Skip to main content

Athbhreithniú ar an Cathlán Coisithe 114

Dé hAoine 3ú Bealtaine ag 11in.
Review-58th

Is é an tAire ar a bhfuil Freagracht maidir leis an gCosaint An tUas. Paul Kehoe T.D., i dteannta le Ceann Foirne d’Óglaigh na hÉireann an Leas-Aimiréal Mark Mellett DSM a dhéanfaidh léirbhreithniú ar fhir agus ar mhná an 114ú Cathlán Coisithe i gColáiste Naomh Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall Dé hAoine an 3 Bealtaine ar 11 r.n. Tiocfaidh an léirbhreithniú ar an 114ú Cathlán Coisithe roimh a n-imscaradh sé mhí chun na Liobáine Theas mar chuid d’Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).

Beidh 450 trúpa ag tabhairt sealaíochta ar Dheisceart na Liobáine le himscaradh an 114ú Cathlán Coisithe, a bheidh mar an t-imscaradh is mó riamh ag Éirinin chuig limistéar misin aonair. Glacfaidh an 114ú Cathlán Coisithe ceannas ar Limistéar Oibríochtaí IRISHBATT ach a n-imscarfar iad, ag tabhairt ceannais ar láimh ón 113ú Cathlán Coisithe ar imscaradh chun limistéar an mhisin iad mí na Samhna seo caite. Beidh 450 foireann d’arm, de chabhlach agus d’aerchór na hÉireann mar bhaill de IRISHBATT.  Áireofar leis an aonad freisin deichniúr saighdiúirí ó Fhórsaí Armtha Mhálta (AFM). Is í seo an dara sealaíocht d'fhoireann AFM in éineacht le trúpaí Éireannacha chun na Liobáine.

Tagann an fhoireann a bheidh ag taisteal leis an 114ú Cathlán Coisithe ó 29 chontae ar fud na hÉireann, agus is é an 28ú Cathlán coisithe an t-aonad is mó ina measc, atá lonnaithe ag Campa Fhionnúir, Co. Dhún na nGall (72 bhall). Baineann na chéad trí (3) aonad is mó eile leis an 7ú Cathlán Coisithe (66), lonnaithe i mBaile Átha Cliath, an 6ú Cathlán Coisithe (32), lonnaithe i mBaile Átha Luain, agus an 27ú Cathlán Coisithe (31), lonnaithe i nDún Dealgan agus ag Campa Bhaile Mhic Gormáin, Co. na Mí.

Tiocfaidh an t-aonad le chéile i gColáiste Naomh Adhamhnáin, Leitir Ceanainn. Beidh mórshiúl na mBratach Aonaid ann ina dhiaidh sin, aitheasc ón Aire agus ‘Máirseáil thar Bráid’ de réir searmanais.  Mórshiúlfaidh an tAonad síos tríd an mbaile ansin. Scaoilfear leis an mórshiúl ag Ionad Pobail Leitir Ceanainn.