Seirbhísí Andúile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) | 
| Seirbhísí atá ar fáil | Mionsonraí Teagmhála | 
| Tugann Seirbhísí Andúile FSS tacaíocht maidir le raon comhtháite seirbhísí coisctheacha, teiripeacha agus athshlánúcháin a sholáthar d’fhonn freastal ar riachtanais sláinte agus cúraim shóisialta ár gcuid úsáideoirí seirbhíse, rud a dhéantar ar mhodh cuntasach, sorochtana agus cothrom. | Líne Chabhrach maidir le Drugaí agus Alcól: 1800 459 459 Idirlíon: www.drugs.ie | 
Alcoholics Anonymous/Alcólaigh Gan Ainm | 
| Comhlacht fear agus ban is ea é Alcólaigh Gan Ainm agus comhroinneann siad a gcuid eispéireas, a neart agus a ndóchas lena chéile agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach dá gcomhfhadhb agus cabhrú le daoine eile an t-alcólachas a chur díobh. | Idirlíon:www.alcoholicsanonymous.ie   | 
Al-Anon | 
| Tairgeann Al-Anon tuiscint agus tacaíochta do theaghlaigh agus do chairde daoine a bhfuil fadhb óil acu i dtimpeallacht anaithnid, cibé acu atá, nó nach bhfuil, an t-alcólach ag ól fós. | Ionad Eolais Al-anon  Seomra 5,  5 Sráid Chéipil,  Baile Átha Cliath 1  Éire  Uaire Oscailte: 10.30 am - 2.30pm Mon - Fri  Fón : ++353 1 8732699  Ríomhphost : info@al-anon-ireland.org | 
Alateen | 
| Comhlacht de chuid Al-Anon is ea é Alateen agus is seirbhís do dhaoine óga í san aoisghrúpa 12 - 17 go huile, ar daoine óga iad atá ag iarraidh déileáil le duine ag a bhfuil fadhb óil. | Chun teacht ar eolas faoi Al-Anon/Alateen i gContae Chorcaí, déan teagmháil le:  Bosca Poist 55  An Tóchar,  Corcaigh Fón : ++ 353 21 4311899 | 
Gamblers Anonymous/Cearrbhaigh Gan Ainm | 
| Comhlacht fear agus ban (G.A.) is ea é Cearrbhaigh Gan Ainm agus comhroinneann siad a gcuid eispéireas, a neart agus a ndóchas lena chéile agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach dá gcomhfhadhb agus cabhrú le daoine eile an cearrbhachas a chur díobh. Is é an t-aon cheanglas amháin i leith ballraíochta ná fonn ar dhuine éirí as an gcearrbhachas. | Baile Átha Cliath: 01-8721133   Corcaigh: 087-2859552  Gaillimh: 086-3494450  Tiobraid Árann: 085-7831045  Port Láirge: 087-1850294  Port Láirge: 086-2683538 Idirlíon: www.gamblersanonymous.ie Ríomhphost: info@gamblersanonymous.ie | 
Narcotics Anonymous/Támhshuanaigh Gan Ainm | 
| Is comhlacht neamhbhrabúis fear agus ban é Támhshuanaigh Gan Ainm (NA) agus baineann sé le daoine a bhfuil drugaí tar éis teacht chun bheith ina mórfhadhb dóibh. Is andúiligh sinn atá ag téarnamh agus tagaimid le chéile go tráthrialta chun cabhrú lena chéile staonadh ó dhrugaí a úsáid. | Irish Region of Narcotics Anonymous  Narcotics Anonymous Ireland,  29 Sráid Bhríde,  Baile Átha Cliath 8. Teil: +353 (0)1-6728000 (líne eolais amháin) Idirlíon: www.na-ireland.org  Ríomhphost: info@na-ireland.org |