Skip to main content

Léirbhreithniú an Aire

Dé Máirt 18 Meán Fómhair, 2018 9in - Léirbhreithniú an Aire ar an 58ú Grúpa Coisithe
Review-58th

Déanfaidh an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD, in éineacht le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Seachaimiréal Mark Mellett DSM, léirbhreithniú ar fhir agus ar mhná an 58ú Grúpa Coisithe sula dtéann siad go dtí Siria ar feadh sé mhí mar chuid d'Fhórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF).

Imscarfar 130 trúpa de chuid na hÉireann chun na Siria i Meán Fómhair 2018 leis an 58ú Grúpa Coisithe.

Tá an 58ú Grúpa Coisithe ar an gcéad aonad as Éirinn atá le himscaradh go díreach chun na Siria ó aslonnaíodh pearsanra na Náisiúnta Aontaithe as an gceantar sin in 2014. Beidh Trúpaí na hÉireann i mbun an Fhórsa Imoibriú Mear, fórsa beag ardghluaiseachta agus solúbtha atá in ann freagra a thabhairt ar aon iarratas a dhéanann an Ceann Foirne laistigh de 15 nóiméad. D'fhéadfadh réimse iarrataí a bheith i gceist idir phearsanra na NA a aslonnú as láithreáin NA mar gheall ar chúiseanna éigeandála éagsúla agus ghnáthphatróil.

Tá meascán taithí ag pearsanra an aonaid idir phearsanra ar a gcéad turas go dtí ceannasaithe agus Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe Sinsearacha (NCO-anna) a bhfuil go leor taithí acu ar na misin seo.

Nuair a bheidh siad thall, oibreoidh an 58ú Grúpa Coisithe i gcomhar le saighdiúirí as airm na hIndia, Fhidsí agus Neipeal.

Tá pearsanra sa 58ú Cathlán Coisithe ó líon contaetha in Éirinn agus tá an chuid is mó díobh sin sa 7ú Cathlán Coisithe atá lonnaithe i nDún Chathail Bhrugha i mBaile Átha Cliath (100 pearsanra). Is as Tuaisceart Éireann, Dún Dealgan, Corcaigh, Baile Átha Luain, an Mhí, Cill Mhantáin agus Cill Dara roinnt den phearsanra eile.

Baileoidh an t-aonad le chéile i nDún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath ag 10.30am. Ina dhiaidh sin beidh paráid ann de Bhratach an Aonaid, tabharfaidh an tAire óráid chomh maith le Máirseáil thar Bráid ag 11.00am.


Dáta an Phreasráitis: 18ú Meán Fómhair, 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach