Skip to main content

Lá Oscailte ATOÉ

Dé Domhnaigh 9ú Meitheam 2019 - Campa an Churraigh
About the Defence Forces Training Centre

Beidh Lá Oscailte DFTC ar siúl Dé Sathairn an 9 Meitheamh idir 1200 agus 1600 a chlog ag Campa an Churraigh.

Beidh roinnt seastán agus imeachtaí ar siúl i rith an lae. Beidh láthair páistí ann freisin, agus rannpháirt á glacadh ag grúpaí d’iar-shaighdiúirí Óglaigh na hÉireann agus grúpaí pobail áitiúla ann; agus beidh na díoltóirí áitiúla ar an láthair ag díol sólaistí freisin.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ag an lá oscailte beidh:

  • Taispeántas d’fheithiclí agus d’airm statacha
  • Taispeántais den chomhrac gan airm
  • Lámhach airtléire
  • Léiriúcháin d’ionsaithe gasra

Is iad na Ridirí Dubha, Foireann Pharaisiútála Óglaigh na hÉireann, a dhéanfaidh léim pharaisiúit freisin (ag brath ar an aimsir).

Ina theannta is amhlaidh a thabharfaidh Óglaigh na hÉireann agus Bannaí Píob áitiúla ceadal ceoil uathu i rith an lae. Beidh carrchlós ar fáil istigh i gCearnóg Bheairic Mhic Dhonncha, agus beidh carrchlós breise ar fáil istigh i gcearnóg Bheairic Mhic Dhiarmada.

Clár imeachtaí do Lá Oscailte Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann

DTG

IMEACHT

LÁTHAIR

1200 a chlog

LÁTHAIR na bPÁISTÍ/TAISPEÁNTAS MÍLEATA/TURAIS MHÚSAEIM/DÍOLTÓIRÍ/TAISPEÁNTAS FEITHICLÍ/GRÚPAÍ POBAIL

PÁIRC ASTROTURF CHAMPA AN CHURRAIGH

1245 a chlog

LÉIRIÚCHÁN COMHRAIC GAN AIRM

 

1315 a chlog

LÁMHACH AIRTLÉIRE / GASRA I mBUN IONSAÍ

LIMISTÉAR AN RAOIN (AR CHÚL BHIALANN NA SIÚRACHA)

1415 a chlog

LÉIM PHARAISIÚIT

LIMISTÉAR AN RAOIN (AR CHÚL BHIALANN NA SIÚRACHA)

1445 a chlog

LÉIRIÚCHÁN COMHRAIC GAN AIRM

 

1515 a chlog

LÁMHACH AIRTLÉIRE / GASRA I mBUN IONSAÍ

LIMISTÉAR AN RAOIN (AR CHÚL BHIALANN NA SIÚRACHA)