Skip to main content

Cad is Dalta Ordanáis san Airm?

I mí Bealtaine 1922 a cuireadh Cór Ordanáis an Airm ar bun mar aonad faoi leith.  Tá ról oibriúcháin agus ról lóistíochta leis an gCór Ordanáis taobh istigh d'Óglaigh na hÉireann.   Baineann an ról lóistíochta le cúnamh taca teicniúil a chur ar fáil maidir leis an uile mhír Ordanáis a Sholáthar, a Stóráil, a Dháileadh, a Scrúdú, a Chothabháil, a Dheisiú agus a Dhiúscairt.

Is liosta forleitheadach an liosta iomlán den trealamh a úsáidtear in Óglaigh na hÉireann a bhaineann le hordanás ach áirítear ar an trealamh sin, Lón Lámhaigh, Trealamh Braite & Cosanta CBRN, Pléascáin, Pubaill, Trealamh Amharc Oíche & Sócmhainní Íomhánna Teirmeacha, Éadach, Cosaint Armúir, Róbataic, Airm Throma agus Éadroma, Túiríní & Seastáin Feistithe, Armáil Cabhlaigh, Airnéis Lámhachrialaithe, Trealamh Lónadóireachta Machaire agus Córais Comhraic Oirbheartaíochta & Ionsamhlúcháin.

Is é an Cór Ordanáis freisin a chuireann an t-aon seirbhís sa stát maidir le Diúscairt Ordanáis Pléascaigh ar fáil i gCabhair ar an gCumhacht Shibhialta agus a dhéanann maoirseacht maidir le Bearta in aghaidh Feistí Pléascaigh Seiftithe a thabhairt chun cinn san eagraíocht.

An Dalta Ordanáis

Téann an Dalta Ordanáis faoin gcúrsa céanna oiliúna le Daltaí Airm faoi mar a leagtar amach thuas.  Ar Dhaltas Ordanáis a chríochnú go sásúil, beidh an Dalta incháilithe le ceapadh ina (h)Oifigeach Coimisiúnta i gcéim Leifteanaint, ar phá Ráta 2, sa Chór Ordanáis.

Ar a c(h)eapadh sa Chór Ordanáis, bítear ag súil go ndéanfaidh Oifigeach Ordanáis Cúrsa Oifigeach Óg tuairim is 12-15 mí sa Scoil Ordanáis, Campa an Churraigh, a chríochnú go sásúil.  Le linn a ré gairme, beidh deis ag an Oifigeach Ordanáis freisin Céim Mháistreachta (Leibhéal 9 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a dhéanamh i réimse a mbíonn leas ag an eagraíocht as.

An tOifigeach Ordanáis nach gcríochnaíonn an Cúrsaí Oifigeach Óg, déanfar an tOifigeach sin a cheapadh i gCeapachán Oifigigh Líne, taobh amuigh den Chór Ordanáis agus ar ais ar phá Ráta 1 ar mholadh ón Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht).

Íoslódáil na Téarmaí & Coinníollacha (Dalta 2019) (As Béarla PDF 1 Mb)

Cáilíochtaí - Arm (Cór Ordanáis)

Íoslódáil an Íosriachtanais Oideachais Bhróisiúr