Skip to main content

IEDanna tugtha chun bealaigh ag Meitheal Diúscartha Buamaí an Airm

Déardaoin an 10 Deireadh Fómhair, 10.15 am - Éadan Doire
EOD_5

IEDanna tugtha chun bealaigh ag Meitheal Diúscartha Buamaí an Airm as áitreabh in Éadan Doire. Iarradh ar Mheitheal Diúscartha Buamaí an Airm aréir, ar iarratas ón nGarda Síochána, gairis a raibh amhras fúthu a fhiosrú in áitreabh ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 9.05pm.

Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair agus folmhaíodh roinnt foirgneamh in aice láimhe fad is a bhí an oibríocht ar bun. Thángthas ar chúig bhuama píopaí, baineadh an dochar astu agus tugadh chun bealaigh iad le tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh orthu. D'fhág an fhoireann an láthair díreach i ndiaidh an 11.00pm.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe a bhfuil amhras fúthu nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Déardaoin an 10 Deireadh Fómhair

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach