Skip to main content

100 Bliain ó bunaíodh Aerchór na hÉireann

51956602744_663df60c16_k

D’fhreastail an tAire Cosanta, Mr Simon Coveney T.D agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, ar ócáid in Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill inniu i gcomóradh chothrom 100 bliain Aerchór na hÉireann. In éineacht leo bhí Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor chun an ócáid thábhachtach seo a cheiliúradh.

Cuireadh tús leis an searmanas le Garda Onóra searmanais don Aire Cosanta. Rinne an Ceannfort Orla Jennings reacaireacht ar mhonalóg comóraidh 100 bliain ansin. Aithrisíodh dán dár teideal "Onto the Curve of the World" ansin a scríobh agus a léigh comhalta den Aerchór, Cpl Michael J. Whelan.

Is lá tábhachtach atá sa lá inniu chomh maith do bhaill an 26ú agus 27ú Cúrsa Sciatháin na n-Oifigeach Óg agus a gcuid Sciathán Píolótaí Míleata á bhronnadh orthu. Labhair an tAire Cosanta agus Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir araon ag searmanas cáilithe na bpíolótaí agus rinne siad comhghairdeas leo as ucht a gcuid dúthrachta agus tiomantais dá n-oiliúint.

Cuireadh clabhsúr leis an ócáid le tareitilt PC9M fad is a bhí an tAmhrán Náisiúnta á chasadh, agus ina dhiaidh sin bhí léirbhreithniú tareitilte mór leis an gcabhlach aerárthaí ar fad ó Aerchór na hÉireann.

Ag comóradh na hócáide tábhachtaí, ghabh an Ceann Foirne buíochas le baill go léir an Aerchóir, ón am atá caite agus san am i láthair as a gcuid tiomantais agus dúthrachta; “Táim an-bhródúil as gach duine a dhéanann seirbhís, a bhfuil seirbhís déanta acu agus a thugann tacaíocht d’Aerchór na hÉireann. Is cuma cén tasc a bhí ann, bíodh sé ar Phatróil Faireachais Mhuirí, cúnamh a thabhairt le dóiteáin foraoise, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála nó na tascanna breise bainteach le COVID-19 ar thug tú fúthu, léiríonn an bealach neamhleithleach a thugann sibh faoi na dúshláin seo ceann ar aghaidh, spiorad na nglúnta a chuaigh romhaibh agus spreagann sé an chéad ghlúin eile chun difear a dhéanamh. Is onóir dom a bheith ag ceiliúradh libh ar bhur gcomóradh 100 bliain agus go raibh maith agaibh as ucht an tseirbhís agus na híobairtí a dhéanann sibh”.