Skip to main content

Eolais faoin Preas Oifig

hero-press-min__

Is é ról Phreasoifig Óglaigh na hÉireann ná comhthuiscint a chur chun cinn idir Óglaigh na hÉireann agus an pobal trí a bheith rannpháirteach go forghníomhach leis na meáin.

I gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann, An Droichead Nua, Co. Chill Dara atá Preasoifig Óglaigh na hÉireann lonnaithe. Ann tá líonraí na bPreasoifig Réigiúnach a dhéanann ionadaíocht ar an Arm, ar an Aerchór, ar an tSeirbhís Chabhlaigh, ar na hAonaid Cúltaca agus ar gach Aonad thar lear.

Foireann bheag pearsanra atá sa Phreasoifig ag a bhfuil saineolas míleata chomh maith le cáilíochtaí gairmiúla sna meáin agus i gcúrsaí cumarsáide.

Cad a dhéanann an Phreasoifig?

  • Cuireann sí seirbhís fiosruithe ar fáil do na meáin maidir le hÓglaigh na hÉireann
  • Eisíonn sí ráitis oifigiúla Óglaigh na hÉireann chuig na meáin
  • Déanann sí Nuacht Ráitis Óglaigh na hÉireann a dhreáchtú agus a eisiúint agus cuireann sí scéalta eile a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann chun cinn
  • Déanann sí cur síos ar ghníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann trí mhionteagaisc, agallaimh, Phreas-Ócáidí agus trí shaoráidí meáin a eagraítear ag bunaíochtaí Óglaigh na hÉireann
  • Éascaíonn sí idirghníomhaíocht idir comhaltaí Óglaigh na hÉireann agus na meáin
  • Deánann sí an cur i láthair a bhíonn ag Óglaigh na hÉireann ar líne a mhaoirsiú
  • Éascaíonn sí lucht déanta clár nuair a bhítear ag tabhairt faoi léiriúcháin a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann.
Déan Teagmháil le Preas-Oifig Óglaigh na hÉireann
molloy-captohara-comdtclancy-capt
Oifigeach Preasa Cúnta
Captaen Ristard Byrne
Oifigeach Preas Óglaigh na hÉireann
Ceannasaí James O'Hara
Oifigeach Preasa Cúnta
Captaen Cian Clancy

Tabhair faoi deara le do thoil go ndéileálann an Preas-Oifig le Fiosrúcháin an Phreasa agus na Meáin amháin.

Preasoifig Óglaigh na hÉireann
Seoladh:Preas-Oifigeach
Brainse Caidrimh Poiblí,
Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann,
Bothar an Stáisiúin,
Droichead Nua,
Co. Chill Dara
W12 AD93
Oifig:045 49 2502 , 045 49 2503
Ríomhphost:press@military.ie