Skip to main content

Gaireas Pléascach Seiftithe bainte den láthair ag Foireann Diúscartha

Thursday 01st August, 9.45pm
EOD_5

Gaireas Pléascach Seiftithe bainte den láthair ag Foireann Diúscartha an Airm sa Seantrabh, Baile Átha Cliath 9.

Níos luaithe inniu, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh ar Mheitheal Diúscartha Buamaí an Airm gaireas a raibh amhras faoi sa Seantrabh, Baile Átha Cliath 9 a scrúdú. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 10.10am.

Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair agus folmhaíodh roinnt foirgneamh in aice láimhe fad is a bhí an oibríocht ar bun. Fuarthas aon ghaireas pléascach seiftithe (IED) amháin, baineadh an dochar as agus tugadh chun bealaigh é lena scrúdú tuilleadh. D'fhág an fhoireann an láthair ag 12.10pm.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe amhrasta, nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Dé Satharn an 22 meitheamh 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach