Skip to main content

Rátaí Pá Óglaigh na hÉireann

Pá Nua Iontrálaithe - Daltaí

Rátaí Pá Daltaí

Daltaí - Aicme A - Scála Cúig Phointe le héifeacht ó 01/09/2019

PointePá Bun.
Ar Cheapacháin1€19,159
2€21,475
3€24,428
4€27,087
5€30,675

Pá Nua Iontrálaithe - Printíseacha / Earcaigh

PPC Scálaí Pá LRA2 in ndiaidh 01 Eanáir 2013

Céim EarcaíochtaPointele héifeacht ó 01/09/19
Príntíseach Pá Bun.
Ar liostáil1€297.04
Tar éis 1 bliana seirbhíse2€353.39
Tar éis 2 bliana seirbhíse3€462.40
Tar éis 3 bliana seirbhíse4€539.43

 

Saighdiúir Singil, Grád 1/Mairnéalach, Triú Grád
€409.18

 

Saighdiúir Singil, 2 Réalta/Mairnéalach, An Dara Grád
€479.13

 

Saighdiúir Singil, 3 Réalta/Mairnéalach, An Chéad Grád
1€540.55
2€540.55
3€540.55
4€642.90
5€665.59
6€684.30
7€698.61
8€707.01
9€746.44
10€746.44
11€746.44
12€746.44

Rátaí Reatha Pá

Na rátaí pá reatha do bhaill uile Óglaigh na hÉireann tá siad ar fáil trí láithreán gréasáin na Roinne Cosanta.

Rataí Pá >>

Téarmaí na Scéime Pinsin

Go ginearálta, iarrtar ar aon duine a chuireann tús le fostaíocht seirbhíse poiblí inphinsin an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh, a bheith ina bhall den Scéim Pinsean Seirbhíse Poiblí Aonair.  Chomh maith leis sin, baineann an Scéim seo le hiar-Sheirbhísigh Phoiblí atá ag filleadh ar fhostaíocht inphinsin sa tseirbhís phoiblí i ndiaidh níos mó ná 26 seachtaine, nó atá ag filleadh faoi chonradh fostaíochta eile.  Leagtar síos rialacha na Scéime Pinsin Aonair san Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012.
 
NÓTA: Baineann socruithe pinsin ceirde éagsúla le pearsanra a chuaigh isteach in Óglaigh na hÉireann (PDF) roimh an 1 Eanáir 2013. 

Scéim Pinsin Aonair – achoimre ar na príomhghnéithe do bhaill PDF
  • Scéim shochar shainithe na Seirbhíse Poiblí atá ann, bunaithe ar Mheántuillimh Ghairme
  • Tá sochair scoir – pinsean agus cnapshuim – bunaithe go príomha ar % de thuillimh inphinsin duine ar feadh a ghairme seirbhíse poiblí agus é ina bhall den Scéim Pinsin Aonair
  • Gach bliain, bailíonn tú suimeanna airgid ar bhonn mearfhabhraithe i leith shochair scoir do Scéime Pinsin Aonair.  Is é iomlán na méideanna seo ag am scoir, mar aon le roinnt coigeartuithe do mhéaduithe i mboilsciú le linn do ghairme sa tseirbhís phoiblí, a chinntear na sochair scoir a bheidh agat
  • Íocann baill PDF ranníocaíocht pinsin fostaí 7.5% óna dtuarastal i dtreo a gcuid sochar faoin Scéim [féach NÓTA 1 thíos]
  • Ní mór d'fhostaithe sa tseirbhís phoiblí Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreise a íoc freisin [féach Nóta 2 thíos]
  • Faoin Scéim, ní bhíonn sochair iníoctha láithreach ar dul ar scoir ón PDF ach amháin má fhónann tú go dtí an bhunaois scoir 50 bliain, agus go bhfuil an tréimhse dílseacháin 2 bhliain bainte amach agat. Is í an tréimhse dílseacháin an tréimhse íosta ama nach mór duit ranníocaíochtaí fostaí a íoc isteach sa Scéim Pinsin Aonair sula mbeidh tú incháilithe le haghaidh sochair scoir
  • Má chuireann tú deireadh le d'fhostaíocht le PDF roimh aois 50, agus má tá an tréimhse dílseacháin curtha i gcrích agat, is gnách go ndéantar do shochair scoir a iarchur go dtí an aois cháilitheach do Phinsean Ranníocach Stáit (CSP) ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. (Is í an aois atá i gceist maidir le haon duine a rugadh ó 1961 i leith ná 68)
  • Tá iontrálaithe nua sa tSeirbhís Phoiblí faoi réir árachais do ÁSPC iomlán. Tá pinsean scoir (ach ní pinsean cnapshuime) comhtháite le córas Árachais Shóisialta an Stáit [féach Nóta 3 thíos]
  • Níl aon chaidhp (teorainn) leis an achar ama inar féidir le baill sochair pinsin a fhorbairt faoin Scéim Pinsin Aonair.
  • Tá soláthar ann chun sochair scoir a íoc láithreach más rud é go ndeachthas ar scor go héigeantach ar fhorais liachta, agus do shochair maidir le bás a fháil i mbun seirbhíse (pinsin cleithiúnaigh agus cnapshuim báis).
  • I ndiaidh dul ar scor, ceanglaítear méaduithe sa Scéim Pinsin Aonair le boilsciú.
Nóta 1:

Tá an ranníocaíocht Scéime Aonair 7.5% comhdhéanta de:

  • Glanluach saothair 4.2% (ciallaíonn sé sin luach saothair lúide dhá oiread an ráta uasta de Phinsean Ranníocach Stáit atá iníoctha ó am go ham le duine nach bhfuil aon chleithiúnaigh aosaigh nó linbh acu), móide
  • luach saothair inphinsin 3.3%.
Nóta 2: 

Faoi réir roinnt tairseach díolúine áirithe, tá gach fostaí sa tseirbhís phoiblí atá i bhfostaíocht inphinsin – lena n-áirítear baill den PDF – faoi dhliteanas Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreise (ASC) a íoc ón 1 Eanáir 2019.  Tá sé sin éagsúil ó na gnáthranníocaíochtaí pinsin fostaí a luaitear i Nóta 1 thuas.  Ní thuilltear aon sochair bhreise faoin scéim phinsin mar thoradh ar an ASC.  Baineann sé le tuillimh inphinsin atá os cionn tairsí áirithe agus faoi bhandaí agus rátaí % éagsúla ag brath ar an scéim pinsin a bhaineann leis an mball.  Ón 1 Eanáir 2020, is mar seo a leanas na réimsí do bhandaí / rátaí ASC:

Gach fostaí sa tseirbhís phoiblí atá ina mbaill den Scéim Aonair

Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreise

 

An chéad €34,500 de thuillimh inphinsin –díolmhaithe

An chéad €25,500 eile @ 3.33%

Iarmhéid (€60,000 agus os a chionn) @ 3.5%

Nóta 3:

Tá iontrálaithe nua sa tSeirbhís Phoiblí faoi réir árachais do ÁSPC iomlán.  Mar gheall air sin, tá pinsin scoir na seirbhíse poiblí (nó pinsin chéile / páirtí sibhialta) faoi réir a bheith comhtháite le córas Árachais Shóisialta an Stáit de réir gnáthshocruithe Seirbhíse Poiblí. Ciallaíonn sé sin go nglactar teidlíocht duine ar an réimse sochar Leasa Shóisialaigh san áireamh (lena n-áirítear  Pinsean Ranníocach Stáit - CSP) nuair atá an méid pinsin scoir atá le híoc á ríomh.  I ndáil le scéim pinsin chomhtháite, féachtar ar CSP nó ar shochar Leasa Shóisialaigh ranníocach den chineál céanna mar chuid de phacáiste pinsin iomláin an fhostaí.  Faoi ghnáthshocruithe Seirbhíse Poiblí, bíonn feidhm leis an gcomhtháthú pinsin scoir seo leis an gcóras Árachais Shóisialta ón am nuair a thosaítear ag íoc an phinsin (nó pinsin chéile / páirtí sibhialta).  Ciallaíonn sé sin go ndéantar an pinsean scoir a choigeartú (laghdú) ón tús trí fhritháireamh Árachais Shóisialta Pinsean Stáit, beag beann ar cibé an bhfuil aois an Phinsin Ranníocaigh Stáit (66-68) sroichte ag an duine.  Tá feidhm le comhtháthú i leith pinsean scoir agus ranníocaíochtaí pinsin fostaí, ach níl i leith na cnapshuime scoir.

Eolas Breise:

Tá nóta eolais do bhaill PDF maidir leis an Scéim Pinsin Aonair ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Cosanta ag https://www.gov.ie/en/collection/2a3969-pension-schemes/ Tá tuilleadh eolais ghinearálta maidir leis an Scéim Pinsin Aonair le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag https://singlepensionscheme.gov.ie/for-members/