Skip to main content

Lá na Seansaighdúirí

Ard-Mhúsaem Dún Uí Choileáin - 11ú Bealtaine 2019
DF Veterans Day

Tionólfar Paráid ina mbeidh eagraíochtaí d'iarbhaill Óglaigh na hÉireann ar siúl ar thailte Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath Dé Sathairn an 11 Bealtaine 2019 agus tugtar cuireadh dá réir d'iarbhaill ar fad Óglaigh na hÉireann. Déanfar ceiliúradh an lá sin ar an méid a rinne na hIarbhaill ag fónamh d'Óglaigh na hÉireann agus cuirfear deis ar fáil do na hIarbhaill casadh lena chéile, dul siar ar bhóithrín na smaointe agus, níos tábhachtaí ná sin, an taithí mhór atá acu a roinnt leis na saighdiúirí níos óige. Beidh an tAire Stáit sa Roinn Cosanta a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Cosaint,  an tUasal Paul Kehoe T.D. agus an Leas-Cheann Foirne i láthair.

Beidh paráid searmanais ina mbeidh comhlachtaí ionadaíocha páirteach ann, Briogáidí, Foirmiú agus Seirbhísí na mBuan-Óglach in éineacht lena gcomhghleacaithe agus comrádaithe atá ar scor; comhlachtaí ionadaíochta ó Chumann Sheansaighdiúirí Éireannacha na Náisiún Aontaithe, Cumann Sheansaighdiúirí Éireannacha na Náisiún Aontaithe agus Cumann Ionadaíochta na nOifigeach Coimisiúnta ar an bpríomhphointe fócais don cheiliúradh i mbliana.

Má bhí cara nó duine muinteartha leatsa ag fónamh in Óglaigh na hÉireann, cuir ar an eolas iad maidir leis an imeacht seo agus abair leo teacht ann.

Leagan amach an tSearmanais:

  • Ceadal ceoil leis an mBanna Píbe IUNVA.
  • Teacht Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath [Onóracha Míleata].
  • Teacht an Aire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint [Onóracha Míleata].
  • Iarbhaill ar Paráid.
  • An tAire ag Léirbhreithniú na nIarbhall
  • Aitheasc an Aire.
  • Paidreacha a Ofráil.
  • Searmanas Leagtha Bláthfhleasc.
  • Nóiméad Ciúnais.
  • Caoineadh ar na Píoba
  • An Ghairm Dheiridh.
  • An Bhratach Náisiúnta a ardú go hArdchrann.
  • Reveille.
  • Amhrán na bhFiann.

Sólaistí.