Skip to main content

An Dochar bainte ag Foireann Diúscartha an Airm as Seanghránáid

Dé Satharn 22nd Meitheamh, 5.45pm
EOD_1

Níos luaithe inniu, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh ar Mheitheal Diúscartha Buamaí an Airm gaireas a raibh amhras faoi i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath a scrúdú. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 2.35pm.

Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair agus folmhaíodh roinnt foirgneamh in aice láimhe fad is a bhí an oibríocht ar bun. Aithníodh gránáid ó aimsir an Chogaidh Chathartha agus baineadh an dochar aisti ar an láthair. D'fhág an fhoireann an láthair ag 4.00pm.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe amhrasta, nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Dé Satharn an 22 meitheamh 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach