus iad a lámhach le piostail le gach bualadh fadraoin a n-éirigh leo.

27-inf-bn-3

 Cuireadh tús leis an tríú lá, an lá deireanach le 2 imeacht oíche arís, Retro, ina raibh ar na foirne bogadh chuig coimpléasc uirbeach agus iltargaidí cruach a lámhach ar fadraon agus sa deireadh bhí lámhach níos cóngaraí le piostal ag an TL agus Exfil. Lena linn sin tháinig na foirne amach as teach sábháilte agus lámhach siad iltargaidí a bhí cóngarach dóibh agus a bhí ag déanamh aithris ar namhaid a bhí ag teacht chun cinn. Ina dhiaidh sin bhí an fórsa namhad sa tóir ar na foirne de réir mar a bhog siad trí roinnt seicphointí go dtí gur tugadh chun sábháilteachta iad ag pointe bailithe. Is éard a bhí in imeacht deireanach an chomórtais, The General, ná iltargaidí a bhí ag bogadh agus a bhain leas as an gcóras róbatach iontach targaide maratóin. Bhí ar na foirne targaid ardluacha a aithint trí úsáid a bhaint as na hurchair a bhuaigh siad le linn an imeachta, Group in. 

 In ainneoin na dteochtaí foircneacha, fíorbheag scíthe nó gan aon scíth, timpeallachtaí strainséartha agus airm iasachta, bhí an 27ú Cathlán Coisithe ar an dara foireann idirnáisiúnta is fearr a bhí ann agus bhí siad san 11ú háit ar an iomlán. Bhí an fhoireann ARM sa 16ú háit as 35 de na foirne Snípéirí is fearr ó ar fud an domhain. Bhí foireann teagascóirí na scoile le linn an chomórtais agus gach duine a bhí i láthair ag imeacht an fhéasta deiridh, a reáchtáil an Cumann Snípéirí Airm, ag caint faoin spiorad foirne, cumarsáid, díograis agus comrádaíocht a thug siad leo chuig gach imeacht. Le rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann sa USISC, tarraingníodh aird arís eile ar na lámhachóirí den chéad scoth a chuireann Arm na hÉireann agus Óglaigh na hÉireann ar fáil don Stáitse Idirnáisiúnta.