Skip to main content

Cuairt Tugtha ag Óglaigh na hÉireann ar Cheanncheathrú an FAI

Dé Céadaoin 9ú Deiradh Fómhair 2019, 5.50 pm - Abbottstown
CISM Team at FAI Headquarters

Cuairt Tugtha ag Óglaigh na hÉireann ar Cheanncheathrú an FAI sula nGlacann siad páirt sna 7ú Cluichí Míleata Domhanda CISM sa tSín

Ghuí Mick McCarthy, Bainisteoir Fhoireann Shinsear na hÉireann gach rath ar iomaitheoirí Óglaigh na hÉireann a bheidh ag glacadh páirt i gcomórtais sna 7ú Cluichí Míleata Domhanda ag Ceanncheathrú an FAI i mBaile an Aba inniu. Bhí an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUas Paul Kehoe, T.D., Uachtarán an FAI, an tUas Donal Conway agus Ceann Foirne Cúnta Óglaigh na hÉireann, an Briogáidire-Ghinearál Peter O’Halloran i láthair freisin chun slán a fhágáil leo agus chun gach rath a ghuí orthu.

Cuirfidh Óglaigh na hÉireann foireann de 49 bpearsanra, ar a mbeidh lúthchleasaithe, cóitseálaithe, oifigigh, pearsanra liachta agus foireann tacaíochta chuig Wuhan sa tSín chun dul san iomaíocht ón 15 go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2019. Tá dianthraenáil déanta ag na hiomaitheoirí le cúpla mí anuas le go mbeidh siad faoi réir le dul san iomaíocht i dtrí réimse spóirt - siad sin sacar, dornálaíocht agus lámhach.

Ag an ócáid dúirt an tAire Kehoe "Beidh na lúthchleasaithe a bheidh ag dul san iomaíocht thar cheann na tíre seo le sárú i dtrí spóirt, a bhuíochas sin d'Óglaigh na hÉireann. Ba cheart go mbeadh an pearsanra seo bródúil as a bheith in iomaíocht thar cheann a dtíre os comhair an domhan ar fad. Ba mhaith liom moladh mór a thabhairt don FAI agus buíochas a ghlacadh leo as an tacaíocht ollmhór atá tugtha acu d'Óglaigh na hÉireann le déanaí."

Bhí Éire páirteach i gCluichí Domhanda CISM roimhe seo, an uair dheireanach in 2011 nuair a bhí said ar siúl i Rio. Tá sé (6) bhonn; Bonn Óir amháin(1), dhá (2) Bhonn Airgid agus trí (3) Bhonn Chré-umha bainte amach ag Éirinn sna cluichí a raibh siad páirteach iontu ó bunaíodh Cluichí Domhanda CISM.

Chuir an traenáil agus an réiteach a rinne na hÓglaigh do Chluichí Domhanda CISM ar a gcumas na caidrimh atá acu le comhpháirtithe straitéiseacha mar Institiúid Spóirt na hÉireann, an FAI, AIBA agus CISM a neartú. Déanann an comhoibriú dearfach éascaíocht ar an tóir atá ag daoine ar spóirt agus ar aclaíocht chomh maith len iad a fhorbairt laistigh den eagraíocht.


Dáta an Phreasráitis: 9ú Deiradh Fómhair 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach