Skip to main content

Searmanas Coimisiúnaithe Oifigigh Óglaigh na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

2.00in - Dé Luain an 4 Feabhra, 2019
event-commissioning

Freastalóidh an Taoiseach, an tUasal Leo Varadkar T.D., chomh maith leis an Aire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann an Leas-Aimiréal Mark Mellett DSM, ar Shearmanas Coimisiúnaithe 67 nOifigeach nua de chuid an Airm, 1 Oifigeach de chuid an Aerchóir agus 9 nOifigeach as Málta ag 2pm, Dé Luain an 04 Feabhra sa Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Is é seo an chéad uair riamh ó bunaíodh an Stát a bhfuil Searmanas Coimisiúnaithe á reáchtáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Tá dianchúrsa traenála 15 mhí curtha i gcrích ag an 77 ndalta, cúrsa a d’ullmhaigh iad chun glacadh le ceapacháin ina gceannairí sóisearacha ar fud an Airm, an Aerchóir agus na bhFórsaí Armtha i Málta.

Tá an rang comhdhéanta de 13 oifigeach a d'fhóin roimhe sin in Óglaigh na hÉireann agus 36 céimí ollscoile a bhfuil réimse cáilíochtaí acu lena n-áirítear dlí, caidrimh idirnáisiúnta, staidéar coimhlinte, coireolaíocht, stair, innealtóireacht, eolaíocht spóirt, ceolamharclannaíocht agus Litríocht an Bhéarla. Bhí 9 n-oifigeach eile in oideachas tríú leibhéal sula ndeachaigh siad in Óglaigh na hÉireann.

Nuair a bheidh siad ag glacadh leis an gCoimisiún ón Uachtarán, tabharfaidh na hoifigigh nua mionn dílseachta faoina mionnóidh siad a bheith “dílis d’Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht”. Bronnfar teastas céime ar na Daltaí as Málta.

Is as na contaetha seo na hOifigigh nua; Baile Átha Cliath (14), Cill Dara (10), An Iarmhí (5), Cill Chainnigh (4) Uíbh Fhailí (4), Tiobraid Árann (4), Corcaigh (4), An Lú (3), Aontroim (3), An Mhí (2), Maigh Eo (2), Ceatharlach (2), Cill Mhantáin (2), Loch Garman (2), Ciarraí (1), An Mhí (1), An Clár (1), Dún na nGall (1), An Dún (1), Gaillimh (1), Muineachán (1) agus Málta (9).

Féach ar ár n-Albam Flickr >>


Dáta an Phreasráitis: Dé Sathairn, 2ú Feabhra 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach