Skip to main content

Tástáil Aclaíochta Óglaigh na hÉireann

Sainítear Corpacmhainn mar:

“Grúpa tréithe atá ag duine nó atá bainte amach ag duine, a bhaineann lena gcumas chun ghníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh”.

Sainítear Corpacmhainn Mhíleata mar:

“An cumas chun freagairt ar an toirt agus go héifeachtach do ráchairtí fisiciúla agus síceolaíocha an chomhraic lena laghad guaise agus is féidir, agus filleadh ar staid normálta sláintiúil a luaithe a bheidh deireadh leis an ráchairt”.

Bunriachtanas sa Saol Míleata is ea infheidhmeacht choirp. Cuireann an saol míleata ráchairtí leithleacha fisiciúla agus síceolaíocha ar aonaid agus ar dhaoine aonaracha. Chun a bheith ullamh do na ráchairtí sin tá struchtúr traenála corpacmhainne cruthaithe ag Óglaigh na hÉireann.

Tá na nithe seo a leanas sna struchtúir thraenála corpacmhainne:

  • Caighdeán corpacmhainne a leagan síos do gach leibhéal den ionduchtú
  • Traenáil Corpacmhainne le linn an ionduchtaithe chun a chinntiú go gcoinneofar an caighdeán bunúsach a mheastar a bheith riachtanach don saol míleata
  • Caighdeáin Traenála Corpacmhainne agus gnásanna tástála chun a chinntiú go gcoinnítear na caighdeáin sin
  • Sainstruchtúr Corpoideachais agus Traenála ina bhfuil pearsanra, rialacha agus infreastruchtúr chun tacú leis an gcóras Traenála Corpacmhainne

Tástálacha Corpacmhainne Ionduchtaithe Óglaigh na hÉireann

Tá an Tástáil Corpacmhainne leagtha amach chun measúnacht a dhéanamh ar leibhéal reatha corpacmhainne an iarrthóra mar aon lena c(h)umas tabhairt faoi chruatan na traenála míleata. Tá trí ghné ann

Eolas Faoi Thástáil Corpacmhainne

Déantar Tástálacha Corpacmhainne Míleata ina dtrí chuid go hiondúil:

Cuid 1

Tomhas is ea an tInnéacs Corpmhaise (BMI), (M/A2) a úsáidtear i staidéir mhóra daonra mar innéacs murtaill mar go bhfuil sé éasca é a ríomh, níl sé costasach agus tá sé neamhionrach.

Comhdhéanamh an Choirp

Measúnacht ar an % de shaill choirp trí úsáid a bhaint as an tástáil innéacs corpmhaise agus as tástáil chailpéir liomóige (más gá). Má bhíonn níos mó ná 70 mm (Fir) nó 80 mm (Mná) ag duine sa tástáil chailpéir liomóige Ní cheadófar don té sin an tástáil a chríochnú. Ba chóir ionduchtaithe faoi fhiche bliain d’aois (20) a mheasúnú leis na cailpéir liomóige.

Eolas Ginearálta faoi BMI

Seiceálann an tInnéacs Corpmhaise an bhfuil gaol sláintiúil idir airde agus meáchan an duine.

Mar Shampla:

Má tá Gerry 5’11’ (1.80m) agus 188 bpunt (85 kg) meáchain air, tá a BMI thart ar 26.

Má tá Patricia 5’4’ (1.63m) agus 132 phunt (60kg) meáchain uirthi, tá a BMI thart ar 23.

Tabhair faoi deara, le do thoil, na nithe seo a leanas i dtaca le léamha BMI:

BMI de <20 - D’fhéadfadh baint a bheith aige le drochshláinte i gcás daoine áirithe. Níor mhiste dul i gcomhairle le do dhochtúir faoi sin.

BMI de 20 — 25 - Sláintiúil d’fhormhór na ndaoine. Sin an réimse a theastaíonn uait.

BMI de 25 — 29.9 - Léiríonn sin an iomarca meáchain agus d’fhéadfadh baint a bheith aige le drochshláinte i gcás daoine áirithe.

Cuid 2

Buanseasmhacht Chardashoithíoch agus Mhatánach Logánta. Léiríonn Tástáil Corpacmhainne Óglaigh na hÉireann na difríochtaí síceolaíocha agus antrapaiméadracha atá idir fir agus mná agus na difríochtaí a tharlaíonn de bharr aoise.

Rachaidh gach ionduchtaí faoi thástáil buanseasmhachta mhatánach logánta ina gcaithfidh siad brúnna aníos agus suíonna aniar a dhéanamh i dtriail amaithe.

Brú Aníos

  • Na lámha scartha beagán níos leithne ná leithead na nguaillí.
  • Caithfidh an lámh fanacht sa bhunáit ina raibh sí.
  • Líne dhíreach ó na guaillí go dtí na cromáin go dtí na sála.
  • Féadfaidh na cosa a bheith suas le 12 orlach óna chéile.
  • Níl cead an corp a chasadh.
  • Caithfidh tú na huillineacha a dhíriú go hiomlán.

Brúnna Aníos Modhnaithe

  • Déantar iad sin ó na glúine aníos.
  • Caithfidh na lámha fanacht sa bhunáit ina raibh siad.
  • Líne dhíreach ó na guaillí go dtí na cromáin go dtí na glúine.
  • Ní ceadmhach an cloigeann a phreabadh.
  • Níl cead an corp a chasadh.
  • Caithfidh tú na huillineacha a dhíriú go hiomlán.

Riachtanais Thástála
Brúnna AníosSuíonna AniarAmNótaí
Fear20201 NóimPas/Teip Tástála
Bean20201 NóimPas/Teip Tástála
Tá cead ag mná brúnna aníos modhnaithe a dhéanamh 

Cumas Aeróbach

Tar éis na tástála do Bhuanseasmhacht Mhatánach Logánta a chríochnú ní mór do gach ionduchtaí tástáil ar Chumas Aeróbach a dhéanamh ina gcaithfidh an t-ionduchtaí fad áirithe a rith laistigh d’am teoranta. Léiríonn na táblaí thíos na hamanna agus na faid éagsúla d’fhir agus do mhná.

Riachtanais Chumais Aerobach
FadUasmhéid Ama atá CeadaitheNótaí
Fear2.4 Km11 Min 40 SoicPas/Teip Tástála
Bean2.4Km13 Min 10 SoicPas/Teip Tástála

Clár Oiliúna

Tá bileog á chur ar fáil againn a chabhróidh le hiarrthóirí ionchasacha ina gcuid ullmhúcháin don tástáil aclaíochta.

Íoslódáil an Bileog Oiliúna (As Béarla) >>