Skip to main content

Árthach Iascaigh Coinnithe ag an LÉ Samuel Beckett

8.00in - Árthach Iascaigh Coinnithe ag an LÉ Samuel Beckett Siar ó Charn Uí Néid
LÉ Samuel Beckett P61

Choinnigh Árthach na Seirbhíse Cabhlaigh, an LÉ Samuel Beckett árthach iascaigh atá cláraithe in Éirinn thart ar 170 muirmhíle siar ó Charn Uí Néid. Bhain an choinneáil le sárú a líomhnaítear a rinneadh ar rialacháin iascaireachta.

Tá an t-árthach á thionlacan ag an LÉ Samuel Beckett go dtí Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, áit a bhfuil súil léi maidin amárach. Tabharfar ar láimh ansin í don Gharda Síochána.

Is í seo an cúigiú árthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh go dtí seo in 2018. Cuireann Óglaigh na hÉireann cigireachtaí i gcrích ar iascaigh mhara i gcomhréir le comhaontú leibhéal seirbhíse idir an Roinn Cosanta agus an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais atáthar a chur ar fáil don stát.


Dáta an Phreasráitis: Dé Máirt 04 Nollaig 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach